Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh
Title
Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh
Author(s)
Ó Dálaigh, Seán,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1852
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1939)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sliabh na mBan Is saoth liom féineach bualadh an lae úd Do dhul ar Ghaedhil bhocht 's na céadta chreach, Mar go bhfuil na méirligh ag déanadh game dhínn Dá rádh nach aenní leo pike ná sleagh. Níor tháinig an Major i dtúis an lae chughainn Is ní rabhamair féineach i gcóir ná i gceart Acht mar do sheolfaidhe aodhaireacht bó gan aodhaire Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan. Mo léan léir ar an dream gan éifeacht Nár fhan le héirim agus oidhche stad, Go mbeadh dúithchí Dhéiseach agus iarthar Éireann Ag triall le chéile ón tír andeas. Do bheadh ar gcampaí déanta le fórsaí tréana Do bheadh congnadh Dé againn 's an tsaoighil ar fad is ní dhíolfadh méirleach de mhuinntir Néill sinn Acht buadhfaidhe an sway linn ar Shliabh na mBan. 'Sé Ros do bhreoidh is do chlaoidh go deó sinn, Mar ar fúigeadh mórchuid dínn sínte lag Is na leanbhaí óga 'na smól ann dóighte 'S an méid dfhan beó dhíobh cois claidhe nó scairt. Geallaim fós díbh an té dhin na feólmhaigh Go mbeamna i gcóir dó le pike 's le sleagh Is go gcuirfeam Yeomen ag mún 'na mbróga Ag díol a gcomhair leo ar Shliabh na mBan. Is iomdhó fear aosta agus crobhaire gléigeal Ó'n am go chéile do gabhadh le seal 'Na bhfuil córdaí caola ag buain lúch a ngéag díobh I ndoinnsiuin dhaora go doimhin faoi ghlas;
Gárdaí taobh leo ná leómhthadh sméid ortha 'S do dhéanfadh plea dhóibh i dtír tar lear Dá dtabhairt saor óna namhaid gan bhuidheachas I n-am an tsaothair ar Shliabh na mBan. Tá an Frangcach faobhrach 's a loingeas gléasta Le crannaibh géara aca ar muir le seal Isé a síorscéal go bhfuil a dtriall go hÉirinn Is go gcuirfid Gaedhil bhoicht arís 'na gceart Dámadh dhóigh liom féin go mb' fhíor an scéal san Bheadh mo chroidhe chomh héadtrom le lon ar sceach, Go mbeadh claoidhe ar mhéirligh 's an adharc dá séideadh Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan. Tá na cóbaigh a d'iarraidh eólais Tá an aimsir óg 's an chabhair le teacht; An té mhill na gnótha isé leighisfeas fós iad 'S ní dhíolfam feóirling leo cíos ná sraith. Píosa coróineach, an chuid is mó dhe, Luach éiric bhó nó teaghlaigh deas; Beidh ringce ar bóithre, is soillse 'á ndóghadh againn; Beidh meadhair is mórtas ar Shliabh na mBan.
A chailín donn deas na ngealchíghe bána, Ní fear eastáit mé, nó talmhan saoir; Chun treat damh i leann, in trust nó ar cáirde, Níl aon bhean tabhairne dá bhfuil san tír; Trom mé ag fuirseadh, níl agam céachta, Ní chuirfinn gráinne 'en tsíol i gcré; Ní rug mé ar shúiste in mo láimh lem shaoghalsa, 'S dá ndéanfainn páistín cia bheathóchadh é?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services