Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal I (ar leanmhaint) Rud eile, chomh luath is thiocfaidh leis an Rúise tuilleadh saoirse bhaint amach raghaidh tuilleadh fáis don cheárdaidheacht inti láithreach. An scolaidheacht theicnice úd a bhíodh ag an Riaghaltas dá shíorchosc ar feadh i bhfad (agus d'eugsamhlach an obair dóibh é), raghaidh sé ar aghaidh go mear agus leathfadh sé; agus, i gceann beagán bliadhain, leis na hacfuinní atá inti ó nádúr agus le congnamh a daoine óga saothracha, a bhíonn, anois féin, a d'iarraidh oilteacht ar cheárdaibh agus eolas ar léigheann a thabhairt dá chéile, do bheadh meudaighthe fé dheich ar neart na Rúise chum na ceárdaidheachta. Uirri féin a bheidh a seasamh sa cheárdaidheacht. Deunfa sí féin di féin gach a mbeidh uaithi; agus ní lughade sin é, fanfa sí ina náisiún feirmeoireachta. As an 112,000,000 duine atá i Rúise na hEorpa, níl acht breis bheag is 1,500,000 duine, idir fhear agus bean, i ngnóthaí céirde, agus feirmeoireachta in éinfheacht. Dá meuduighthí iad san fé thrí níor lughade náisiún feirmeoir- eachta an Rúise; acht má meuduightear fé thrí iad ní bheidh aon tslighe sa Rúise do dheuntúisí iasachta, mar is saoire is féidir don náisiún feirmeoireachta a leithéidí dheunamh ná don náisiún a mhaireann ar bhiadh iasachta. Ná dearmhadam go bhfuil 1,087,000 duine ar fad i ngnóthaí teicstile uile Shasana agus Alban agus Éireann, agus na Breataine Bige le chéile, agus ná fuil acht 300,000 duine dhíobh san ina bhfireannachaibh os cionn ocht mblian deug (311,300 sa bhliadhain 1907); go gcoimeádann an lucht oibre sin 53,000,000 fearsaid agus breis is 700,000 seol ar siubhal ins na muilinn chadáis amháin agus gur deineadh gach bliain le beagán blian anuas oiread is luach £200,000,000 d'earraidhe teicstile, agus gur díoladh thar lear luach £136,257,500 sa mbliain, ar mheádhnacht ins na blianta 1905-1910, ní áiríghim £163,400,000 na blian neamhghnáith úd, 1911. Is fírinnighe fós an ní ceudna i dtaoibh náisiún eile san Eoraip, náisiún atá i bhfad níos mó chun tosaigh sa cheárdaidheacht ná an Rúise, agus go mór mór i dtaobh na Gearmáin. Tá oiread san scríbhte i dtaobh an chomórtais a chuireann an Ghearmáin ar an mBreatain, fiú amháin ar mhargaidhe na Breataine féin, agus tá oiread san eolais le fagháil air acht cuaird siopaí Londain do thabhairt, ní gábhadh dhom cur síos air go fórleathan annseo. Is maith is eol do phoibhlidheacht na tíre seo bhrigh agus neart an chomórtais sin, ó aistibh i leabhraibh léirmheasa, agus ó leitreacha do bhí sa "Daily Telegraph" i mí na Lughnasa, 1886, agus ó athchumaireachtaibh ar a lán cuntaisí consulachta ins na páipeuraibh prínsiopáltha (agus gur móide do raghadh a mbrigh i bhfeidhm ar dhuine na cuntaisí féin do léigheamh), agus, sa deireadh, ó
óráideacha lucht poilitidheachta. Rud eile, an neart a gheibheann ceárdaidheacht na Gearmáine ón múineadh teicniceáltha a tugtar dá lucht léighinn líonmhar, ta oiread san ráidhte ina thaobh ag lucht scoluigheacht theicniceáltha chur ar aghaidh i Sasana ní féidir obann-fhás ceár- daidheacht na Gearmáine do sheunadh a thuilleadh. Níor mhór leathcheud blian chum gnó céirde do chur ar aghaidh i gceart sa tsean-aimsir, acht is leor beagán blian chuige anois. Sa bhliain 1864 ní bhfuair an Ghearmáin acht 160,000 ceud- meaádhchaint cadáis neamhoibrighthe ón gcoigcríoch, agus níor dhíol sí leis acht 16,000 ceud-meádhchaint d'earraidhe cadáis. Ní raibh i ngnóthaí cadáis do shníomh agus dfhighe sa Ghearmáin acht gnóthaí beaga tighe, a bhfurmhór ar aon chuma. I gceann fiche blian ina dhiaidh sin bhí oiread is 3,600,000 ceud- mheádhchaint cadáis, neamhoibrighthe dhá thabhairt isteach sa tír in aghaidh na bliana, agus 7,400,000 ceud-meádhchaint i gceann fiche blian eile. San am gceudna, do mheudaigh ar dhíol eudaighe chadáis agus abhruis chadáis leis an gcoigríoch ó luach £3,600,000 díobh sa bhliadhain 1883 go dtí luach £7,662,000 sa bhliadhain 1893 agus go dtí luach £19,000,000 sa bhliadhain 1905. Sin mar a cruthaigheadh gnó mór laistigh de ní ba lugha ná deich mbliana fichead, agus tá sé ag fás fós. An oilteacht theicniceáltha ba ghábhadh, tháinig sé le taithighe i dtreo nách gábhadh don Gearmáin aon earraidhe cadáis do cheannach ó Lancashire anois acht amháin mín-abhrus; agus do réir deallramh ní fada go mbeidh deireadh leis an gceannach san féin, mar do tógadh muilinn ana-bhreaghtha sa Ghearmáin le deunaighe, i gcóir snímhdóireachta; agus leis an margadh cadáis do cuireadh ar bun i mBremen is gairid go mbeidh an Ghearmáin saor ó Learpholl Lancashire. Dfhás ceárdaidheacht na holna chomh tapaidh ceudna, i dtreo gur mheudaigh ar dhíol earraidhe olna la heachtranna- chaibh ó luach £8,220,300 díobh sa bhliain 1894 go dtí luach £13,152,500 díobh sa bhliain 1910. Do théidheadh luach !1,799,000 sa mbliain díobh, ar mheádhnacht, go dtí na Trí Ríoghachta ins na mblianta 1906- 1910. Dfhás ceárdaidheacht an lín ní ba thapamhla fós, agus isí an Ghearmáin is giorra don Fhrainc i gceárdaidheacht an tsíoda. Foclóirín Ar mheádhnacht, do réir meadhon, go meádhnach, on the verge. Learpholl, Liverpool
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services