Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Carraig Seac
Title
Carraig Seac
Compiler/Editor
Breatnach, R.A.
Composition Date
1864
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1939)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Carraig Seac Leagan Í Dhuinn I Is fada thá deachmhadhthe a cealg air Gaoidhil bhochd Cé gur crochaig na céadtha, dhá deasga, gan adhbhar Ó'n am an ar ceapaig an bheatha air a ccléir úd Nar dh-orduig Mac Dé dho aoin'e dá sóirt Bo árd e rathmus a ngreadam faoi réim Air eachinúighe caol donna a triall ar gach spoirt No gur thárlaidh leó an tarbh air Thalamh Cill-céise A leageach na méith-phuic dhá bh'fuigheach dul na góir.
II A G-Cill céise tá'n tarbh is as fada é dhá dh-aodhaireacht Is dhá n-geabhdis go réidh tharis go léigeadh sé dhóibh, Achd gur shaoil sé gur leagaig air aicid ó's na spéartha Núair a conairc sé na geúr-chuin a tarruint na chómhair Bhuailadear cluig is phreabdar Gaoidhil bhochd Raibh o Bhaile-Thael go Carraig a Tná Is dhá m-beidheansa air a bhfaithe raibh an trasgradh dhá dhéana Bheidheach fios an mo bhearsa dean fear dióbh a bfeár - III Beidh Parliament feasda aigi O'Connuill a n-Éireann Caithfis na tréan phuic so geille dhá ghlór, Leagtha sé fearannta fairseang air Ghaodhluibh Is cuiris sliocht Éibhir o'n rael go di an cróin Beidheas aigi Hamilton trasgaire créidhmeach A Theampoill dá raoba le t-saor thoil dá namhuid Is gach peeler búidhe smeartha thug anam o'n sgléip léis Ni ria's go Cill-céise déan aer ann go deó. IV Cuadh sgéal air a m-búaileadh thar na tonntha taosgach Go Talamh-an-eisg agus go sagsona núadh Gur oidaoig an aicme bhí creachadh na Gaodhaluibh Is ná tuguidhe ionntaobh le h-aon díobh níos bhus mó Eirigúidhe bhur seasamh agus nocdaguidhe bhur cloidheamh Beidheach prisuín dá raoba agus geúr-gluis ar lúth Agus scaoilagúidhe a bhaile fearaibh Cill-céise Agus ná ligúidhe aon aon diobh a dhaora annsa Cúirt. V Léighthead díobh feasda Barracks na méirluig Cillúireach a th-aon díobh is Leacht-breac a dó Bearnagaoithe is Ceanannas aidhearach Agus Callain an aonach mar a mbheidheach aca spoírt Cill-mágh-gheanna agus Baile-an-phoill cúmhra Baile-thigúinn agus moincoin na ndeóig Is a G-carraigín Seac bhual codla gan dúsacht Aicme so Luther is ni bron linn a gleódh.
VI Beidh Baile-an-phoill feasda a n-easba gan adhmuid O cuireag an méirleach do'n t-saogal so go deó Le na thuatúidhe gealla a gheáreach go faobharach Achd geallamsa gur maolaig na h-airm sa gleó Aon'e 'gaibh feasda ná tuigean cruadh gaoileag Cuirid sa a g-céil díbh brígh eifeacht mo sgeól Le athrughad na teanga agus casadh ar a mbearla Gur Hatchets a ghlaodhfuin gan bhréig air mo namhuid. VII In ar dtánig do bhuachailúige bána agus uaithne O aimsir Rígh Seamus nír ghéillis dá nglór Gur chúala me an trasgart a thugag do'n Major Agus Flaitheas Mhic Dé go bh-fúighe Seaghan an buailteór Bhí Baxter ann sínte Priscott agus Egáin Is fear na citations a tréigan a t-snúadh Buds a cináire gur sáthaig é le Bayonet Is le athas na sgéile bí maoidne ag-óil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services