Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2 (ar leanmhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhan



Caibideal II



Sa bhliadhain 1860 níor úsáideadh
ins an gnóthaibh sin acht 23,000,000
punt cadáis neamhoibrighthe acht do
húsáideadh a cheithre oiread san sa
bhliadhain 1877 agus a thrí oiread sin
arís i gceann deich mblian eile, .i.
283,000,000 punt de sa bhliadhain 1887-
1888. Bhí 40 muileann cadáis in
India sa bhliain 1887 agus 886,100
fearsaid agus 57,188 oibridhthe. Acht
sa bhliadhain 1895 bhí 147 de mhuilnibh
cadáis ann agus 3,844,300 fearsaid
agus 146,240 oibridhe. Agus anois,
sa bh. 1909-1910, tá 237 de mhuilnibh
cadáis ann agus 6,136,000 fearsaid
agus 80,000 seol agus 231,850 oibridhe.
Maidir leis na muilnibh féin, moltar
ins na leabhraibh "gorma" iad; agus
i dtaobh na muileann sníomhadóireachta
is fearr i mBombay, deir comhaltaisí
ceannaidheachta na Gearmáine "ná
fuilid i ndiaidh lámha anois ós na
ceannaibh Gearmáineacha is fearr";
agus táid Mr. James Platt agus
Mr. Henry Lee, dhá bharánta mhóra i
gcúrsaí ceárdaidheachta, táid ar aon
aigne "ná fuil ag na hoibridhthe in
aon tír sa domhan, acht amháin i
Lancashire, luighe chomh mór leis an
gceárdaidheacht theistile agus atá ag
na hoibridhthe in India."



I gceann na gcúig mbliain, 1882-
1887, bhí breis agus dúbailt ar abhrus
cadáis do dhíol d'India, agus sa
bhliadhain 1887, cheana féin, do réir an
"Statement" (leath. a 62), "bhí ag
dul i luighead i gcomhnuidhe ar an
gcuid ba gharbh, agus fiú amháin ar
an gcuid ba mheádhonach, de pé abhrus
cadáis a tugtí isteach sa tír, rud a
thespeánann go bhfuil lucht muileann
(sníomhadóireachta) na hIndia ag fagháil
ghreama ar mhargaidhibh a ndúithche diaidh
ar ndiaidh." Dá bhárr san, bíodh gur
lean India ar oiread ceudna earraidhe
cadáis agus abhruis chadáis do cheannach
ón mBreatain (ó luach £16,000,000
go dtí luach £25,700,000 díobh gach
bliain ó 1900 do dtí 1908), sa bhliadhain
1887, chean féin, do chuir sí ar
mhargaidhibh iasachta oiread is luach
£3,635,510 den eudach cadáis do dhein
sí féin do réir somplaí Lancashire;
do dhíol sí leis an gcoigríoch 33,000,000
slat de phíosaibh eudaigh liathchadáis ó
lámhaibh a daoine féin do dhein ina
ndúthaigh féin iad. Agus tá an díol
san ag dul i méid ó shoin agus sa
bhliadhain 1910-1911 do dhíol sí luach
£7,943,700 de phíosaibh agus d'abhrus.



Do chuaidh an muilinn shiúite i
líonmhaireacht ní ba thapamhla fós,
agus an gnó siúite úd a bhí go rathmhar
i nDún Taoi, tráth, isé comórtas na
hIndia, chomh maith leis na cánacha
mora cosanta ó chomhachtaibh den
Eoraip, fé ndeár é do dhul chun
donais. Do cuireadh fiú amháin
muilinn olna ar siubhal in India le
deunaighe; agus do chuaidh fás do
cheárdaidheacht an iarainn go hobann
nuair a fuaradh slighe, taréis a lán
trialacha do theip, chun foirnéisí


L. 5


d'oibriughadh le gual na dúithche. I
gcionn beagán blian, adeir lucht
eólais fé leith linn, is uirri féin a
bheidh seasamh na hIndia chun iarainn a
dheunamh. Ní headh, acht ní gan eagla
aca roimis a chíd lucht ceárdaidheachta
Shasana go bhfuil ag meudughadh i
gcomhnuidhe ar earraidhe teistile do
theacht go Sasana ó India agus go bhfuil
India ag tosnughadh ar chomórtas nách
beag le rádh do chur ar Shasana ar na
margaidhibh i bhfíor-oirthear an domhain
agus an Aifric.



Cadnathaobh ná beadh san mar sin?
Cad a bheadh ann chun fás ceárdaidheacht
na hIndia do chosc? Easbaidh caipi-
tail an eadh? Acht ar ndóigh ní
bhaineann caipital le haon tír seachas
a chéile; agus más féidir airgead
mór do dheunamh as obair sclábhuidhthe
na hIndia, agus gan dóibh acht leath-
oiread tuarastail agus atá do lucht
oibre Shasana, nó féna bhun, féin,
raghaidh an caipital go hIndia, mar a
chuaidh do dtí an Rúise, bíodh gur
gorta a thiocfadh as do Lancashire
agus do Dhún Taoi. An easbaidh
eolais a dheunfadh an cosc san? Acht
ar ndóigh ní haon chunstaicí roimh
leathadh an eolais faid agus leithead
an domhain; isé tosach na hoibre
amháin is deacair. Maidir le feabhas
ceárdamhlachta, aoinne chuir aithne
riamh ar an oibridhe Hindustánach is
eol dó cad is féidir dó a dheunamh.



Ní dócha gur measa chun na hoibre é
ná aoinne den 36,000 leanbh, fé bhun
cheithre mblian ndeug, nó den 238,000
garsún agus gearrchaille, fé bhun ocht
mblian ndeug, a bhíonn ag obair i
muilnibh teistile sa Bhreatain Mhóir.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services