Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 2
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhan Caibideal II Scaoileadh na gCeárdaidheacht An Iodáil agus an Spáinn - India - an tSeapáin - na Stáit Aontuighthe - Gnóthaí an chadáis agus na holla agus an tsíoda - A bheith ag dul i riachtanaighe do gach tír a sheasamh do bheith ar a daoine féin go prínseapáltha chun a cuid earraidhe do cheannach. Ní saor amháin, ámh, atá an cheárdaidh- eacht ag leathadh, acht ó dheas agus soir ó dheas, leis. Tá mar bheadh rás ceárdaidheachta idir na náisiúin agus tá Austria agus an Ungáir ag breith ar an gcuid eile go mear sa rás san. An claonadh atá i lucht ceárdaidheachta Austria chun bheith ghá gcosaint féin ar chomórtas na Gearmáine, claonadh atá ag dul i dtreise ionta, ba dhóbair tráth, go lóitfadh sé comhmbáidh cogaidh na dtrí gcomhacht, .i. Austria agus an Ghearmáin agus an Iodáil, agus Austria agus an Ungáir, atá aon- tuighthe fén aon choróinn amháin, ná mb' iad san féin iad bhíodar ag achrann lena chéile cheana féin i dtaobh cánacha custuim. Bíodh gur san aimsir seo dfhás ceárdaidheacht Aus- tria tugann sí obair le deunamh do 4,000,000 oibridhe cheana féin. Taréis fiche blian nó mar sin, tá Bóhémia éirighthe chum bheith ina tí ceárdaidh- eachta nách beag le rádh. Tespeánann feabhas agus saineamhlacht na measín- teachta atá i nua-mhuillibh plúir na hUngáire go bhfuil lucht nua-cheárdaidh- eacht na hUngáire ar an mbóthar gceart, ní hamháin chum dul ag iomaidh leis na náisiúin do bhí rómpa leis an gceárdaidheacht, acht fós chum a gcion féin do chur leis an eolas atá againn ar cionnus na fórsaí nádúrtha d'úsáid. Dálta an scéil, do bheadh san roinnt fíor i dtaobh Tír na bhFionn leis. Níl figiúrí againn chum a thespeáint cadé an treo atá ar an gceárdaidh- eacht go léir in Austria-go-hUngáir, acht is fiú dhúinn cuimhneamh ar a laghad deuntúisí cheannaighid i gcomórtas lena ndíolaid. Ní fiú trácht ar a gceannuighid ón mBreatain Mhóir, agus dá mb'í an Ghearmáin féin í ní fada go mbeid siad neamhsleách léi munab ionann is riamh. Tá an dul-ar-aghaidh ceudna le
feiscint sa cheárdaidheacht ar fuaid na leathinseacha atá ar an dtaobh theas den Eoraip. Cé a labharfadh ar dheuntúisí Iodáileacha sa bhliain 1859? Acht mar sin féin feuch go bhfuil ionad ag an Iodáil cheana féin imeasc náisiún na ceárdaidheachta. Is léir san ón dTespeántas do bhí i dTúrin sa bhliain 1884. "Chífá ins gach aon bhall," arsa economicidhe Francach sa "Temps" "iarracht nách beag dhá dheunamh sa cheárdaidheacht agus sa cheannaidheacht. Is ró-mhian leis an Iodáil deunamh in eughmhuis earraidhe iasachta. "Sinn féin sinn féin" an focal faire ag patríotaibh. Do shrois meanma an fhocail sin gach aoinne bhaineann le ghnóthaibh céirde. Níl oiread is aoinne amháin aca ná dheineann a dhícheall, i bhfiú na neithe is lugha, ar é féin dfhuascailt ó choimhdeacht na gcoigríoch." Deunaid siad aithris ar na somplaí is fearr ó Shasana agus cuirid siad feabhas orra, feabhas a bhaineann leo féin agus leis an ealadhantacht is dual sinsear dóibh. Níl cuntaisí iomlána le fagháil i gcás nách foláir do lucht an "Annuario" úd na bhfigiúirí tarrang ar neithibh eile chum eolasi dfhagháil ar threo na ceárdaidheachta san Iodáil. Acht an meudughadh mór a chuaidh ar ghual do cheannach di (meudughadh ó 779,000 ton dhe sa bhliain 1871 go dtí 9,339,000 tona sa bh. 1910); agus an fás, do chuaidh dos na gnóthaí mianadóireachta 'nar mheudigh a sochar fé thrí i gcaitheamh an chúig mblian ndeug, 1870-1885; agus an síormheudughadh ar chruaidh agus ar mheasínteacht do dheunamh (luach £4,800,000 sa bh. 1900), rud a thespeánann, mar adeir Bovio, cionnus mar is féidir do náisiún gnó mór miotalóireachta bheith aici agus gan gual ná mianaigh léi féin aici; agus sa deire, an fás a chuaidh do ghnóthaí teistile, mar atá le tuiscint ón méid cadáis gan oibriughadh a tugadh isteach sa tír agus ón méid fearsaidí atá sa tír; tespeánann na neithe sin go léir nách taidhbhreamh dfhinn an lae don Iodáil an claonadh atá inti chun bheith ina tí ceárdaidh- eachta a bheidh ábalta ar a riachtanaisí féin do fhreagairt lena dheuntúisí féin. Maidir leis na hiarrachtaí atá ag muintir na hIodáile dhá dheunamh ar tuille de cheannaidheacht an domhain do ghabháil chucha, is eol don tsaoghal an luighe is dual sinsear dóibh a bheith aca leis an gceannaidheacht.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services