Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Congantóirí Sheán Uí Dhálaigh
Title
Congantóirí Sheán Uí Dhálaigh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1726
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1940)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"Aig seo uinead adhlaca an Athar Eoghain Uí Chaoimh, dfhuig treimhse da aimsir pósta, et déis bás a mhná do ghlac grá coisirice. Oir bo dhuine gaosmhur geanmnaidhe, agus file fioreolach foghlamtha a tteanga a shean agus a sheinsir é. Gur ab amhla so do cuireadh an sgriobhainn
neamh-choitchean so os a cheann. Agus as doilbh do Óigibh na Mumhan é, agus fós da Cléir. Óir as iomdha leabhar leir-sgríobhtha agus litir agus laoi da shaothur le'n fheicsin an Éirinn aniugh." AN FEARTLAOI Sin agad, a líog, mo dhíth fád thaobh go lag Sagart bo chaoin a ndlighe Mhic Dé sbo bheacht Faruire groidhe d'fhuil Chaoimh bo thréine a ttreas Fear seanachuis fíor do sgríobh ar Ghaodhalaibh seal.
A Uí Chaoimh mo thrí mhíle slán lead, A shíoguidhe do ríghchraoibh na Spáinne, A leógain do mhórshliocht na n-ársadh, Agus na fuirinne nárbh urramach dá námhaid. "Gráin mhairbh ort, a Bhanaba na mbuidhe ndlaoi nduail."
A SHEAGHÁIN UÍ DHÁLA Sé gnó an tSamhura faoi dheara dham fad ó náir sgríobhus chughad, 'fharuire dhil bharramhuil, mo ghlórtha baois; Mo bhrón deacurach, a chara, agus a ghrein mo chroidhe, mar d'fhág "bleachtuire na caschille" mo cheir gan chrích. Glaodhann m'athair chugham go feargach, 's an spéir go trom, Agus é bagarthach a tteanga bhrisde an bhéarla leam; Deir sé: "Hurry on and gather up your papers now, The day is promising, come tackle and prepare your plough."
Mo chreach is mo mhéala an Ghaedhilg chaoin ar feódh, Is glafuirneach Béarla faoi réim nár chuibhdhe dar ndóigh; Go bhfeiceadsa an tséan-ghuth ghaosmhar bhinn gan smól Is gach file is mac léighinn dá réir ag ríomh a sgeól. Micheál Mhc Carrtha. "MAMMA, AM I A REPEALER." From "The Spirit of the Nation" Ag seinnim duit dánta chun suain, a mhic, S ag luadh briartha ceana in do chluasa, a mhic, Do shaogal gan mheall Gur cuireadh i ngeall 'S i ngleódh riamh let athair dob annsa, a mhic. Ní shéanfaidh do mháthair go bráth tu, a mhic, Mar sholus a dearca seadh grádhann tu, a mhic, Má mhóidis i gcúisibh Reachtaibh do dhúithche An misneach do fuairis ó'n Ard-rígh, a mhic,
Bheith flaitheamhail fearamhail árd, a mhic, Sé a paidir 's a machtnamh gach tráth, a mhic, Go bhfuaraidh an croidhe seo Sala bhfeiceadh sí (choidhche) I gcleasaibh na Sacson tu i bpáirt, a mhic. Ag seinnim duit ranna na saoirse, a mhic, Do thug sí dhuit póga 'na mílte, a mhic, Bíodh séala gach póige Id leaca mar mhóid Chun catha i n-aghaidh curtha na daoirse, a mhic. Och! Péarla na mara má bhíonn, a mhic, Ag Gaedhlaibh mar bhaile 'na saoirse, a mhic, 'Na brollach gan ghruaim Nach séanmhar a suan Is SAOIRSE agus tusa chun dín di, a mhic. "THE DEAR IRISH BOY" Tá gruadha mo Chonchubhair dhil dathamhail mar an mhaidin, 'S an péarla dá áille go sáruigheann a dhéid; A bhraoithe (is) mín mánta 's a úrla órnáilthe, Sé a chúl cas, líon Chúpid, fár bhrúcht bláth na gcraobh. an cur fé: Gealgháireach meangráidhteach, le gáirdeachas grádhmhar, Ag síorthabhairt ár gcúrsa thar ciumhsaibh an tsléibhe; Ag déanamh aoibhnis dá chéile go síoch sultmhar aerach, 'S me ag éisteacht le bréithre mo ghaedheal-bhuachaill féin.
