Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhan



Caibideal II
(ar leanmhaint)



Acht is i gcaitheamh an deich fichead
nó dachad blian so ghabh thorainn dfhás
nách mór an obair sin go léir. Do
cruthnuigheadh ceárdaidheachta nua ar
fad ón mb. 1860. An mór a bheidh
ceárdaidheacht Americá i gceann fiche
blian, mar sin, agus an congnamh atá
aici ón oilteacht theicniceáltha go léir
atá ag teacht do dhaoine in Americá
agus ós na scoileanna sármhaithe atá
ann agus ón bhfoghluim úd i léigheannaibh
a ghabhann leis an bhfoghluim theic-
niceáltha ann ann ón ndánacht úd i
gcúrsaí gnótha ná fuil a sárughadh le
fagháil san Eoraip?



Tá a lán leabhar scríbhte ar
chruadhchor na b. 1886-1887, cruadhchor
ceannaidheachta a bhí ann ón mb. 1875,
mar adeir Coimisiún an Pharliament,
gan acht "gearra-thamall den
rathmhaireacht do bhrainsibh áirithe den
cheannaidheacht ón mb. 1880 go dtí an
bh. 1883," agus cruadhchor, leis, do
bhain le príomh-náisiúnaibh ceárdaidh-
eachta an domhain go léir, mar
adeurfainnse. Do feuchadh gach cúis
do béidir a bheith leis an gcruadhchor
san, acht pé socruighthe fé leith do chuir
daoine fé leith ar an sceul bhí aon
tsochrughadh amháin do chuireadar go
léir air, .i. an socrughadh do chuir an
Coimisiún air agus do béidir a chur
síos go hathchumair mar seo: - "Ní
bhfaghann na náisiúin cheárdaidheachta
oiread ceannuightheoirí dhóibh féin agus
do chuirfeadh ar a gcumas airgead mór
do dheunamh." Ós rud é gur chun
airgid a dheunamh an cheárdaidheacht a
bhíonn ar siubhal ag lucht caipitail, is
airgead beag do dheunamh dóibh fé
ndéar gach ainiarsma.



Nuair ná bíonn na máighistrí puinn
bertha lena ngnó, tugann san iad chun
tuarastal a lucht oibre do laghdughadh
nó cuid aca do chur chun siubhail nó
uimhir laetheanta oibre na seachtmhaine
do laghdughadh, nó, sa deire, thugann
sé orra droch-shaighseanna earraidhe
dheunamh, agus is gnáth gur measa
díoltar as an ndroch-shaghas do dheunamh.
Mar adubhairt Adam Smith, i ndeire
na dála is cuma nó laghdughadh tuar-
astail don lucht oibre gach laghdughadh
ar phrofíd an mháighistir, agus is cuma
nó laghdughadh in earraidhe cheannach
dtéidheann ar a dtuarastal. Agus is
don lucht oibre gach laghdughadh dá
cuma nó laghdughadh in earraidhe
cheannach don mháighistir, leis, gach
laghdughadh in airgead a dheunamh dó;
agus is cuma iad araon nó laghdughadh in
airgead a dheunamh agus in earraidhe
do cheannach don aicme mhór eidir-
cheannuidhthe úd atá éirighthe suas ins na
tíorthaibh ceárdaidheachta, agus is cuma
san arís nó laghdughadh eile do dhul ar
an airgead a dheineann an máighistir.



An tír a dheineann ana-chuid
earraidhe i gcóir eachtrannach agus a
mhaireann, dá bhrigh sin, ar phrofíd a
tráchta iasachta, is beag ná gurb
ionann cor don tír sin agus don
Eilbhéis, tír a mhaireann, mórán, ar
a ndeineann sí as na daoine iasachta
a théidheann ag feiscint na loch agus
na gcnoc oidhre atá inte. Gheibheann
sí £1,000,000 nó £2,000,000 ós na
daoine iasacht nuair a bhíonn an
"seusúr" go maith, agus nuair a
bhíonn an "seusúr" go holc, ní fearr
a treo ná treo na tíre feirmeoireachta
taréis meath barraí: bíonn sí scriosta.
Mar sin, leis, don tír a dheineann
earraidhe don choigríoch. Má bhíonn
an "seusúr" go holc agus ná
feudthar na hearraidhe dhíol leis na
gcoigríoch ar a dhá oiread agus a
gheobhthaidhe sa bhaile orra, bíonn thiar
ar an dtír sin. Nuair ná deunaid
óstóirí na hAlp puinn airgid bíonn an
sceul go cruaidh ag na daoine i
rannaibh móra den Eilbhéis, agus nuair
ná tagann puinn airgid as a ngnó do
lucht deuntús Lancashire agus na
hAlban agus dos na ceannuidhthibh
móra chuireann earraidhe thar faraige
bíonn muintir na Breataine Móire i
gcruadhchas, leis. Aon ní amháin fé
ndeár an cruadhtan sa dá chás.



Leithéid na b. 1883-1884 le saoire
cruithneachtan agus deuntúisí ní
fheachamair leis na deicheanna blian
roime sin, acht mar sin féin, sa bh.
1886, ba scanramhail an cor a bhí ar
an dtír. Dubhradh, ní nárbh iongnadh,
gur bhreis earraidhe bheith dhá dheunamh
fé ndeár é. Acht, níl brigh ar bith leis
an bhfocal san muna gcialluigheann sé
na daoine bhíonn i ngátar gach saghas
toraidh do bheith gan airgead aca chun
é cheannach toisc iad do bheith ar beagán
tuarastail. Ní leomhfadh aoinne a
rádh go mbíonn an iomad trioscáin
ins na tigíní suaracha, ná an iomad
leapacha agus eudaighe leapan in
árusaibh comhnuidhthe an lucht oibre, ná
an iomad lampaí ar lasadh ins na
bothánaibh, ná an iomad eudaigh ar a
ndrom ag an muintir úd a thugadh an
oidhche idir dhá pháipéur nuachta ar
Chearnóig Thrafalgar sa bh. 1886, ná
fiú amháin ag an muintir go mbíonn
hataí síoda aca i gcóir an Domhnaigh.
Ní leomhfaidh aoinne a rádh go mbíonn
an iomad bídh i dtighthibh na sclábhuidhthe
úd a bhíonn ag obair dfheirmeoiribh ar
dhá scilling deug sa tseachtmhain, ná
i dtighthibh na mban úd a thuilleann chúig
nó sé pingine sa ló i ngnó éigin
des na mion-ghnóthaibh eile go mbíonn
suathantas díobh ar leathimeallaibh gach
cathrach móire. Níl de bhrigh le breis
earraidhe bheith dhá dheunamh acht a bheith
thar acfuinn an lucht oibre puinn
earraidhe cheannach. Agus do mothuigh-
eadh easba na hacfuinne sin do bheith
ar lucht oibre ins gach aon bhall ar an
Roinn Eorpa i gcaitheamh na mb. 1885-
1887.



Taréis na ndroch-bhlian do chuaidh
iathbheochaint ar an dtrácht eidir-
náisiúnta go hobann agus i gceann
cheithre mblian, .i. sa bh. 1890 bhí
meudughadh do réir a 24 fén gceud ar
earraidhe do chur thar lear.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services