Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal II (ar leanmhaint) Más mian linn dul ar aghaidh ní mór dúinn margaidhe do lorg ina mhalairt de threo .i. sa bhaile againn féin. Ní san India ná san Aifrice atá na daoine do cheannóhadh eudach cadáis ó Lan- cashire nó sceana ó Sheffield nó plúr ó mhuilnibh na hUngáire. Ár ndaoine féin, is dóibh sin badh cheart sochar ar muileann do cheannach. Agus is féidir san do chur ar a gcumas acht saoghal na ceárdaidheacht agus na ceannaidheachta d'ordughadh i dtreo go bhfeudfadh daoine an dealbhas do thréigean. Ní haon mhaith bheith ag cur siopaí snáimh go New Guinea le hataí ban ón mBreatain nó ón nGearmáin agus daoine do cheannóchadh iad ins na hoileánaibh seo féin agus sa Ghearmáin. In ionad bheith 'dár gciapadh féin a d'iarraidh cuimhneamh ar sheifteanna chun ceannuightheoirí dfhagháil in imigcéin bfhearr dúinn tabhairt fé na ceisteanna so dfhreagairt: cad na taobh ná bíonn aon ghlaodhach ar eudach Lancashire ná ar sceanaibh Sheffield ná ar ghual Norduimbre agus na Breataine Bige ón oibridhe úd sa Bhreatain Mhóir a moltar chomh hárd in óráideacha poili- tíochta mar gheall ar a fheabhas atá sé chun na ceárdaidheachta, ná ó chroitire na hAlban ná ó fhear tuatha na hÉireann 'na mbíonn oiread san cainte uaireanta i dtaobh na mhórshaothair gan staonadh a dheinid siad, ag deunamh tailimh thortha- mhail de phortachaibh? Cad na thaobh go mbíonn fighdóirí Lyons ní hamháin gan eudaighe síoda le chur umpa acht gan biadh aca, uaireanta ina gcuid seomraí in uachtar an tighe? Cad na thaobh do mhuintir thuatha na Rúise a gcuid arbhair do dhíol trá's go mbíd siad ar feadh cheithre mí sa mbliain, nó ar feadh leath na bliana, nó ar feadh ocht mí sa mbliainm agus gan d'arán aca acht an t-arán a fhuinid siad as meascán de choirt agus dfheur Auroch agus dorn plúir thríd? Cad na thaobh go mbíonn gorta chomh minic ar lucht chruithneachtan agus ríse do shaothrughadh san India?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services