Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal II (ar leanmhaint) Taréis na ndroch-bhlian do chuaidh athbheochaint ar an dtrácht eidirnáisiúnta go hobann agus i gceann cheithre mblian, .i. sa bh. 1890, bhí meudughadh do réir a 24 fén gceud ar earraidhibh do chur thar lear don Bhreatain agus mar gheall air sin do thosnuigh daoine ar bheith ghá dhrádh nár ghá don Bhreatain aon eagla bheith aici roim chomórtas eachtrannach; ná raibh sa laghughadh úd a bhí ar earraidhe a dhíol le heachtrannaibh, i gcaitheamh na mb. 1885-1887, acht laghdughadh diombuan agus laghdughadh a bhí coitcheann ar fuaid na hEorpa; agus go raibh ceannas ceannaidheachta an domhain ag Sasana fós mar bhí riamh. Gan aon amhrus, muna n-áirighmís acht an t-airgead a gheibhtí ar an hearraidhibh sin, ón mb. 1876 go dtí an bh. 1895, ní fheicfimís aon laghdughadh marthannach; ní fheicfimís acht luascaranach idir laghdughadh agus meudughadh. Dáltha gach saghas ceannai- dheachta, do dheallróchadh an sceul go mbaineann sealaidheacht éigin le díol earraidhe na Breataine le heachtrannaibh. Sidé mar a bhí: Do laghduigh ar luach an díola san ó £201,000,000 sa bh. 1876 go dtí £192,000,000 sa bh. 1879; agus
do mheudaigh air annsan go dtí £241,000,000 sa bh. 1882; agus annsan arís sa bh. 1886, do laghdughadh air go dtí £213,000,000; agus sa bh. 1890 do mheudaigh air go dtí £264,000,000. Sa bh. 1894 do laghduigh air arís eile go dtí £216,000,000 agus an bhliain a bhí chughainn do chuaidh feabhas beag ar an sceul. Mar gheall ar an sealaidheacht san, dfheud Mr. Giffen a thespeáint, sa bh. 1886, ná raibh laghduighthe ar an ndíol san ós na Trí Ríoghachta agus brígh beag de dheunamh de "chomórtas na Gear- máine." Go deimhin, is féidir a rádh, taréis an díola san do chomhroinnt ar mhuintir na dTrí Ríoghacht, go raibh cion and uine dhe gan buan-athrughadh go dtí an bh. 1904, gan acht an ghnáth-luascarnach san thuas do bhaint leis. Acht nuair a cuireadh méid a ndíoltí de gach earra i gcompráid lena luach in Airgead, dob éigean do Mhr. Giffen féin a admháil go raibh pradhsanna na b. 1885 chomh beag i gcompráid le pradhsanna na b. 1873 nár mhór dos na Trí Ríoghachta chun teacht suas leis an luach ceudna airgid, cheithre píosaí eudaigh chadáis do dhíol in ionad trí píosaí agus ocht, nó deich, de thonaibh d'earraidhibh miotail do dhíol in ionad sé tonaí dhe. "Dá meastaoi trácht iasachta na Breataine do réir na bpradhas a bhí ann deich mbliana roime sin do bfhiú £861,000,000 é in ionad £667,000,000" - siné mar adubhairt ughdair inchreidthe .i an "Commission of Trade Depression." Bfhéidir ámhthach, go n-abróchaidhe gur bhliain neamhchoitcheannta an bh. 1873 toisc éileamh mí-chuibhsach do bheith ar earraidhibh na dTrí Ríoghacht taréis cogadh na Gearmáine leis na bhFrainc. Acht do lean an laghdughadh ceudna ar feadh tamall de bhlianta. Mar seo, cuir i gcás: do réir na bhfigiúiri atá sa "Statesman's Year-book" do dhíol na Trí Ríoghachta thar sáile sa bh. 1883, 4,957,000,000 slat eudaigh (eudach cadáis, eudach olna, líneudach) chun teacht suas le £104,000,000 acht sa bh. 1895 dob éigean dóibh 5,478,000,000 slat des na saighseanna ceudna eudaigh do dhíol maraon le 330,000,000 punt abhruis chun £99,700,000 dfhagháil. Agus ba mheasa ná san na deallramh a bheadh ar an sceul dá nglacaimís díol an eudaigh chadáis amháin mar shompla. Is fíor, ámhthach, go bhfuil an sceul ag dul i bhfeabhas le deich mbliana anuas i dtreo go raibh díol na n-earraidhe thar sáile sa bh. 1906 mar bhí sa bh. 1873; acht is fearr fós a bhí sa bh. 1911, bliain ana-rathmhar ar fad don trácht iasachta, nuair a díoladh 7,041,000,000 slat eudaigh agus 307,000,000 punt abhruis ar £163,400,000. Isé an t-abhrus, ámhthach, is fearr a chiomeád na pradhsanna árda, mar ní cuirtear thar sáile anois acht na saigh- seanna is míne dhe. Acht tá deire go deo le hairgead mór do dheunamh mar a deintí ins na b. 1873-1880. Mar sin de, bíodh ná deachaidh aon athrughadh mór, le deich fichead blian, ar luach iomlán an díola iasachta san, 'sé sin, do réir líon na ndaoine, líon atá ag meudughadh i gcomhnuidhe, mar sin féin tá deire leis na pradhsanna árda a gheibhtí deich fichead bliain ó shoin agus leis an bprofid mór chomh maith ceudna. Agus ní féidir a mhalairt a chur ina luighe ar lucht deuntús na Breataine le haon tsaghas cleas aritmetidheachta. Tá's aca go dian-mhaith go mbíonn an iomad earraidhe dhá gcur ar mhargaidhibh a ndútha féin coitcheannta; agus go bhfuil na margaidhe iasachta is fearr ag sleamhnughadh uatha; agus go bhfuil na margaidhe saora (nó neodartha) dhá saoirsiughadh orra. Níor bhfoláir don sceul bheith amhlaidh agus an fás atá fén gceárdaidheacht ar fuaid an domhain. Ceartughadh An Claidheamh, 18 Lughnasa, leath. a 15 columhan a 2, in ionad an ní atá ann cuir: "nó laghdughadh in earraidhe cheannach don lucht oibre gach laghdughadh dá dtéidheann ar a dtuarastal. Agus is cuma nó laghdú in earraidhibh do cheannach don mháighistir, leis, gach laghdú in airgead do dheunamh dó; agus is cuma iad araon..." Ar líne a 21 sa cholumhan cheudna, cuir "theacht" in ionad "théidheann." Foclóir Luach, value; pradhas, price (tá an focal so in úsáid in áiteanna). Bíonn an dá bhrigh leis an bfocal "luach" do ghnáth, sílim, .i. price agus value, acht dob éigean don dhá fhocal fé leith do bheith agam an babhta so. Luascarnach, fluctuation (sa chás so). Sealaidheacht, periodicity. Liam Ó Rinn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services