Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Congantóirí Sheán Uí Dhálaigh

Title
Congantóirí Sheán Uí Dhálaigh
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1726
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1940)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


"Aig seo uinead adhlaca an Athar Eoghain Uí Chaoimh,
dfhuig treimhse da aimsir pósta, et déis bás a mhná do
ghlac grá coisirice. Oir bo dhuine gaosmhur geanmnaidhe,
agus file fioreolach foghlamtha a tteanga a shean agus a
sheinsir é. Gur ab amhla so do cuireadh an sgriobhainn


L. 217


neamh-choitchean so os a cheann. Agus as doilbh do Óigibh
na Mumhan é, agus fós da Cléir. Óir as iomdha leabhar
leir-sgríobhtha agus litir agus laoi da shaothur le'n fheicsin an
Éirinn aniugh."
AN FEARTLAOI



Sin agad, a líog, mo dhíth fád thaobh go lag
Sagart bo chaoin a ndlighe Mhic Dé sbo bheacht
Faruire groidhe d'fhuil Chaoimh bo thréine a ttreas
Fear seanachuis fíor do sgríobh ar Ghaodhalaibh seal.




A Uí Chaoimh mo thrí mhíle slán lead,
A shíoguidhe do ríghchraoibh na Spáinne,
A leógain do mhórshliocht na n-ársadh,
Agus na fuirinne nárbh urramach dá námhaid.




"Gráin mhairbh ort, a Bhanaba na mbuidhe ndlaoi nduail."


L. 218



A SHEAGHÁIN UÍ DHÁLA



Sé gnó an tSamhura faoi dheara dham fad ó náir sgríobhus
chughad, 'fharuire dhil bharramhuil, mo ghlórtha baois;
Mo bhrón deacurach, a chara, agus a ghrein mo chroidhe,
mar d'fhág "bleachtuire na caschille" mo cheir gan chrích.



Glaodhann m'athair chugham go feargach, 's an spéir go trom,
Agus é bagarthach a tteanga bhrisde an bhéarla leam;
Deir sé: "Hurry on and gather up your papers now,
The day is promising, come tackle and prepare your plough."


L. 219


Mo chreach is mo mhéala an Ghaedhilg chaoin ar feódh,
Is glafuirneach Béarla faoi réim nár chuibhdhe dar ndóigh;
Go bhfeiceadsa an tséan-ghuth ghaosmhar bhinn gan smól
Is gach file is mac léighinn dá réir ag ríomh a sgeól.



Micheál Mhc Carrtha.



"MAMMA, AM I A REPEALER."
From "The Spirit of the Nation"



Ag seinnim duit dánta chun suain, a mhic,
S ag luadh briartha ceana in do chluasa, a mhic,
Do shaogal gan mheall
Gur cuireadh i ngeall
'S i ngleódh riamh let athair dob annsa, a mhic.



Ní shéanfaidh do mháthair go bráth tu, a mhic,
Mar sholus a dearca seadh grádhann tu, a mhic,
Má mhóidis i gcúisibh
Reachtaibh do dhúithche
An misneach do fuairis ó'n Ard-rígh, a mhic,


L. 220


Bheith flaitheamhail fearamhail árd, a mhic,
Sé a paidir 's a machtnamh gach tráth, a mhic,
Go bhfuaraidh an croidhe seo
Sala bhfeiceadh sí (choidhche)
I gcleasaibh na Sacson tu i bpáirt, a mhic.



Ag seinnim duit ranna na saoirse, a mhic,
Do thug sí dhuit póga 'na mílte, a mhic,
Bíodh séala gach póige
Id leaca mar mhóid
Chun catha i n-aghaidh curtha na daoirse, a mhic.



Och! Péarla na mara má bhíonn, a mhic,
Ag Gaedhlaibh mar bhaile 'na saoirse, a mhic,
'Na brollach gan ghruaim
Nach séanmhar a suan
Is SAOIRSE agus tusa chun dín di, a mhic.



