Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal I - (ar leanmhaint) Is eol don tsaoghal an dul ar aghaidh atá deunta i ngnó ná gceimiocán do dheunamh sa Ghearmáin, agus mothuightear go mór in Albain agus i Norduimbre é. Agus na cuntaisí, ar gnóthaibh iarainn agus ar ghnóthaibh cruaidhe na Gearmáine, atá le fágháil i bhfoillseachánaibh an "Iron and Steel Institure" agus i dtuairisc an fhiarfaighthe do dhein an "British Trade Association," tespeánaidh na cuntaisí sin cadé mar fhás do chuaidh do cheár- duidheacht an mhuc-iarainn chríochnuighthe sa Ghearmáin ón mbliadhain 1871. Ní haon iongnadh gur laghdaigh go dtí n-a leath ar iarainn agus cruaidh do cheannach don Ghearmáin i gcaitheamh na fhiche bliadhan do bhí ó 1874 go dtí 1894, agus gur mheudaigh nách mór fé cheathair ar a ndíoladh sí des na hearraidhe sin san am gceudna. Dála na n-oibreacha measínteachta, má dheineadar Gear- máinigh earraidh nuair a dheineadar aithris ró-dlúth ar shomplaí ó Shasana in ionad somplaí nua do cheapadh dhóibh féin, mar a dhein na hAmericánaigh dóibh féin, mar sin féin ní foláir dúinn a admháil gur dheineadar an aithris go maith agus nách daoire na húirléisí agus an mheasínteacht a dheinidh ná na cinn a deuntar sa tír seo. Is ar éigin is gádh dhom teacht thar an ndeunamh mbreágh a bhíonn ar na cóireacha deuntar sa Ghearmáin do lucht léighinn. Is maith is eol do lucht léighinn é, fiú amháin sa bhFrainc. De dheascaibh na neithe sin thuas, tá ag laghdughadh ar fhurmhór na ndeun- túisí n-iasachta a cheannuigheann an Ghearmáin. Tá ceannach an eudaigh iasachta agus an abhruis iasachta chomh beag san aici gur cúiteamh ann di geall lena chomhluach den tsórt cheudna earraidhe do bheith aici dhá dhíol leis an gcoigríoch. Agus gan aon amhrus, ní hamháin ná beidh aon ghlaodhach sa Ghearmáin ar earraidhibh teistile an choigrígh sara fada, acht, ina theannta san, mothóchar comórtas na Gearmáine ag dul i ndéine in aghaidh an lae ar na margaidhibh atá saor uaidh fós agus ar mhargaidibh na hEorpa Thiar, leis. Is uiriste moladh dfhagháil ó chruinniughadh de dhaoine aineolacha acht a rádh leo, ar chuma a chorróchaidh an croidhe aca, ná beidh sochar na Gearmáine chomh maith le sochar Shasana choidhche ná go deo! Acht chum na fírinne d'innsint táid earraidhe na Gearmáine chomh saor le hearraidhe Shasana cheana féin, agus uaireanta; nuair is gádh é, bídh siad chomh maith deunamh le hearraidhe Shasana, agus is 'mó cúis atá leis sin. An chúis úd adeirtear chomh minic do bheith leis, nuair a bítear ag díos- póireacht, sa tír seo agus sa bhFrainc, ar "chomhórtas na Gearmáine," .i. "saothar saor" do bheith le fagháil aca sa Ghearmáin, ní foláir dúinn é sin do chur i leathtaoibh, mar taréis a mhinicighe a deineadh fiarfaighe sa sceul is léir nách saoirsde na hearraidhe i gcomhnuidhe an lucht oibre dheineann iad do bheith ar beagán tuarastail agus dhá gcoimeád ag obair ró-fhada gach lá. Saothar saor ag máighistríbh agus cánacha cosanta ar earraidhe eachtrainn, is cuma san nó a bheith ar a gcumas ag cuid des na máighistríbh seana-mheasínteacht gan mhaith do choimeád; agus ins na bhun-ghnóthaibh fóirbthe, i ngnóthaibh cadáis agus i ngnóthaibh iarainn cuir i gcás, is le deaghthuarastal agus le ciorrbhadh an lae oibre don lucht oibre agus le deaghmheasínteacht a deuntar na hearraidhe is saoire. Nuair is féidir gan acht triúir do chur i bhfeighil an mhíle fearsaid (mar a deuntar i Sasana) nó seacht nduine dheug do chur ina bhfeighil (mar a dheuntar ina lán dfhachtairíbh na Rúise), agus nuair is féidir fíche measín-tseol (den tsaghas ar a dtugtar "Northrop") do chur ar chúram an fhighdóra, mar a deuntar ins na Státaibh Aontuighthe, nó gan acht dhá cheann do chur ar a churam, mar a deuntar i muilnibh gan rath, is léir ná feudfadh aon laghdughadh ar thuarastal lucht oibre cúiteamh do dheunamh sa deifrigheacht mhóir sin. Dá bhrígh sin, ní lugha an turastal atá do lucht oibre i muilnibh maithe, cadáis agus in oibreachaibh maithe iarainn sa Ghearmáin ná an tuarastal atá don tsaghas cheudna lucht oibre i Sasana, agus an méid den eolas san a bhaineann le hoibreacha iarainn fuaramair é i dtuairisc an fhiarfaighthe adubhart a dhein an "British Iron Trade Association." Isé méid is féidir a rádh ná gur mó gheibheann an t-oibre ar a thuarastal sa Ghearmáin ná mar a gheibheann an fear oibre sa tír seo, mar bíonn gach aon ní ar a thoil féin ag an eidircheannaidhe sa tír seo agus beidh, faid a bheidh an tír seo ag brath ar an bhfear thall chum furmhór an bhídh a bheidh uaithe do thabhairt chúicí.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services