Ní luaithe an fiadh ruadh 'ná é ar cuaird tar na maolchnuic, 'S ní dána fear léanuighthe ag géarghoin san ár; Mear meanmnach méinneamhail, chomh geal leis an gcaoltsruth Searc dlúithte 'na shúle, seo ar siubhal é le Márs. Cur fé. Is dubhach dubh gach nóta i gceól binn na huiseóige, Tá an ceann cuit go gnóthach ag dóbairt mo shuain; 'S me ag taisdeal im eónar ar sgáth na hiarnóna, 'S go bhfillidh mo ghrádh geal bead gnáthach faoi ghruaim. Cur fé. Táid na tíortha síothchánta, 'sníl a thigheacht chugham, mo láinchreach, 'S is baoghal liom go ndéarnadh plot spleadhchais 'na thí, Nó, tá sé le sárbhruigheal éigin rannpháirteach Is d'fhág mise cráidhte cúmhach cásmhar 'na dhíth. Cur fé. DO CHUM SAOI NA SUADH, eadhon SEAGHÁN Ó DÁLA, etc. A shéimhfhir chneasta 's a chara na bhfíor éigse, Géadh ní dá thagairt le bladar gur díobh mé-se, Acht d'éis dam sleachtmhain chun acmhuing bhur gcuinn léigheanta, Óch, aontuigh aire do thabhairt don bhaois-raon so. Dámadh cuibhe libh mise ag cnuas dréachta Nó ag cur toimhse le laoithibh nó a leabhar-aoghaireacht, Nó chun leabhraibh seanda do nua-dhéanamh, Is eól dam grafadh le maise gan muair-éileamh.
Do gheóbhair mar thaca lem acmhuing-se fíor-chléireach, Aoghaire is eagailseach cneasta dom shloinn féineach, Tá le fada sa mbaile seo Mhistéala Faoi cháil na n-aspol ag teagasc na suí-scéala. AN CEANGAL A fharaire shéimh do phréamhfhuil Mhíle mhóir, 'S a dhalta na béithe maordha, gaoismhur cóir, An charthannacht déin, mar a léighis san scríbhinn romhat, Is beidh beannacht Mhic Dé agat féin mar dhíol go deo. Críoch. Micheal Mhc. Cártha cecinit. Do chum an ollamhan uigeamhail omósach iodhan, Seaghán sochma soineanta, saoitheamhail, soilbh, saor-uasal Ó Dála, Aon do chosa cosantacha na n-éigse; rúnuidhe, agus cúil sith-chabharthach "choimhthionóil seanchusa agus foghlama Éireann," I mBaile Átha Cliath.
Tá an baoth-lacht so toirbheartha lena sheirbhíseach buidheach beannachtach biothbhuan go bás, iodhan MICHEÁL MHC. CARRTHA, i ndoire na n-ubhall idir bhaile mhistéala agus bhaile moriscsal; air maidin go much Dia Domhna, an XXIV lá dho Bheiltine, Aois ár Slánaghthóra M.DCCC.XL.VI.
Dhon tsaorshliocht mhuirearach mise, nár león na hÚird, Gé'r mhór a ngustal a gcumas 's a gcomhacht i gcúirt, d'fhás i nDoire, 'nur mhinic ar ghéag an t-Ubhall, Láimh le hionad geal suidhte Mhistéil dhil chlúmhail. Mo dhochar mo chine gur cuireadh gan tréad gan tuath, S i gcogadh ba mhinic ag tuilleamh 's ag éileamh buadh, Ag cosaint go cumasach dlighthe na naomh gach uair 'S ag coscairt 's ag ciorrabhadh fuireann an Bhéarla mhuair.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services