Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aisling na Binne Buirbe

Title
Aisling na Binne Buirbe
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1679
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1943)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AISLING NA BINNE BUIRBE



EÓGHAN Ó DONNAOILE CC.



Tuirseach dhamh ag éirghe lae,
san mBinn Bhuirb mo ghné do mhill
aisling oidhche do-chonnairc mé -
'táim dá héis go tréathlag tinn.



Aoinbhean dob áille gné
do-chonnairc mé misde dhúinn!
ar bruach innbhir na n-éigne mbán
ag nighe a lámh 's ag cornadh a cúil.



Folt dualach coinnleach cam,
gach lúb ann ar lí an óir,
gruadh lígheal ó ndeallruigheann grian
do chlaoi mo chiall, - fáth mo bhróin!



Dhá rosg shuaimhneach shíthe sháimh
mar an ghormoighre ag snámh ré taobh,
mailghe caolchama nach léir,
mar sgríb ghéir ar mheamram mhaoth.



Déad dlúith fá deas eagra,
cíocha ganna cruinngheal corr,
a béal tana nár char meang,
a taobh seang tuinngheal trom.



Brat uaine don tsról mhaothlag
'ma taobh séaghainn sneachta seang;
fá lór d'uamhan a fhéachain
ó gach deilbh n-uathmhair mbeathadhach ann.



Ceinnbheirt, 's ní fhidir a déanamh,
'ma céibh n-áluinn ndualaigh nduinn;
fá lór do shoillsi i mbrugh dhorcha
lonnradh a cloch corrghlan cruinn.


L. 113


Sgabal suaithnidh fiodhach fann
gomadh léir 'na hucht gan fhuath;
léine 'ma cneas síothghlan séimhe
do chlúimh géise ar n-a nighe go nuadh.



Gabhaim ionganadh, druidim ré,
fiafruighim féin go faiteach fann:
h'ainm bunaidh, do thír dhúthchais
foillsigh dhúinn, a mhéar-lag mhall.



Faoileann Tuinne m'ainm baisdidh,
do-bheir gaisgidhigh i ndíth céille;
Borb na Binne m'athairsi,
'sí mo mháthair Deallradh Gréine.



Bím seal san mBinn Bhuirbsi,
i Síth Dhuilbh 's i mBinn Éadair,
i nDún Lir do-gheibhim fáilte
is bím lá i nInbhior Sgéine.



Bím lá i cCnoc Máine,
cnoc sin is áille tuairim,
bím lá lán dá n-annsacht
i measg bhantracht Eamhna uaine.



Bím lá i mBrugh Naoisi
ga mbíodh críocha fá chánaidh,
bím seal go sámhghlan socair
astigh i nDún Eochair Mháighe.



Níl dúnadh nuaghlan niamhdha
fá iathaibh fiadhghlana Fionntain
ná brugh soillseach suaithnidh
nach ccuartuighim seal dom aimsir.



Ag sin duitsi mo sgéala,
ní aimsighim bréaga d'innisin,
bím seal fós go meadhrach
i dteaghlach aonaigh Thailtean.


L. 114


Tug sinne, a dhearc mhálla,
tar mhnáibh na talmhan truime
dod chéibh choinnligh chuachaigh
tromghrádh suaithnidh suirghe.



San ghrádh sin ní bhfuil tádhbhacht,
gidh hádhmhar imrir cleasa,
ní bhiadh sinne ag fear dá óige
acht an fear fhóirfeas ar ngeasa.



Do gheasa leatsa sloinntear,
réa n-innisin ná gabh uamhan
d'fhios an ttiocfadh uair éigin
rérbh fhéidir linn a bhfuasgladh.



Codladh ar corr gach liosa
gan cliseadh ré sluaghaibh diamhra,
do bhiadh fós uisge is caora
uadh gach n-oidhche go ceann bliadhna.



Gidh bé fear seangghlan séadach
dhéanas a nochtaim dhíbhse,
biaidh misi ó cheann na bliadhna
aige gan siabhradh síthe.



d'éis an chomhráidh bhéilbhinn
ní fhéadaim codladh sáimhe,
's 'táim mar sin dá tóraidheacht,
mo dhóigh, lé trí ráithe.



Ó ar ngrádh ádhbhal uaibhreach
dá gruaidhibh corcra coinnleach,
gan suan gan codladh sáimhe,
atáim go támhlag tuirseach.



Tuirseach.


L. 116


B 1772-78ls 18D
U Brian Ó Fearghail
A cCnoc Sgiotháin an bhuaidhin uaisil
ag amharc cúanta Loch Rí;
a mbár na bhfíadhbhiodh bhfíorárd torrach
bá mhinic mé dom bhoga ré gaoith.



Seal dom shaoghal a mullach amhairc,
a Mullach Maisdion 's a Ráth Crúachan;
seal go súgach a Ráth Chummain
's a gCill Mhitháin na meas currtha.



A Ráth Treadh ba mhinic me',
is i cCéis Chuirrionn na seansgéul,
a cCoill Ghairbh na bhfiadh rúadh
's a nDruim Alga na mórshluadh.



Seal dom aimsir a cCnoc Bréigh
's ar Shliabh na mBann na ndeaghlaoch;
air Shliabh Carn ba mhinic mo shiodh,
is go minnic air Charn árd Chlann Aodha.



Air Shliabh Dhamh a measg cháith
's ar Shliabh an Íaruinn go sonnradhach;
a cCnoc Barruinn na slógh lán
is a cCnoc breadh Aisde gan milleán.


L. 117


A Síghtig air Shlíabh an Fhrioth
gan fasgadh ná díon ó aonghaoith;
air Shlíabh Fuaid ag imirt ghrinn
's a' taisdiol na tíre timcheall.



Bímsi seal a Lag na Cuille,
i Stuagh Laighion 's a mBearnán Éile;
seal beag eile a Ráth na cCupán,
i mBaile an tSrutháin 's a cCnoc Fréimhe.



A cCnoc Farra 's ar Shliabh Miss
a measg na maoineach beulmhilis;
is minic mo ruathar go Fánoid siar
's go Sliabh Luachra na ndeaghchliar.



Chaith mé seal i cCruachain Chuinn
agas an gach síth a nÉirinn;
shiubhail mé thort an domhan fó thrí -
cuid do ma sceul i ndeaghlaoidh.
Air dheireadh an chomhrádh bheulbhinn
do chan an mheurlag bhlasda
air fheuchain ar ailtibh an chuain ghil
do éalluidh bhuaimsi an bhean sin.



Ó dhún go dún da hiarraidh
mo bheatha is diamhair cráitigh
agus táim mar sin dá tóriachd
mo dhóith le míth is trí ráithe.



ÉAMONN Ó TUATHAIL.
Trinity College, Dublin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services