Saothar Fear nDomhain
Caibideal II
(ar leanmhaint)
Toisc an cor atá ar an saoghal ón
ndeighilt atá idir lucht caipitail agus
lucht oibre, idir lucht an tsealbhais agus
an lucht ná fuil aon tuarastal seasmhach
dóibh, nuair a bhíonn an cheárdaidheacht
dhá leathadh in áitibh ná raibh sí cheana
ionta, isé an seana-sceul cráidhte i
gcomhnuidhe é - leathtrom neamhath-
truaghach, dísciughadh leanbhaí, bochtughadh
daoine, contabhairt anama. Táid
cuntaisi Cigirí Deuntús na Rúise agus
cuntaisí an Phlauen Handelskammer
agus cuntaisí na gcoistí nIodáileach
agus na cuntaisí ar nua-cheárdaidheacht
na hIndia agus na Seapáine, táid siad
lán de sceulta atá ar aon dul leis na
sceulta úd a léightear i gcuntaisíbh na
gCoimisiún bParliamenteach do bhí ar
siubhal ón mb. 1840 go dtí an bh. 1842,
agus ins na cuntaisí deunacha úd ar an
"scanradóireacht" i Whitechapel agus
i nGlaschú agus ar dhealbhas daoine i
Londain agus ar easba oibre i York.
Mar sin, tá an t-easaontas idir lucht
caipitail agus lucht oibre mar a chéile
ar fuaid an domhain agus is usaide a
leigheas an sceul a bheith amhlaidh. Gan
amhras, isé adhb a bheidh le réidhteach ag
an Eoraip ar ball ná conas filleadh ar an
seana-tslighe, .i. arbhar do shaothrughadh agus
earraidhe do dheunamh i dtreo, na daoine
ceudna díreach a dheunfaidh an obair,
gur aca a bheidh toradh iomlán na hoibre.
San am san beidh muintir gach réigiúin
ag deunamh earraidhe dhóibh féin agus
isiad amháin a dheunfaidh úsáid díobh.
Acht fágann san go mbeidh siad ag
saothrughadh a gcuid tailimh dóibh féin
agus gurb iad amháin íosfaidh toradh an
tailimh sin. Agus siné díreach an cheud
rud eile a phléidhfead.
Foclóirín
Siopaí snáimh, .i. Loingeas gur geall le
siopaí iad toiscan méid earraidhe bhíonn
ionta, .i. floating shops
Croitire, .i. crofter (Muna bhfuil dearmhad
orm siné an focal a chinn fadó i nGaedhilg na
hAlban)
Ní fheadar cadí an Ghaedhilg atá ar "auroch
grass"
Scanradóireacht, .i. sweating, slave-driving
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11