Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh

Title
Congantóirí Sheáin Uí Dhálaigh
Author(s)
Ó Dálaigh, Seán,
Compiler/Editor
Torna
Composition Date
1852
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1939)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sliabh na mBan
Is saoth liom féineach bualadh an lae úd
Do dhul ar Ghaedhil bhocht 's na céadta chreach,
Mar go bhfuil na méirligh ag déanadh game dhínn
Dá rádh nach aenní leo pike ná sleagh.
Níor tháinig an Major i dtúis an lae chughainn
Is ní rabhamair féineach i gcóir ná i gceart
Acht mar do sheolfaidhe aodhaireacht bó gan aodhaire
Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.



Mo léan léir ar an dream gan éifeacht
Nár fhan le héirim agus oidhche stad,
Go mbeadh dúithchí Dhéiseach agus iarthar Éireann
Ag triall le chéile ón tír andeas.
Do bheadh ar gcampaí déanta le fórsaí tréana
Do bheadh congnadh Dé againn 's an tsaoighil ar fad
is ní dhíolfadh méirleach de mhuinntir Néill sinn
Acht buadhfaidhe an sway linn ar Shliabh na mBan.



'Sé Ros do bhreoidh is do chlaoidh go deó sinn,
Mar ar fúigeadh mórchuid dínn sínte lag
Is na leanbhaí óga 'na smól ann dóighte
'S an méid dfhan beó dhíobh cois claidhe nó scairt.
Geallaim fós díbh an té dhin na feólmhaigh
Go mbeamna i gcóir dó le pike 's le sleagh
Is go gcuirfeam Yeomen ag mún 'na mbróga
Ag díol a gcomhair leo ar Shliabh na mBan.



Is iomdhó fear aosta agus crobhaire gléigeal
Ó'n am go chéile do gabhadh le seal
'Na bhfuil córdaí caola ag buain lúch a ngéag díobh
I ndoinnsiuin dhaora go doimhin faoi ghlas;


L. 175


Gárdaí taobh leo ná leómhthadh sméid ortha
'S do dhéanfadh plea dhóibh i dtír tar lear
Dá dtabhairt saor óna namhaid gan bhuidheachas
I n-am an tsaothair ar Shliabh na mBan.



Tá an Frangcach faobhrach 's a loingeas gléasta
Le crannaibh géara aca ar muir le seal
Isé a síorscéal go bhfuil a dtriall go hÉirinn
Is go gcuirfid Gaedhil bhoicht arís 'na gceart
Dámadh dhóigh liom féin go mb' fhíor an scéal san
Bheadh mo chroidhe chomh héadtrom le lon ar sceach,
Go mbeadh claoidhe ar mhéirligh 's an adharc dá séideadh
Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.



Tá na cóbaigh a d'iarraidh eólais
Tá an aimsir óg 's an chabhair le teacht;
An té mhill na gnótha isé leighisfeas fós iad
'S ní dhíolfam feóirling leo cíos ná sraith.
Píosa coróineach, an chuid is mó dhe,
Luach éiric bhó nó teaghlaigh deas;
Beidh ringce ar bóithre, is soillse 'á ndóghadh againn;
Beidh meadhair is mórtas ar Shliabh na mBan.


L. 181


A chailín donn deas na ngealchíghe bána,
Ní fear eastáit mé, nó talmhan saoir;
Chun treat damh i leann, in trust nó ar cáirde,
Níl aon bhean tabhairne dá bhfuil san tír;
Trom mé ag fuirseadh, níl agam céachta,
Ní chuirfinn gráinne 'en tsíol i gcré;
Ní rug mé ar shúiste in mo láimh lem shaoghalsa,
'S dá ndéanfainn páistín cia bheathóchadh é?



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services