Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhan Caibideal II (ar leanmhaint) Ní dócha gur mór an tréimhse fiche bliain i saoghal náisiúin. Acht ina dhiaidh san nách maith mar d'éirigh sa Domhan Thoir, iomadhtheoir comhachtach eile laistigh den fhiche bliain so ghabh thorainn. An tSeapáin isí adeirim. I mí Dheire Foghmhair na b. 1888 bhí cúpla líne sa "Textile Recorder" .i. go raibh meudaighthe ar abhrus a dheunamh i muillibh cadáis na Sea- páine go dtí 9,498,500 punt sa mbliain, agus go raibh chúig muilinn deug eile dhá dtógáil agus go bhfeudfaidhe 156,000 fearsaid a chur ag obair ionta. Dhá bhliain ina dhiaidh sin do sníomhadh 27,000,000 punt abhruis sa tSeapáin; agus cé gur cheannuigh an tSeapáin, sa bh. 1887- 1888, chúig nó sé oiread an méid abhruis a shníomh sí, níor cheannuigh sí an bhliain a bhí chughainn acht dhá dtrian a raibh uaithi dhe. As san amach bhí ag meudugadh i
gcomhnuidhe ar shochar na muileann, .i. 6,435,000 punt sa bh. 1886, agus 91,950,000 punt sa bh. 1893, agus 153,444,000 punt sa bh. 1895, .i. oiread fé 24 agus a shníomhadh naoi mbliana roimhe sin. 413,800,000 punt abhruis an méid a sníomhadh sa bh. 1909; agus sa "bhFinancial Economical Annual," i gcóir na mb. 1910 agus 1911 (páipeur cinn bliana ó chathair Tokio) léighmíd go raibh sa tSeapáin, sa bh. 1909, oiread is 3,756 de mhuillibh teistile, agus 1,785,700 fearsaid agus 51,185 de seoltaibh nirt ins na muillibh sin, agus ní mór 783,155 de sheoltaibh láimhe do chur san áireamh, leis. Mar sin de, is mór cheana féin comórtas na Seapáine le náisiúnaibh na ceárdaidheachta móire chomh fada is théidheann earraidhe fighte, agus go mórmhór eudach cadáis, do dhíol ar mhargaidhibh na hÁisia Thoir, agus ní raibh sí acht chúig bliana fichead ag cur na hoibre sin go léir chun cinn. Do mheudaigh go tiugh ar a ndeineadh sí d'earraidhibh fighte ó luach £1,200,000 díobh sa bh. 1887 go dtí luacht $14,270,000 díobh sa bh. 1895 agus go dtí luach £22,500,000 dhíobh sa bh. 1909, agus eudach cadáis ab eadh nách mór dhá chuigeadh cuid den méid deiridh sin. De bhárr an mheuduighthe sin, do laghdaigh ar earraidhe cadáis do cheannach ón Eoraip don tSeapáin ó luach £1,640,000 díobh sa bh. 1884 go dtí luach £849,600 díobh sa bh. 1895 agus go dtí luach £411,600 díobh sa bh. 1910, agus san am gceudna do mheudaigh go dtí luach £3,000,000 díobh, nách mór, ar earraidhe síoda do dhíol di.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services