Saothar Fear nDomhan
Caibideal II
Scaoileadh na gCeárdaidheacht
An Iodáil agus an Spáinn - India - an
tSeapáin - na Stáit Aontuighthe -
Gnóthaí an chadáis agus na holla
agus an tsíoda - A bheith ag dul i
riachtanaighe do gach tír a sheasamh
do bheith ar a daoine féin go
prínseapáltha chun a cuid earraidhe
do cheannach.
Ní saor amháin, ámh, atá an cheárdaidh-
eacht ag leathadh, acht ó dheas agus soir
ó dheas, leis. Tá mar bheadh rás
ceárdaidheachta idir na náisiúin agus
tá Austria agus an Ungáir ag breith
ar an gcuid eile go mear sa rás san.
An claonadh atá i lucht ceárdaidheachta
Austria chun bheith ghá gcosaint féin ar
chomórtas na Gearmáine, claonadh
atá ag dul i dtreise ionta, ba dhóbair
tráth, go lóitfadh sé comhmbáidh cogaidh
na dtrí gcomhacht, .i. Austria agus an
Ghearmáin agus an Iodáil, agus
Austria agus an Ungáir, atá aon-
tuighthe fén aon choróinn amháin, ná
mb' iad san féin iad bhíodar ag
achrann lena chéile cheana féin i dtaobh
cánacha custuim. Bíodh gur san
aimsir seo dfhás ceárdaidheacht Aus-
tria tugann sí obair le deunamh do
4,000,000 oibridhe cheana féin. Taréis
fiche blian nó mar sin, tá Bóhémia
éirighthe chum bheith ina tí ceárdaidh-
eachta nách beag le rádh. Tespeánann
feabhas agus saineamhlacht na measín-
teachta atá i nua-mhuillibh plúir na
hUngáire go bhfuil lucht nua-cheárdaidh-
eacht na hUngáire ar an mbóthar
gceart, ní hamháin chum dul ag iomaidh
leis na náisiúin do bhí rómpa leis an
gceárdaidheacht, acht fós chum a gcion
féin do chur leis an eolas atá againn
ar cionnus na fórsaí nádúrtha d'úsáid.
Dálta an scéil, do bheadh san roinnt
fíor i dtaobh Tír na bhFionn leis.
Níl figiúrí againn chum a thespeáint
cadé an treo atá ar an gceárdaidh-
eacht go léir in Austria-go-hUngáir,
acht is fiú dhúinn cuimhneamh ar a laghad
deuntúisí cheannaighid i gcomórtas
lena ndíolaid. Ní fiú trácht ar a
gceannuighid ón mBreatain Mhóir,
agus dá mb'í an Ghearmáin féin í ní
fada go mbeid siad neamhsleách léi
munab ionann is riamh.
Tá an dul-ar-aghaidh ceudna le
feiscint sa cheárdaidheacht ar fuaid
na leathinseacha atá ar an dtaobh theas
den Eoraip. Cé a labharfadh ar
dheuntúisí Iodáileacha sa bhliain 1859?
Acht mar sin féin feuch go bhfuil ionad
ag an Iodáil cheana féin imeasc
náisiún na ceárdaidheachta. Is léir
san ón dTespeántas do bhí i dTúrin
sa bhliain 1884. "Chífá ins gach aon
bhall," arsa economicidhe Francach sa
"Temps" "iarracht nách beag dhá
dheunamh sa cheárdaidheacht agus sa
cheannaidheacht. Is ró-mhian leis an
Iodáil deunamh in eughmhuis earraidhe
iasachta. "Sinn féin sinn féin" an
focal faire ag patríotaibh. Do shrois
meanma an fhocail sin gach aoinne
bhaineann le ghnóthaibh céirde. Níl
oiread is aoinne amháin aca ná
dheineann a dhícheall, i bhfiú na neithe
is lugha, ar é féin dfhuascailt ó
choimhdeacht na gcoigríoch." Deunaid
siad aithris ar na somplaí is fearr ó
Shasana agus cuirid siad feabhas orra,
feabhas a bhaineann leo féin agus leis
an ealadhantacht is dual sinsear dóibh.
Níl cuntaisí iomlána le fagháil i gcás
nách foláir do lucht an "Annuario"
úd na bhfigiúirí tarrang ar neithibh
eile chum eolasi dfhagháil ar threo na
ceárdaidheachta san Iodáil. Acht an
meudughadh mór a chuaidh ar ghual do
cheannach di (meudughadh ó 779,000
ton dhe sa bhliain 1871 go dtí
9,339,000 tona sa bh. 1910); agus an
fás, do chuaidh dos na gnóthaí
mianadóireachta 'nar mheudigh a
sochar fé thrí i gcaitheamh an chúig
mblian ndeug, 1870-1885; agus an
síormheudughadh ar chruaidh agus ar
mheasínteacht do dheunamh (luach
£4,800,000 sa bh. 1900), rud a
thespeánann, mar adeir Bovio,
cionnus mar is féidir do náisiún gnó
mór miotalóireachta bheith aici agus
gan gual ná mianaigh léi féin aici;
agus sa deire, an fás a chuaidh do
ghnóthaí teistile, mar atá le tuiscint
ón méid cadáis gan oibriughadh a
tugadh isteach sa tír agus ón méid
fearsaidí atá sa tír; tespeánann na
neithe sin go léir nách taidhbhreamh
dfhinn an lae don Iodáil an claonadh
atá inti chun bheith ina tí ceárdaidh-
eachta a bheidh ábalta ar a riachtanaisí
féin do fhreagairt lena dheuntúisí
féin. Maidir leis na hiarrachtaí atá
ag muintir na hIodáile dhá dheunamh
ar tuille de cheannaidheacht an domhain
do ghabháil chucha, is eol don tsaoghal
an luighe is dual sinsear dóibh a bheith
aca leis an gceannaidheacht.