Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhan Caibideal II Sa bhliadhain 1860 níor úsáideadh ins an gnóthaibh sin acht 23,000,000 punt cadáis neamhoibrighthe acht do húsáideadh a cheithre oiread san sa bhliadhain 1877 agus a thrí oiread sin arís i gceann deich mblian eile, .i. 283,000,000 punt de sa bhliadhain 1887- 1888. Bhí 40 muileann cadáis in India sa bhliain 1887 agus 886,100 fearsaid agus 57,188 oibridhthe. Acht sa bhliadhain 1895 bhí 147 de mhuilnibh cadáis ann agus 3,844,300 fearsaid agus 146,240 oibridhe. Agus anois, sa bh. 1909-1910, tá 237 de mhuilnibh cadáis ann agus 6,136,000 fearsaid agus 80,000 seol agus 231,850 oibridhe. Maidir leis na muilnibh féin, moltar ins na leabhraibh "gorma" iad; agus i dtaobh na muileann sníomhadóireachta is fearr i mBombay, deir comhaltaisí ceannaidheachta na Gearmáine "ná fuilid i ndiaidh lámha anois ós na ceannaibh Gearmáineacha is fearr"; agus táid Mr. James Platt agus Mr. Henry Lee, dhá bharánta mhóra i gcúrsaí ceárdaidheachta, táid ar aon aigne "ná fuil ag na hoibridhthe in aon tír sa domhan, acht amháin i Lancashire, luighe chomh mór leis an gceárdaidheacht theistile agus atá ag na hoibridhthe in India." I gceann na gcúig mbliain, 1882- 1887, bhí breis agus dúbailt ar abhrus cadáis do dhíol d'India, agus sa bhliadhain 1887, cheana féin, do réir an "Statement" (leath. a 62), "bhí ag dul i luighead i gcomhnuidhe ar an gcuid ba gharbh, agus fiú amháin ar an gcuid ba mheádhonach, de pé abhrus cadáis a tugtí isteach sa tír, rud a thespeánann go bhfuil lucht muileann (sníomhadóireachta) na hIndia ag fagháil ghreama ar mhargaidhibh a ndúithche diaidh ar ndiaidh." Dá bhárr san, bíodh gur lean India ar oiread ceudna earraidhe cadáis agus abhruis chadáis do cheannach ón mBreatain (ó luach £16,000,000 go dtí luach £25,700,000 díobh gach bliain ó 1900 do dtí 1908), sa bhliadhain 1887, chean féin, do chuir sí ar mhargaidhibh iasachta oiread is luach £3,635,510 den eudach cadáis do dhein sí féin do réir somplaí Lancashire; do dhíol sí leis an gcoigríoch 33,000,000 slat de phíosaibh eudaigh liathchadáis ó lámhaibh a daoine féin do dhein ina ndúthaigh féin iad. Agus tá an díol san ag dul i méid ó shoin agus sa bhliadhain 1910-1911 do dhíol sí luach £7,943,700 de phíosaibh agus d'abhrus. Do chuaidh an muilinn shiúite i líonmhaireacht ní ba thapamhla fós, agus an gnó siúite úd a bhí go rathmhar i nDún Taoi, tráth, isé comórtas na hIndia, chomh maith leis na cánacha mora cosanta ó chomhachtaibh den Eoraip, fé ndeár é do dhul chun donais. Do cuireadh fiú amháin muilinn olna ar siubhal in India le deunaighe; agus do chuaidh fás do cheárdaidheacht an iarainn go hobann nuair a fuaradh slighe, taréis a lán trialacha do theip, chun foirnéisí
d'oibriughadh le gual na dúithche. I gcionn beagán blian, adeir lucht eólais fé leith linn, is uirri féin a bheidh seasamh na hIndia chun iarainn a dheunamh. Ní headh, acht ní gan eagla aca roimis a chíd lucht ceárdaidheachta Shasana go bhfuil ag meudughadh i gcomhnuidhe ar earraidhe teistile do theacht go Sasana ó India agus go bhfuil India ag tosnughadh ar chomórtas nách beag le rádh do chur ar Shasana ar na margaidhibh i bhfíor-oirthear an domhain agus an Aifric. Cadnathaobh ná beadh san mar sin? Cad a bheadh ann chun fás ceárdaidheacht na hIndia do chosc? Easbaidh caipi- tail an eadh? Acht ar ndóigh ní bhaineann caipital le haon tír seachas a chéile; agus más féidir airgead mór do dheunamh as obair sclábhuidhthe na hIndia, agus gan dóibh acht leath- oiread tuarastail agus atá do lucht oibre Shasana, nó féna bhun, féin, raghaidh an caipital go hIndia, mar a chuaidh do dtí an Rúise, bíodh gur gorta a thiocfadh as do Lancashire agus do Dhún Taoi. An easbaidh eolais a dheunfadh an cosc san? Acht ar ndóigh ní haon chunstaicí roimh leathadh an eolais faid agus leithead an domhain; isé tosach na hoibre amháin is deacair. Maidir le feabhas ceárdamhlachta, aoinne chuir aithne riamh ar an oibridhe Hindustánach is eol dó cad is féidir dó a dheunamh. Ní dócha gur measa chun na hoibre é ná aoinne den 36,000 leanbh, fé bhun cheithre mblian ndeug, nó den 238,000 garsún agus gearrchaille, fé bhun ocht mblian ndeug, a bhíonn ag obair i muilnibh teistile sa Bhreatain Mhóir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services