Saothar Fear nDomhain
Caibideal II
(ar leanmhaint)
Taréis na ndroch-bhlian do chuaidh
athbheochaint ar an dtrácht eidirnáisiúnta
go hobann agus i gceann cheithre mblian,
.i. sa bh. 1890, bhí meudughadh do réir a
24 fén gceud ar earraidhibh do chur
thar lear don Bhreatain agus mar gheall
air sin do thosnuigh daoine ar bheith ghá
dhrádh nár ghá don Bhreatain aon eagla
bheith aici roim chomórtas eachtrannach;
ná raibh sa laghughadh úd a bhí ar earraidhe
a dhíol le heachtrannaibh, i gcaitheamh na
mb. 1885-1887, acht laghdughadh diombuan
agus laghdughadh a bhí coitcheann ar fuaid
na hEorpa; agus go raibh ceannas
ceannaidheachta an domhain ag Sasana
fós mar bhí riamh. Gan aon amhrus, muna
n-áirighmís acht an t-airgead a gheibhtí
ar an hearraidhibh sin, ón mb. 1876 go
dtí an bh. 1895, ní fheicfimís aon
laghdughadh marthannach; ní fheicfimís acht
luascaranach idir laghdughadh agus
meudughadh. Dáltha gach saghas ceannai-
dheachta, do dheallróchadh an sceul go
mbaineann sealaidheacht éigin le díol
earraidhe na Breataine le heachtrannaibh.
Sidé mar a bhí: Do laghduigh ar luach an
díola san ó £201,000,000 sa bh. 1876
go dtí £192,000,000 sa bh. 1879; agus
do mheudaigh air annsan go dtí
£241,000,000 sa bh. 1882; agus annsan
arís sa bh. 1886, do laghdughadh air go dtí
£213,000,000; agus sa bh. 1890 do
mheudaigh air go dtí £264,000,000. Sa bh.
1894 do laghduigh air arís eile go dtí
£216,000,000 agus an bhliain a bhí
chughainn do chuaidh feabhas beag ar an
sceul.
Mar gheall ar an sealaidheacht san,
dfheud Mr. Giffen a thespeáint, sa bh.
1886, ná raibh laghduighthe ar an ndíol
san ós na Trí Ríoghachta agus brígh beag
de dheunamh de "chomórtas na Gear-
máine." Go deimhin, is féidir a rádh,
taréis an díola san do chomhroinnt ar
mhuintir na dTrí Ríoghacht, go raibh cion
and uine dhe gan buan-athrughadh go dtí
an bh. 1904, gan acht an ghnáth-luascarnach
san thuas do bhaint leis. Acht nuair a
cuireadh méid a ndíoltí de gach earra i
gcompráid lena luach in Airgead, dob
éigean do Mhr. Giffen féin a admháil
go raibh pradhsanna na b. 1885 chomh
beag i gcompráid le pradhsanna na b.
1873 nár mhór dos na Trí Ríoghachta chun
teacht suas leis an luach ceudna airgid,
cheithre píosaí eudaigh chadáis do dhíol
in ionad trí píosaí agus ocht, nó deich,
de thonaibh d'earraidhibh miotail do dhíol
in ionad sé tonaí dhe. "Dá meastaoi
trácht iasachta na Breataine do réir na
bpradhas a bhí ann deich mbliana roime
sin do bfhiú £861,000,000 é in ionad
£667,000,000" - siné mar adubhairt
ughdair inchreidthe .i an "Commission of
Trade Depression."
Bfhéidir ámhthach, go n-abróchaidhe gur
bhliain neamhchoitcheannta an bh. 1873
toisc éileamh mí-chuibhsach do bheith ar
earraidhibh na dTrí Ríoghacht taréis cogadh
na Gearmáine leis na bhFrainc. Acht
do lean an laghdughadh ceudna ar feadh
tamall de bhlianta. Mar seo, cuir i
gcás: do réir na bhfigiúiri atá sa
"Statesman's Year-book" do dhíol
na Trí Ríoghachta thar sáile sa bh. 1883,
4,957,000,000 slat eudaigh (eudach
cadáis, eudach olna, líneudach) chun teacht
suas le £104,000,000 acht sa bh. 1895
dob éigean dóibh 5,478,000,000 slat des
na saighseanna ceudna eudaigh do dhíol
maraon le 330,000,000 punt abhruis chun
£99,700,000 dfhagháil. Agus ba mheasa
ná san na deallramh a bheadh ar an sceul
dá nglacaimís díol an eudaigh chadáis
amháin mar shompla. Is fíor, ámhthach, go
bhfuil an sceul ag dul i bhfeabhas le deich
mbliana anuas i dtreo go raibh díol
na n-earraidhe thar sáile sa bh. 1906
mar bhí sa bh. 1873; acht is fearr fós a bhí
sa bh. 1911, bliain ana-rathmhar ar fad
don trácht iasachta, nuair a díoladh
7,041,000,000 slat eudaigh agus
307,000,000 punt abhruis ar £163,400,000.
Isé an t-abhrus, ámhthach, is fearr a
chiomeád na pradhsanna árda, mar ní
cuirtear thar sáile anois acht na saigh-
seanna is míne dhe. Acht tá deire go deo
le hairgead mór do dheunamh mar a
deintí ins na b. 1873-1880.
Mar sin de, bíodh ná deachaidh aon
athrughadh mór, le deich fichead blian, ar
luach iomlán an díola iasachta san, 'sé
sin, do réir líon na ndaoine, líon atá
ag meudughadh i gcomhnuidhe, mar sin
féin tá deire leis na pradhsanna árda
a gheibhtí deich fichead bliain ó shoin agus
leis an bprofid mór chomh maith ceudna.
Agus ní féidir a mhalairt a chur ina luighe
ar lucht deuntús na Breataine le haon
tsaghas cleas aritmetidheachta. Tá's
aca go dian-mhaith go mbíonn an iomad
earraidhe dhá gcur ar mhargaidhibh a
ndútha féin coitcheannta; agus go bhfuil
na margaidhe iasachta is fearr ag
sleamhnughadh uatha; agus go bhfuil na
margaidhe saora (nó neodartha) dhá
saoirsiughadh orra. Níor bhfoláir don
sceul bheith amhlaidh agus an fás atá fén
gceárdaidheacht ar fuaid an domhain.
Ceartughadh
An Claidheamh, 18 Lughnasa, leath. a 15
columhan a 2, in ionad an ní atá ann cuir:
"nó laghdughadh in earraidhe cheannach don
lucht oibre gach laghdughadh dá dtéidheann ar a
dtuarastal. Agus is cuma nó laghdú in
earraidhibh do cheannach don mháighistir, leis,
gach laghdú in airgead do dheunamh dó; agus
is cuma iad araon..."
Ar líne a 21 sa cholumhan cheudna, cuir
"theacht" in ionad "théidheann."
Foclóir
Luach, value; pradhas, price (tá an focal
so in úsáid in áiteanna). Bíonn an dá
bhrigh leis an bfocal "luach" do ghnáth, sílim,
.i. price agus value, acht dob éigean don dhá
fhocal fé leith do bheith agam an babhta so.
Luascarnach, fluctuation (sa chás so).
Sealaidheacht, periodicity.
Liam Ó Rinn
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11