Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhain



Caibideal I
(ar leanmhaint)



Rud eile, chomh luath is thiocfaidh leis
an Rúise tuilleadh saoirse bhaint amach
raghaidh tuilleadh fáis don cheárdaidheacht
inti láithreach. An scolaidheacht theicnice
úd a bhíodh ag an Riaghaltas dá shíorchosc
ar feadh i bhfad (agus d'eugsamhlach an
obair dóibh é), raghaidh sé ar aghaidh go
mear agus leathfadh sé; agus, i gceann
beagán bliadhain, leis na hacfuinní atá
inti ó nádúr agus le congnamh a daoine
óga saothracha, a bhíonn, anois féin, a
d'iarraidh oilteacht ar cheárdaibh agus
eolas ar léigheann a thabhairt dá chéile,
do bheadh meudaighthe fé dheich ar neart
na Rúise chum na ceárdaidheachta. Uirri
féin a bheidh a seasamh sa cheárdaidheacht.
Deunfa sí féin di féin gach a mbeidh uaithi;
agus ní lughade sin é, fanfa sí ina náisiún
feirmeoireachta.



As an 112,000,000 duine atá i Rúise
na hEorpa, níl acht breis bheag is
1,500,000 duine, idir fhear agus bean,
i ngnóthaí céirde, agus feirmeoireachta
in éinfheacht. Dá meuduighthí iad san
fé thrí níor lughade náisiún feirmeoir-
eachta an Rúise; acht má meuduightear
fé thrí iad ní bheidh aon tslighe sa Rúise
do dheuntúisí iasachta, mar is saoire is
féidir don náisiún feirmeoireachta a
leithéidí dheunamh ná don náisiún a
mhaireann ar bhiadh iasachta. Ná
dearmhadam go bhfuil 1,087,000 duine
ar fad i ngnóthaí teicstile uile Shasana
agus Alban agus Éireann, agus na
Breataine Bige le chéile, agus ná fuil
acht 300,000 duine dhíobh san ina
bhfireannachaibh os cionn ocht mblian
deug (311,300 sa bhliadhain 1907); go
gcoimeádann an lucht oibre sin
53,000,000 fearsaid agus breis is
700,000 seol ar siubhal ins na muilinn
chadáis amháin agus gur deineadh gach
bliain le beagán blian anuas oiread is
luach £200,000,000 d'earraidhe teicstile,
agus gur díoladh thar lear luach
£136,257,500 sa mbliain, ar mheádhnacht
ins na blianta 1905-1910, ní áiríghim
£163,400,000 na blian neamhghnáith úd,
1911.



Is fírinnighe fós an ní ceudna i dtaoibh
náisiún eile san Eoraip, náisiún atá i
bhfad níos mó chun tosaigh sa cheárdaidheacht
ná an Rúise, agus go mór mór i dtaobh
na Gearmáin. Tá oiread san scríbhte
i dtaobh an chomórtais a chuireann an
Ghearmáin ar an mBreatain, fiú amháin
ar mhargaidhe na Breataine féin, agus
tá oiread san eolais le fagháil air acht
cuaird siopaí Londain do thabhairt, ní
gábhadh dhom cur síos air go fórleathan
annseo. Is maith is eol do phoibhlidheacht
na tíre seo bhrigh agus neart an
chomórtais sin, ó aistibh i leabhraibh
léirmheasa, agus ó leitreacha do bhí sa
"Daily Telegraph" i mí na Lughnasa,
1886, agus ó athchumaireachtaibh ar a lán
cuntaisí consulachta ins na páipeuraibh
prínsiopáltha (agus gur móide do raghadh
a mbrigh i bhfeidhm ar dhuine na cuntaisí
féin do léigheamh), agus, sa deireadh, ó


L. 5


óráideacha lucht poilitidheachta. Rud
eile, an neart a gheibheann ceárdaidheacht
na Gearmáine ón múineadh teicniceáltha
a tugtar dá lucht léighinn líonmhar,
ta oiread san ráidhte ina thaobh ag lucht
scoluigheacht theicniceáltha chur ar aghaidh
i Sasana ní féidir obann-fhás ceár-
daidheacht na Gearmáine do sheunadh a
thuilleadh.



Níor mhór leathcheud blian chum gnó
céirde do chur ar aghaidh i gceart sa
tsean-aimsir, acht is leor beagán blian
chuige anois. Sa bhliain 1864 ní bhfuair
an Ghearmáin acht 160,000 ceud-
meaádhchaint cadáis neamhoibrighthe ón
gcoigcríoch, agus níor dhíol sí leis acht
16,000 ceud-meádhchaint d'earraidhe
cadáis. Ní raibh i ngnóthaí cadáis do
shníomh agus dfhighe sa Ghearmáin acht
gnóthaí beaga tighe, a bhfurmhór ar aon
chuma. I gceann fiche blian ina dhiaidh
sin bhí oiread is 3,600,000 ceud-
mheádhchaint cadáis, neamhoibrighthe dhá
thabhairt isteach sa tír in aghaidh na bliana,
agus 7,400,000 ceud-meádhchaint i gceann
fiche blian eile. San am gceudna, do
mheudaigh ar dhíol eudaighe chadáis agus
abhruis chadáis leis an gcoigríoch ó luach
£3,600,000 díobh sa bhliadhain 1883 go
dtí luach £7,662,000 sa bhliadhain 1893
agus go dtí luach £19,000,000 sa
bhliadhain 1905. Sin mar a cruthaigheadh
gnó mór laistigh de ní ba lugha ná
deich mbliana fichead, agus tá sé ag fás
fós. An oilteacht theicniceáltha ba
ghábhadh, tháinig sé le taithighe i dtreo nách
gábhadh don Gearmáin aon earraidhe
cadáis do cheannach ó Lancashire anois
acht amháin mín-abhrus; agus do réir
deallramh ní fada go mbeidh deireadh
leis an gceannach san féin, mar do
tógadh muilinn ana-bhreaghtha sa Ghearmáin
le deunaighe, i gcóir snímhdóireachta;
agus leis an margadh cadáis do cuireadh
ar bun i mBremen is gairid go mbeidh
an Ghearmáin saor ó Learpholl
Lancashire.



Dfhás ceárdaidheacht na holna chomh
tapaidh ceudna, i dtreo gur mheudaigh
ar dhíol earraidhe olna la heachtranna-
chaibh ó luach £8,220,300 díobh sa bhliain
1894 go dtí luach £13,152,500 díobh sa
bhliain 1910. Do théidheadh luach !1,799,000
sa mbliain díobh, ar mheádhnacht, go dtí
na Trí Ríoghachta ins na mblianta 1906-
1910. Dfhás ceárdaidheacht an lín ní ba
thapamhla fós, agus isí an Ghearmáin is
giorra don Fhrainc i gceárdaidheacht an
tsíoda.



Foclóirín



Ar mheádhnacht, do réir meadhon, go
meádhnach, on the verge.



Learpholl, Liverpool

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services