Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhain



Caibideal I - (ar leanmhaint)



Is eol don tsaoghal an dul ar
aghaidh atá deunta i ngnó ná gceimiocán
do dheunamh sa Ghearmáin, agus
mothuightear go mór in Albain agus i
Norduimbre é. Agus na cuntaisí, ar
gnóthaibh iarainn agus ar ghnóthaibh
cruaidhe na Gearmáine, atá le fágháil i
bhfoillseachánaibh an "Iron and Steel
Institure" agus i dtuairisc an
fhiarfaighthe do dhein an "British Trade
Association," tespeánaidh na cuntaisí
sin cadé mar fhás do chuaidh do cheár-
duidheacht an mhuc-iarainn chríochnuighthe
sa Ghearmáin ón mbliadhain 1871. Ní
haon iongnadh gur laghdaigh go dtí n-a
leath ar iarainn agus cruaidh do cheannach
don Ghearmáin i gcaitheamh na fhiche
bliadhan do bhí ó 1874 go dtí 1894,
agus gur mheudaigh nách mór fé cheathair
ar a ndíoladh sí des na hearraidhe sin
san am gceudna. Dála na n-oibreacha
measínteachta, má dheineadar Gear-
máinigh earraidh nuair a dheineadar
aithris ró-dlúth ar shomplaí ó Shasana in
ionad somplaí nua do cheapadh dhóibh
féin, mar a dhein na hAmericánaigh
dóibh féin, mar sin féin ní foláir
dúinn a admháil gur dheineadar an
aithris go maith agus nách daoire na
húirléisí agus an mheasínteacht a dheinidh
ná na cinn a deuntar sa tír seo. Is
ar éigin is gádh dhom teacht thar an
ndeunamh mbreágh a bhíonn ar na
cóireacha deuntar sa Ghearmáin do
lucht léighinn. Is maith is eol do lucht
léighinn é, fiú amháin sa bhFrainc.



De dheascaibh na neithe sin thuas, tá
ag laghdughadh ar fhurmhór na ndeun-
túisí n-iasachta a cheannuigheann an
Ghearmáin. Tá ceannach an eudaigh
iasachta agus an abhruis iasachta chomh
beag san aici gur cúiteamh ann di
geall lena chomhluach den tsórt cheudna
earraidhe do bheith aici dhá dhíol leis an
gcoigríoch. Agus gan aon amhrus, ní
hamháin ná beidh aon ghlaodhach sa
Ghearmáin ar earraidhibh teistile an
choigrígh sara fada, acht, ina theannta
san, mothóchar comórtas na Gearmáine
ag dul i ndéine in aghaidh an lae ar na
margaidhibh atá saor uaidh fós agus ar
mhargaidibh na hEorpa Thiar, leis. Is
uiriste moladh dfhagháil ó chruinniughadh
de dhaoine aineolacha acht a rádh leo,
ar chuma a chorróchaidh an croidhe aca,
ná beidh sochar na Gearmáine chomh maith
le sochar Shasana choidhche ná go deo!
Acht chum na fírinne d'innsint táid
earraidhe na Gearmáine chomh saor le
hearraidhe Shasana cheana féin, agus
uaireanta; nuair is gádh é, bídh siad
chomh maith deunamh le hearraidhe Shasana,
agus is 'mó cúis atá leis sin.



An chúis úd adeirtear chomh minic do
bheith leis, nuair a bítear ag díos-
póireacht, sa tír seo agus sa bhFrainc,
ar "chomhórtas na Gearmáine," .i.
"saothar saor" do bheith le fagháil aca
sa Ghearmáin, ní foláir dúinn é sin do
chur i leathtaoibh, mar taréis a mhinicighe
a deineadh fiarfaighe sa sceul is léir
nách saoirsde na hearraidhe i gcomhnuidhe
an lucht oibre dheineann iad do bheith
ar beagán tuarastail agus dhá gcoimeád
ag obair ró-fhada gach lá. Saothar
saor ag máighistríbh agus cánacha cosanta
ar earraidhe eachtrainn, is cuma san
nó a bheith ar a gcumas ag cuid des na
máighistríbh seana-mheasínteacht gan mhaith
do choimeád; agus ins na bhun-ghnóthaibh
fóirbthe, i ngnóthaibh cadáis agus i
ngnóthaibh iarainn cuir i gcás, is le
deaghthuarastal agus le ciorrbhadh an
lae oibre don lucht oibre agus le
deaghmheasínteacht a deuntar na
hearraidhe is saoire. Nuair is féidir
gan acht triúir do chur i bhfeighil an
mhíle fearsaid (mar a deuntar i Sasana)
nó seacht nduine dheug do chur ina
bhfeighil (mar a dheuntar ina lán
dfhachtairíbh na Rúise), agus nuair is
féidir fíche measín-tseol (den tsaghas
ar a dtugtar "Northrop") do chur
ar chúram an fhighdóra, mar a deuntar
ins na Státaibh Aontuighthe, nó gan acht
dhá cheann do chur ar a churam, mar a
deuntar i muilnibh gan rath, is léir ná
feudfadh aon laghdughadh ar thuarastal
lucht oibre cúiteamh do dheunamh sa
deifrigheacht mhóir sin. Dá bhrígh sin, ní
lugha an turastal atá do lucht oibre
i muilnibh maithe, cadáis agus in
oibreachaibh maithe iarainn sa Ghearmáin
ná an tuarastal atá don tsaghas
cheudna lucht oibre i Sasana, agus an
méid den eolas san a bhaineann le
hoibreacha iarainn fuaramair é i
dtuairisc an fhiarfaighthe adubhart a
dhein an "British Iron Trade
Association." Isé méid is féidir a
rádh ná gur mó gheibheann an t-oibre
ar a thuarastal sa Ghearmáin ná mar a
gheibheann an fear oibre sa tír seo,
mar bíonn gach aon ní ar a thoil féin ag
an eidircheannaidhe sa tír seo agus beidh,
faid a bheidh an tír seo ag brath ar an
bhfear thall chum furmhór an bhídh a bheidh
uaithe do thabhairt chúicí.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services