Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhan Caibideal II (ar leanmhaint) Acht is i gcaitheamh an deich fichead nó dachad blian so ghabh thorainn dfhás nách mór an obair sin go léir. Do cruthnuigheadh ceárdaidheachta nua ar fad ón mb. 1860. An mór a bheidh ceárdaidheacht Americá i gceann fiche blian, mar sin, agus an congnamh atá aici ón oilteacht theicniceáltha go léir atá ag teacht do dhaoine in Americá agus ós na scoileanna sármhaithe atá ann agus ón bhfoghluim úd i léigheannaibh a ghabhann leis an bhfoghluim theic- niceáltha ann ann ón ndánacht úd i gcúrsaí gnótha ná fuil a sárughadh le fagháil san Eoraip? Tá a lán leabhar scríbhte ar chruadhchor na b. 1886-1887, cruadhchor ceannaidheachta a bhí ann ón mb. 1875, mar adeir Coimisiún an Pharliament, gan acht "gearra-thamall den rathmhaireacht do bhrainsibh áirithe den cheannaidheacht ón mb. 1880 go dtí an bh. 1883," agus cruadhchor, leis, do bhain le príomh-náisiúnaibh ceárdaidh- eachta an domhain go léir, mar adeurfainnse. Do feuchadh gach cúis do béidir a bheith leis an gcruadhchor san, acht pé socruighthe fé leith do chuir daoine fé leith ar an sceul bhí aon tsochrughadh amháin do chuireadar go léir air, .i. an socrughadh do chuir an Coimisiún air agus do béidir a chur síos go hathchumair mar seo: - "Ní bhfaghann na náisiúin cheárdaidheachta oiread ceannuightheoirí dhóibh féin agus do chuirfeadh ar a gcumas airgead mór do dheunamh." Ós rud é gur chun airgid a dheunamh an cheárdaidheacht a bhíonn ar siubhal ag lucht caipitail, is airgead beag do dheunamh dóibh fé ndéar gach ainiarsma. Nuair ná bíonn na máighistrí puinn bertha lena ngnó, tugann san iad chun tuarastal a lucht oibre do laghdughadh nó cuid aca do chur chun siubhail nó uimhir laetheanta oibre na seachtmhaine do laghdughadh, nó, sa deire, thugann sé orra droch-shaighseanna earraidhe dheunamh, agus is gnáth gur measa díoltar as an ndroch-shaghas do dheunamh. Mar adubhairt Adam Smith, i ndeire na dála is cuma nó laghdughadh tuar- astail don lucht oibre gach laghdughadh ar phrofíd an mháighistir, agus is cuma nó laghdughadh in earraidhe cheannach dtéidheann ar a dtuarastal. Agus is don lucht oibre gach laghdughadh dá cuma nó laghdughadh in earraidhe cheannach don mháighistir, leis, gach laghdughadh in airgead a dheunamh dó; agus is cuma iad araon nó laghdughadh in airgead a dheunamh agus in earraidhe do cheannach don aicme mhór eidir- cheannuidhthe úd atá éirighthe suas ins na tíorthaibh ceárdaidheachta, agus is cuma san arís nó laghdughadh eile do dhul ar an airgead a dheineann an máighistir. An tír a dheineann ana-chuid earraidhe i gcóir eachtrannach agus a mhaireann, dá bhrigh sin, ar phrofíd a tráchta iasachta, is beag ná gurb ionann cor don tír sin agus don Eilbhéis, tír a mhaireann, mórán, ar a ndeineann sí as na daoine iasachta a théidheann ag feiscint na loch agus na gcnoc oidhre atá inte. Gheibheann sí £1,000,000 nó £2,000,000 ós na daoine iasacht nuair a bhíonn an "seusúr" go maith, agus nuair a bhíonn an "seusúr" go holc, ní fearr a treo ná treo na tíre feirmeoireachta taréis meath barraí: bíonn sí scriosta. Mar sin, leis, don tír a dheineann earraidhe don choigríoch. Má bhíonn an "seusúr" go holc agus ná feudthar na hearraidhe dhíol leis na gcoigríoch ar a dhá oiread agus a gheobhthaidhe sa bhaile orra, bíonn thiar ar an dtír sin. Nuair ná deunaid óstóirí na hAlp puinn airgid bíonn an sceul go cruaidh ag na daoine i rannaibh móra den Eilbhéis, agus nuair ná tagann puinn airgid as a ngnó do lucht deuntús Lancashire agus na hAlban agus dos na ceannuidhthibh móra chuireann earraidhe thar faraige bíonn muintir na Breataine Móire i gcruadhchas, leis. Aon ní amháin fé ndeár an cruadhtan sa dá chás. Leithéid na b. 1883-1884 le saoire cruithneachtan agus deuntúisí ní fheachamair leis na deicheanna blian roime sin, acht mar sin féin, sa bh. 1886, ba scanramhail an cor a bhí ar an dtír. Dubhradh, ní nárbh iongnadh, gur bhreis earraidhe bheith dhá dheunamh fé ndeár é. Acht, níl brigh ar bith leis an bhfocal san muna gcialluigheann sé na daoine bhíonn i ngátar gach saghas toraidh do bheith gan airgead aca chun é cheannach toisc iad do bheith ar beagán tuarastail. Ní leomhfadh aoinne a rádh go mbíonn an iomad trioscáin ins na tigíní suaracha, ná an iomad leapacha agus eudaighe leapan in árusaibh comhnuidhthe an lucht oibre, ná an iomad lampaí ar lasadh ins na bothánaibh, ná an iomad eudaigh ar a ndrom ag an muintir úd a thugadh an oidhche idir dhá pháipéur nuachta ar Chearnóig Thrafalgar sa bh. 1886, ná fiú amháin ag an muintir go mbíonn hataí síoda aca i gcóir an Domhnaigh. Ní leomhfaidh aoinne a rádh go mbíonn an iomad bídh i dtighthibh na sclábhuidhthe úd a bhíonn ag obair dfheirmeoiribh ar dhá scilling deug sa tseachtmhain, ná i dtighthibh na mban úd a thuilleann chúig nó sé pingine sa ló i ngnó éigin des na mion-ghnóthaibh eile go mbíonn suathantas díobh ar leathimeallaibh gach cathrach móire. Níl de bhrigh le breis earraidhe bheith dhá dheunamh acht a bheith thar acfuinn an lucht oibre puinn earraidhe cheannach. Agus do mothuigh- eadh easba na hacfuinne sin do bheith ar lucht oibre ins gach aon bhall ar an Roinn Eorpa i gcaitheamh na mb. 1885- 1887. Taréis na ndroch-bhlian do chuaidh iathbheochaint ar an dtrácht eidir- náisiúnta go hobann agus i gceann cheithre mblian, .i. sa bh. 1890 bhí meudughadh do réir a 24 fén gceud ar earraidhe do chur thar lear.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services