"THE DEAR IRISH BOY"



Tá gruadha mo Chonchubhair dhil dathamhail mar an mhaidin,
'S an péarla dá áille go sáruigheann a dhéid;
A bhraoithe (is) mín mánta 's a úrla órnáilthe,
Sé a chúl cas, líon Chúpid, fár bhrúcht bláth na gcraobh.



an cur fé:



Gealgháireach meangráidhteach, le gáirdeachas grádhmhar,
Ag síorthabhairt ár gcúrsa thar ciumhsaibh an tsléibhe;
Ag déanamh aoibhnis dá chéile go síoch sultmhar aerach,
'S me ag éisteacht le bréithre mo ghaedheal-bhuachaill féin.


L. 221


Ní luaithe an fiadh ruadh 'ná é ar cuaird tar na maolchnuic,
'S ní dána fear léanuighthe ag géarghoin san ár;
Mear meanmnach méinneamhail, chomh geal leis an gcaoltsruth
Searc dlúithte 'na shúle, seo ar siubhal é le Márs.



Cur fé.



Is dubhach dubh gach nóta i gceól binn na huiseóige,
Tá an ceann cuit go gnóthach ag dóbairt mo shuain;
'S me ag taisdeal im eónar ar sgáth na hiarnóna,
'S go bhfillidh mo ghrádh geal bead gnáthach faoi ghruaim.



Cur fé.



Táid na tíortha síothchánta, 'sníl a thigheacht chugham, mo
láinchreach,
'S is baoghal liom go ndéarnadh plot spleadhchais 'na thí,
Nó, tá sé le sárbhruigheal éigin rannpháirteach
Is d'fhág mise cráidhte cúmhach cásmhar 'na dhíth.



Cur fé.




DO CHUM SAOI NA SUADH,
eadhon
SEAGHÁN Ó DÁLA, etc.



A shéimhfhir chneasta 's a chara na bhfíor éigse,
Géadh ní dá thagairt le bladar gur díobh mé-se,
Acht d'éis dam sleachtmhain chun acmhuing bhur gcuinn léigheanta,
Óch, aontuigh aire do thabhairt don bhaois-raon so.



Dámadh cuibhe libh mise ag cnuas dréachta
Nó ag cur toimhse le laoithibh nó a leabhar-aoghaireacht,
Nó chun leabhraibh seanda do nua-dhéanamh,
Is eól dam grafadh le maise gan muair-éileamh.


L. 222


Do gheóbhair mar thaca lem acmhuing-se fíor-chléireach,
Aoghaire is eagailseach cneasta dom shloinn féineach,
Tá le fada sa mbaile seo Mhistéala
Faoi cháil na n-aspol ag teagasc na suí-scéala.



AN CEANGAL
A fharaire shéimh do phréamhfhuil Mhíle mhóir,
'S a dhalta na béithe maordha, gaoismhur cóir,
An charthannacht déin, mar a léighis san scríbhinn romhat,
Is beidh beannacht Mhic Dé agat féin mar dhíol go deo.



Críoch.



Micheal Mhc. Cártha cecinit.




Do chum an ollamhan uigeamhail omósach iodhan,
Seaghán sochma soineanta, saoitheamhail,
soilbh, saor-uasal Ó Dála,
Aon do chosa cosantacha na n-éigse;
rúnuidhe, agus cúil sith-chabharthach "choimhthionóil
seanchusa agus foghlama Éireann,"
I mBaile Átha Cliath.




Tá an baoth-lacht so toirbheartha lena sheirbhíseach
buidheach beannachtach biothbhuan go bás,
iodhan
MICHEÁL MHC. CARRTHA,
i ndoire na n-ubhall idir bhaile mhistéala
agus bhaile moriscsal; air maidin go much
Dia Domhna, an XXIV lá dho Bheiltine, Aois
ár Slánaghthóra M.DCCC.XL.VI.


L. 223


Dhon tsaorshliocht mhuirearach mise, nár león na hÚird,
Gé'r mhór a ngustal a gcumas 's a gcomhacht i gcúirt,
d'fhás i nDoire, 'nur mhinic ar ghéag an t-Ubhall,
Láimh le hionad geal suidhte Mhistéil dhil chlúmhail.



Mo dhochar mo chine gur cuireadh gan tréad gan tuath,
S i gcogadh ba mhinic ag tuilleamh 's ag éileamh buadh,
Ag cosaint go cumasach dlighthe na naomh gach uair
'S ag coscairt 's ag ciorrabhadh fuireann an Bhéarla mhuair.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services