Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal II (ar leanmhaint) Toisc an cor atá ar an saoghal ón ndeighilt atá idir lucht caipitail agus lucht oibre, idir lucht an tsealbhais agus an lucht ná fuil aon tuarastal seasmhach dóibh, nuair a bhíonn an cheárdaidheacht dhá leathadh in áitibh ná raibh sí cheana ionta, isé an seana-sceul cráidhte i gcomhnuidhe é - leathtrom neamhath- truaghach, dísciughadh leanbhaí, bochtughadh daoine, contabhairt anama. Táid cuntaisi Cigirí Deuntús na Rúise agus cuntaisí an Phlauen Handelskammer agus cuntaisí na gcoistí nIodáileach agus na cuntaisí ar nua-cheárdaidheacht na hIndia agus na Seapáine, táid siad lán de sceulta atá ar aon dul leis na sceulta úd a léightear i gcuntaisíbh na gCoimisiún bParliamenteach do bhí ar siubhal ón mb. 1840 go dtí an bh. 1842, agus ins na cuntaisí deunacha úd ar an "scanradóireacht" i Whitechapel agus i nGlaschú agus ar dhealbhas daoine i Londain agus ar easba oibre i York. Mar sin, tá an t-easaontas idir lucht caipitail agus lucht oibre mar a chéile ar fuaid an domhain agus is usaide a leigheas an sceul a bheith amhlaidh. Gan amhras, isé adhb a bheidh le réidhteach ag an Eoraip ar ball ná conas filleadh ar an seana-tslighe, .i. arbhar do shaothrughadh agus earraidhe do dheunamh i dtreo, na daoine ceudna díreach a dheunfaidh an obair, gur aca a bheidh toradh iomlán na hoibre. San am san beidh muintir gach réigiúin ag deunamh earraidhe dhóibh féin agus isiad amháin a dheunfaidh úsáid díobh. Acht fágann san go mbeidh siad ag saothrughadh a gcuid tailimh dóibh féin agus gurb iad amháin íosfaidh toradh an tailimh sin. Agus siné díreach an cheud rud eile a phléidhfead. Foclóirín Siopaí snáimh, .i. Loingeas gur geall le siopaí iad toiscan méid earraidhe bhíonn ionta, .i. floating shops Croitire, .i. crofter (Muna bhfuil dearmhad orm siné an focal a chinn fadó i nGaedhilg na hAlban) Ní fheadar cadí an Ghaedhilg atá ar "auroch grass" Scanradóireacht, .i. sweating, slave-driving
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services