Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhain



Caibideal II
(ar leanmhaint)



Más mian linn dul ar aghaidh ní mór
dúinn margaidhe do lorg ina mhalairt
de threo .i. sa bhaile againn féin. Ní
san India ná san Aifrice atá na daoine
do cheannóhadh eudach cadáis ó Lan-
cashire nó sceana ó Sheffield nó plúr
ó mhuilnibh na hUngáire. Ár ndaoine
féin, is dóibh sin badh cheart sochar ar
muileann do cheannach. Agus is féidir
san do chur ar a gcumas acht saoghal na
ceárdaidheacht agus na ceannaidheachta
d'ordughadh i dtreo go bhfeudfadh daoine
an dealbhas do thréigean. Ní haon mhaith
bheith ag cur siopaí snáimh go New Guinea
le hataí ban ón mBreatain nó ón
nGearmáin agus daoine do cheannóchadh
iad ins na hoileánaibh seo féin agus sa
Ghearmáin. In ionad bheith 'dár gciapadh
féin a d'iarraidh cuimhneamh ar sheifteanna
chun ceannuightheoirí dfhagháil in imigcéin
bfhearr dúinn tabhairt fé na ceisteanna
so dfhreagairt: cad na taobh ná bíonn
aon ghlaodhach ar eudach Lancashire ná
ar sceanaibh Sheffield ná ar ghual
Norduimbre agus na Breataine Bige
ón oibridhe úd sa Bhreatain Mhóir a
moltar chomh hárd in óráideacha poili-
tíochta mar gheall ar a fheabhas atá sé
chun na ceárdaidheachta, ná ó chroitire
na hAlban ná ó fhear tuatha na hÉireann
'na mbíonn oiread san cainte uaireanta
i dtaobh na mhórshaothair gan staonadh a
dheinid siad, ag deunamh tailimh thortha-
mhail de phortachaibh? Cad na thaobh go
mbíonn fighdóirí Lyons ní hamháin gan
eudaighe síoda le chur umpa acht gan
biadh aca, uaireanta ina gcuid
seomraí in uachtar an tighe? Cad
na thaobh do mhuintir thuatha na Rúise a
gcuid arbhair do dhíol trá's go mbíd
siad ar feadh cheithre mí sa mbliain, nó
ar feadh leath na bliana, nó ar feadh
ocht mí sa mbliainm agus gan d'arán
aca acht an t-arán a fhuinid siad as
meascán de choirt agus dfheur Auroch
agus dorn plúir thríd? Cad na thaobh
go mbíonn gorta chomh minic ar lucht
chruithneachtan agus ríse do shaothrughadh
san India?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services