Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhan



Caibideal II
(ar leanmhaint)



Ní dócha gur mór an tréimhse fiche
bliain i saoghal náisiúin. Acht ina
dhiaidh san nách maith mar d'éirigh sa
Domhan Thoir, iomadhtheoir comhachtach
eile laistigh den fhiche bliain so ghabh
thorainn. An tSeapáin isí adeirim.
I mí Dheire Foghmhair na b. 1888 bhí
cúpla líne sa "Textile Recorder" .i.
go raibh meudaighthe ar abhrus a
dheunamh i muillibh cadáis na Sea-
páine go dtí 9,498,500 punt sa
mbliain, agus go raibh chúig muilinn
deug eile dhá dtógáil agus go
bhfeudfaidhe 156,000 fearsaid a chur
ag obair ionta. Dhá bhliain ina dhiaidh
sin do sníomhadh 27,000,000 punt
abhruis sa tSeapáin; agus cé gur
cheannuigh an tSeapáin, sa bh. 1887-
1888, chúig nó sé oiread an méid
abhruis a shníomh sí, níor cheannuigh sí
an bhliain a bhí chughainn acht dhá dtrian
a raibh uaithi dhe.



As san amach bhí ag meudugadh i


L. 3


gcomhnuidhe ar shochar na muileann, .i.
6,435,000 punt sa bh. 1886, agus
91,950,000 punt sa bh. 1893, agus
153,444,000 punt sa bh. 1895, .i. oiread
fé 24 agus a shníomhadh naoi mbliana
roimhe sin. 413,800,000 punt abhruis
an méid a sníomhadh sa bh. 1909; agus
sa "bhFinancial Economical Annual,"
i gcóir na mb. 1910 agus 1911 (páipeur
cinn bliana ó chathair Tokio) léighmíd
go raibh sa tSeapáin, sa bh. 1909,
oiread is 3,756 de mhuillibh teistile,
agus 1,785,700 fearsaid agus
51,185 de seoltaibh nirt ins na
muillibh sin, agus ní mór 783,155 de
sheoltaibh láimhe do chur san áireamh,
leis. Mar sin de, is mór cheana féin
comórtas na Seapáine le náisiúnaibh
na ceárdaidheachta móire chomh fada
is théidheann earraidhe fighte, agus go
mórmhór eudach cadáis, do dhíol ar
mhargaidhibh na hÁisia Thoir, agus ní
raibh sí acht chúig bliana fichead ag cur
na hoibre sin go léir chun cinn. Do
mheudaigh go tiugh ar a ndeineadh sí
d'earraidhibh fighte ó luach £1,200,000
díobh sa bh. 1887 go dtí luacht
$14,270,000 díobh sa bh. 1895 agus go
dtí luach £22,500,000 dhíobh sa bh. 1909,
agus eudach cadáis ab eadh nách mór
dhá chuigeadh cuid den méid deiridh
sin. De bhárr an mheuduighthe sin, do
laghdaigh ar earraidhe cadáis do
cheannach ón Eoraip don tSeapáin ó
luach £1,640,000 díobh sa bh. 1884 go
dtí luach £849,600 díobh sa bh. 1895
agus go dtí luach £411,600 díobh sa
bh. 1910, agus san am gceudna do
mheudaigh go dtí luach £3,000,000
díobh, nách mór, ar earraidhe síoda do
dhíol di.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services