Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Maidean Luan Chíngcíse
Title
Maidean Luan Chíngcíse
Author(s)
Ó Longáin, Mícheál Óg,
Compiler/Editor
Ní Shéaghdha, Nessa
Composition Date
1800
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1939)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"Mar chuaidh drong d' fhearaibh Éirionn air Chnoc an bhFinégire a Laighneaibh san mbliadhain 1798 a ndóith go n-éireóchadh an Mhúmhain agus an chuid eile d'Éirinn do chóghnamh leó agus go ttiocfadh Frangcaidh dá bhfurtacht amhuil do gheall siad dóibh, agus níor tháinidh acht tímchioll míle fear noch táinidh a ttír a n-iarrthar Connacht agus do gabhadh gan mhaoíll le Danair, agus níor éirigh an Mhúmhuin cé gur dhóiph do-chuaidh, ionnus gur líon nách é amháin arm na Breataine, na hAlban, agus na hÉireand 'ttímchioll na Laighneach acht Hessians, .i. sórt eile airm ó pháirt don Ghear- máinn, mar sin gur milleadh agus gur míochóiríoghadh gur loiteadh agus gur láin-leónadh Laighnigh leó uile. Gurab ann sin do sgríobhas féin an t-abhrán beag so do ghríos- úghadh bhfear Múmhan fá theacht do chóghnamh rena ndearbhráithre a ccóige gléamhaiseach Gaillian. Is tímchioll na huaire sin do creachadh agus do láin-mheilleadh mórán don Mhúmhuin féin agus do thug Cairbreachadh a cConntaé Chorcaidhe iarracht air éirghe gur cailleadh Dómhnall nó Tadhg Ó Donnabháin etc. ann, agus is iomdha áit eile don Mhúmhain 'nar mheasadar éirghe san mbliadhain 1798.
1 Beir litir uainn don Mhúmhuin leat, a riúin dhil 's a stóir, Is aithrisi tré riún dóibh go bhfuil an cúrsa 'na ccómhair, Innis gur mó aingir mhilis mhúinte agus leanbh fireand fionn leis is fear breágh cliste cúmtha do fúigeadh air feódh.
2 Is fiafraigh créad nách héirghid is téighiocht linn sa ghleó A n-arm ghreannta ghréadhnach bheith fadhrtha go leór; Ciodh táimid-ne brúidhte meillte 's go leór naimhde 'nar ttíomchioll Innis go bhfuil na Laghnaidh ag adhaint na tine leó. 3 Do ghluais ó chóige Chonnacht chúghuinn tuille agus deich míle láoch 'S attuaidh ó chuantuibh Ulladh iar sin an oiread eile a bhfíoch 's a bhfáobhar; Ní bhfuarramair fuara air bith aco go rugamar bualadh is fiche ortha, Is budh truagh mar bhídís cuirp aguinn is fuil a ndeire lae. 4 Is ca bhfuil cóghnamh Muímhneach nó 'n fíor go marrid beó A n-arm lónnrach líomhtha ná tíghid linn san ngleó, A ndeacair-phúir do dhíoghailt is Galla-bhúirr do dhíbirt As fearann dúthchuis dílios ár sínnsear go deó?
Um Oinid 'na dhiaigh sin san mbliadhain 1799 as eadh éiridh Conntáe an Chlár, acht níorbh é ám é acht a ttosach an tsamhraidh roimhe sin, aimsear Chnoic an bhFinchair. Bhí a rian air; do buaileadh a cceand fútha gan mhaoill! Dia linn! Admhaóim gur neamhshlachtmhar atáid na ranna beaga sin déanta agus dá bhrígh sin iarruim agus aitchim sibhse, a lucht déanta na nduan ndeas, gan mh'imdhearga tré gach locht nó toibhéim do-chítear libh ionnta do bhrígh go bhfuilim ró-bhuartha annois agus go bhfuil deifir mhór orm; acht bíodh a fhios aguibh go raibh aigne mhaith leó. Bhúr searbhóntaoí bocht bithdhílios go bás, .i. Mícheál Ó Longáin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services