Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Maidean Luan Chíngcíse

Title
Maidean Luan Chíngcíse
Author(s)
Ó Longáin, Mícheál Óg,
Compiler/Editor
Ní Shéaghdha, Nessa
Composition Date
1800
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1939)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



"Mar chuaidh drong d' fhearaibh Éirionn air Chnoc an
bhFinégire a Laighneaibh san mbliadhain 1798 a ndóith go
n-éireóchadh an Mhúmhain agus an chuid eile d'Éirinn do chóghnamh
leó agus go ttiocfadh Frangcaidh dá bhfurtacht amhuil do gheall siad
dóibh, agus níor tháinidh acht tímchioll míle fear noch táinidh a ttír
a n-iarrthar Connacht agus do gabhadh gan mhaoíll le Danair, agus níor
éirigh an Mhúmhuin cé gur dhóiph do-chuaidh, ionnus gur líon
nách é amháin arm na Breataine, na hAlban, agus na hÉireand 'ttímchioll
na Laighneach acht Hessians, .i. sórt eile airm ó pháirt don Ghear-
máinn, mar sin gur milleadh agus gur míochóiríoghadh gur loiteadh
agus gur láin-leónadh Laighnigh leó uile.



Gurab ann sin do sgríobhas féin an t-abhrán beag so do ghríos-
úghadh bhfear Múmhan fá theacht do chóghnamh rena
ndearbhráithre a ccóige gléamhaiseach Gaillian. Is tímchioll na
huaire sin do creachadh agus do láin-mheilleadh mórán don
Mhúmhuin féin agus do thug Cairbreachadh a cConntaé Chorcaidhe
iarracht air éirghe gur cailleadh Dómhnall nó Tadhg Ó Donnabháin
etc. ann, agus is iomdha áit eile don Mhúmhain 'nar mheasadar éirghe
san mbliadhain 1798.


L. 191


B 1798 18D

1
Beir litir uainn don Mhúmhuin leat, a riúin dhil 's a stóir,
Is aithrisi tré riún dóibh go bhfuil an cúrsa 'na ccómhair,
Innis gur mó aingir mhilis mhúinte agus leanbh fireand fionn leis
is fear breágh cliste cúmtha do fúigeadh air feódh.


L. 192


2
Is fiafraigh créad nách héirghid is téighiocht linn sa ghleó
A n-arm ghreannta ghréadhnach bheith fadhrtha go leór;
Ciodh táimid-ne brúidhte meillte 's go leór naimhde 'nar
ttíomchioll
Innis go bhfuil na Laghnaidh ag adhaint na tine leó.



3
Do ghluais ó chóige Chonnacht chúghuinn tuille agus deich míle láoch
'S attuaidh ó chuantuibh Ulladh iar sin an oiread eile a bhfíoch 's
a bhfáobhar;
Ní bhfuarramair fuara air bith aco go rugamar bualadh is fiche ortha,
Is budh truagh mar bhídís cuirp aguinn is fuil a ndeire lae.



4
Is ca bhfuil cóghnamh Muímhneach nó 'n fíor go marrid beó
A n-arm lónnrach líomhtha ná tíghid linn san ngleó,
A ndeacair-phúir do dhíoghailt is Galla-bhúirr do dhíbirt
As fearann dúthchuis dílios ár sínnsear go deó?


L. 192


B 1800-09ls 19T



Um Oinid 'na dhiaigh sin san mbliadhain 1799 as eadh éiridh Conntáe an
Chlár, acht níorbh é ám é acht a ttosach an tsamhraidh roimhe sin, aimsear
Chnoic an bhFinchair. Bhí a rian air; do buaileadh a cceand fútha gan
mhaoill! Dia linn!



Admhaóim gur neamhshlachtmhar atáid na ranna beaga sin déanta agus dá bhrígh
sin iarruim agus aitchim sibhse, a lucht déanta na nduan ndeas, gan
mh'imdhearga tré gach locht nó toibhéim do-chítear libh ionnta do bhrígh go
bhfuilim ró-bhuartha annois agus go bhfuil deifir mhór orm; acht bíodh a
fhios aguibh go raibh aigne mhaith leó.



Bhúr searbhóntaoí bocht bithdhílios go bás, .i.



Mícheál Ó Longáin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services