Carraig Seac
Leagan Í Dhuinn
I
Is fada thá deachmhadhthe a cealg air Gaoidhil bhochd
Cé gur crochaig na céadtha, dhá deasga, gan adhbhar
Ó'n am an ar ceapaig an bheatha air a ccléir úd
Nar dh-orduig Mac Dé dho aoin'e dá sóirt
Bo árd e rathmus a ngreadam faoi réim
Air eachinúighe caol donna a triall ar gach spoirt
No gur thárlaidh leó an tarbh air Thalamh Cill-céise
A leageach na méith-phuic dhá bh'fuigheach dul na góir.
II
A G-Cill céise tá'n tarbh is as fada é dhá dh-aodhaireacht
Is dhá n-geabhdis go réidh tharis go léigeadh sé dhóibh,
Achd gur shaoil sé gur leagaig air aicid ó's na spéartha
Núair a conairc sé na geúr-chuin a tarruint na chómhair
Bhuailadear cluig is phreabdar Gaoidhil bhochd
Raibh o Bhaile-Thael go Carraig a Tná
Is dhá m-beidheansa air a bhfaithe raibh an trasgradh dhá dhéana
Bheidheach fios an mo bhearsa dean fear dióbh a bfeár -
III
Beidh Parliament feasda aigi O'Connuill a n-Éireann
Caithfis na tréan phuic so geille dhá ghlór,
Leagtha sé fearannta fairseang air Ghaodhluibh
Is cuiris sliocht Éibhir o'n rael go di an cróin
Beidheas aigi Hamilton trasgaire créidhmeach
A Theampoill dá raoba le t-saor thoil dá namhuid
Is gach peeler búidhe smeartha thug anam o'n sgléip léis
Ni ria's go Cill-céise déan aer ann go deó.
IV
Cuadh sgéal air a m-búaileadh thar na tonntha taosgach
Go Talamh-an-eisg agus go sagsona núadh
Gur oidaoig an aicme bhí creachadh na Gaodhaluibh
Is ná tuguidhe ionntaobh le h-aon díobh níos bhus mó
Eirigúidhe bhur seasamh agus nocdaguidhe bhur cloidheamh
Beidheach prisuín dá raoba agus geúr-gluis ar lúth
Agus scaoilagúidhe a bhaile fearaibh Cill-céise
Agus ná ligúidhe aon aon diobh a dhaora annsa Cúirt.
V
Léighthead díobh feasda Barracks na méirluig
Cillúireach a th-aon díobh is Leacht-breac a dó
Bearnagaoithe is Ceanannas aidhearach
Agus Callain an aonach mar a mbheidheach aca spoírt
Cill-mágh-gheanna agus Baile-an-phoill cúmhra
Baile-thigúinn agus moincoin na ndeóig
Is a G-carraigín Seac bhual codla gan dúsacht
Aicme so Luther is ni bron linn a gleódh.
VI
Beidh Baile-an-phoill feasda a n-easba gan adhmuid
O cuireag an méirleach do'n t-saogal so go deó
Le na thuatúidhe gealla a gheáreach go faobharach
Achd geallamsa gur maolaig na h-airm sa gleó
Aon'e 'gaibh feasda ná tuigean cruadh gaoileag
Cuirid sa a g-céil díbh brígh eifeacht mo sgeól
Le athrughad na teanga agus casadh ar a mbearla
Gur Hatchets a ghlaodhfuin gan bhréig air mo namhuid.
VII
In ar dtánig do bhuachailúige bána agus uaithne
O aimsir Rígh Seamus nír ghéillis dá nglór
Gur chúala me an trasgart a thugag do'n Major
Agus Flaitheas Mhic Dé go bh-fúighe Seaghan an buailteór
Bhí Baxter ann sínte Priscott agus Egáin
Is fear na citations a tréigan a t-snúadh
Buds a cináire gur sáthaig é le Bayonet
Is le athas na sgéile bí maoidne ag-óil.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11