Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal I (ar leanmhaint) Agus, toisc nár cuireadh san áireamh aon ghnó nár bhfiú breis is £200 sa mbliain, ní bhainid na figiúirí sin leis an lear mór gnóthaí teaghlaigh a chuaidh i líonmhaireacht go mór le deunaighe in éinfheacht leis na gnóthaí móra. Na gnóthaí teaghlaigh sin, a bhaineann chomh mór le dúthchas na Rúise agus atá chomh riachtanach di toisc nádúr aer na tíre, coimeádaid breis is 7,500,000 duine tuatha a siubhal anois, agus do réir cóimhrín a deineadh beagán blian ó shoin ba mhó sochar na ngnó san ná sochar na ngnó eile go léir. Bfhiú breis is £180,000,000 sa mbliadhain é. Beidh gábhadh agam le filleadh ar an sceul so arís agus mar sin ní chuirfad síos puinn figiúirí annso. Ní deurfadh acht so: i bhfiú na bpríomhchúigí ceár- daidheachta atá mórthimcheall Mhoscó fightear luach £4,500,000 sa mbliadhain d'eudach ins na ngnóthaí tighe i gcóir na dtrádáluidhthe; ag dámadh sa Chaucuis Thuaidh féin é, áit ná raibh mionghnóthaí ann go dtí le deunaighe, tá i dtighthibh muintir na tuatha ann 45,000 saol ar a bhfightear luach £200,000 sa mbliadhain d'eudach. Dála na ngnó mianadóireachta, in aindeoin na gcánach gcosanta bheith rómhór, agus in aindeoin an chomórtais ó ádhmad chum teine agus ó nafta, do dhúbail ar shochar na mianach nguail i gcaitheamh na mbliain 1896-1904, agus do mheudaigh fé cheathair air sa Pholainn. Sa bhaile a gheibhtear nach mór an chruaidh go leir úsáidtear sa Rúise agus trí cheathramhadh cuid den iarann agus dhá dtrian an mhuc-iarainn chomh maith, agus is féidir 10,000,000 ceud-meádhchaint de ráileacha dheunamh in aghaidh na bliana san ocht gcinn d'oibreachaibh iarainn atá sa Rúise (10,068,000 ceud-meádhchaint sa bhliadhain 1910). Ní haon iongnadh mar sin a laghad deuntúisí iasachta cheannuighidh Rúisínigh ná an chuid is deuntúisí des na hearraidhe iasachta bheith ag dul i laghad i gcomhnuidhe ón mbliadhain 1870, .i. naoi mbliana sar ar deineadh an meudughadh generáltha ar chánacha cosanta. Ní bhíonn acht an cúigeadh cuid des na hearraidhe iasachta ina ndeuntúisí anois agus is annamh a bhíonn a dtrian ina ndeuntúisí, mar a bhí sa bhliain 1910, bliain des na blianta a bhfearr i gcóir earraidhe iasachta. Dá eughmuis sin, cé ná fuaradh ón mBreatain sa bhliadhain 1872 acht luach £16,300,000, ní bhfaghtí uaithe ins na blianta 1894-1909 acht luach £6,884,500 díobh, nó luach £11,320,000 an chuid is mó dhe. Orra san ní raibh acht breis bheag is luach £2,000,000 de dheuntúisí. Biadh agus adhbhar neamh- oibrighthe agus earraidhe leathchríochnuighthe (mitealacha, snáth, agus mar sin) an chuid eile dhíobh. £15,300,000 a luach sa bhliain 1910, bliain neamhghnáth, agus measínteacht agus gual a bhfurmhór. Go deimhin, bhí laghduighthe ar an gceannach ón mBreatain i gceann deich mblian ó £8,800,000 go dtí £5,000,000 i gcás go raibh ceannach na ndeuntúisí ón mBreatain laghduighthe go dtí an méid seo sa bhliain 1910; measínteacht £1,320,000; eudach cadáis agus abhrus cadáis, £360,000,000; eudach olna agus abhrus olna, £480,000; sochar ceimice, £176,000; agus mar sin. Acht is iongantaighe fós an laghdughadh a chuaidh ar fhiacaibh earraidhe na Breataine. Sa bhliain 1876 cuir i gcás, thug an Rúise £6,000,000 ar 8,000,0000 ceud-meádh- chaint de mhitealacha ón mBreatain, acht sa bhliain 1884 níor thug sí acht £3,400,000 ar oiread ceudna san ar fhiachaibh an uile ní a cheannuigheann an Rúise ón gcoigríoch, cé nach é cothrom an laghduighthe sin thuas i gcomhnuidhe é. Badh mhór an dearmhad a shamhlughadh gur cánacha móra cosanta is mó fé ndeár an laghdughadh san ar earraidhe iasachta do cheannach. Bfhearr a rádh gurb é fás na ceárdaidheachta sa Rúise féin fé ndeár é. Gan amhrus do chabhruigh cánacha cosanta, chomh maith le neithibh eile, chun deuntóirí mhealladh go dtí an Pholainn agus an Rúise ón nGearmáin agus ó Shasana. Cathair Ghearmáineach nách mór iseadh Lodz na Polainne, atá ina macshamhail do Mhanchúin Shasana, agus tá treo-leabhair thrádála na Rúise lán d'ainmneacha Sasanach is Gearmáineach. Tá lucht caipitail ó Shasana agus ón nGearmáin agus innealtóirí agus lucht tosaigh oibre ó Shasana taréis gnóthaí cadáis a chur ar bun sa Rúise ar an gcuma is féarr ina mbíd ina ndúithchibh féin; agus is dícheallach anois iad ag
cur feabhais ar ghnóthaí olna agus ar ghnóthaí measínteachta; agus tá Beilgeacha taréis ceárdaidheacht mhór iarainn a chruthughadh sa Rúise Theas agus ba ghairid an mhoill orra é. Níl amhrus ar bith anois go gcuirfeadh sé cosc le fás ceárdaidheachta na Rúise gabháil le polasaidhe saorcheannaidheachta agus ní hag lucht economice amháin atá an tuairim sin acht ag roinnt deuntóirí Rúisíneach leis. Ní dheunfadh sé acht baint ó phrófíd mhór na ndaoine úd ná cuireann feabhas ar a gcuid fachtairí agus gur ar phágh bheag agus ar shaothar fhada dá lucht oibre is mó bhíonn a seasamh. Foclóirín Gnóthaí teaghlaigh (nó, tighe, domestic) industries. Muc-iarann, pig-iron. Treo-leabhair thrádála, trade director es. Lucht tosaigh oibre, foremen. Polasaidhe saor-cheannuaidheachta, free-trade policy.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services