Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhain



Caibideal I
(ar leanmhaint)



Agus, toisc nár cuireadh san áireamh
aon ghnó nár bhfiú breis is £200 sa
mbliain, ní bhainid na figiúirí sin leis
an lear mór gnóthaí teaghlaigh a
chuaidh i líonmhaireacht go mór le deunaighe
in éinfheacht leis na gnóthaí móra. Na
gnóthaí teaghlaigh sin, a bhaineann chomh
mór le dúthchas na Rúise agus atá
chomh riachtanach di toisc nádúr aer na
tíre, coimeádaid breis is 7,500,000
duine tuatha a siubhal anois, agus do
réir cóimhrín a deineadh beagán blian
ó shoin ba mhó sochar na ngnó san ná
sochar na ngnó eile go léir. Bfhiú breis
is £180,000,000 sa mbliadhain é. Beidh
gábhadh agam le filleadh ar an sceul
so arís agus mar sin ní chuirfad síos
puinn figiúirí annso. Ní deurfadh
acht so: i bhfiú na bpríomhchúigí ceár-
daidheachta atá mórthimcheall Mhoscó
fightear luach £4,500,000 sa mbliadhain
d'eudach ins na ngnóthaí tighe i gcóir na
dtrádáluidhthe; ag dámadh sa Chaucuis
Thuaidh féin é, áit ná raibh mionghnóthaí
ann go dtí le deunaighe, tá i dtighthibh
muintir na tuatha ann 45,000 saol ar a
bhfightear luach £200,000 sa mbliadhain
d'eudach.



Dála na ngnó mianadóireachta, in
aindeoin na gcánach gcosanta bheith
rómhór, agus in aindeoin an chomórtais
ó ádhmad chum teine agus ó nafta, do
dhúbail ar shochar na mianach nguail i
gcaitheamh na mbliain 1896-1904, agus
do mheudaigh fé cheathair air sa Pholainn.
Sa bhaile a gheibhtear nach mór an chruaidh
go leir úsáidtear sa Rúise agus trí
cheathramhadh cuid den iarann agus dhá
dtrian an mhuc-iarainn chomh maith, agus
is féidir 10,000,000 ceud-meádhchaint
de ráileacha dheunamh in aghaidh na bliana
san ocht gcinn d'oibreachaibh iarainn atá
sa Rúise (10,068,000 ceud-meádhchaint
sa bhliadhain 1910).



Ní haon iongnadh mar sin a laghad
deuntúisí iasachta cheannuighidh Rúisínigh
ná an chuid is deuntúisí des na hearraidhe
iasachta bheith ag dul i laghad i gcomhnuidhe
ón mbliadhain 1870, .i. naoi mbliana sar
ar deineadh an meudughadh generáltha
ar chánacha cosanta. Ní bhíonn acht an
cúigeadh cuid des na hearraidhe iasachta
ina ndeuntúisí anois agus is annamh a
bhíonn a dtrian ina ndeuntúisí, mar a
bhí sa bhliain 1910, bliain des na blianta
a bhfearr i gcóir earraidhe iasachta. Dá
eughmuis sin, cé ná fuaradh ón
mBreatain sa bhliadhain 1872 acht luach
£16,300,000, ní bhfaghtí uaithe ins
na blianta 1894-1909 acht luach
£6,884,500 díobh, nó luach £11,320,000
an chuid is mó dhe. Orra san ní raibh
acht breis bheag is luach £2,000,000 de
dheuntúisí. Biadh agus adhbhar neamh-
oibrighthe agus earraidhe leathchríochnuighthe
(mitealacha, snáth, agus mar sin) an
chuid eile dhíobh. £15,300,000 a luach sa
bhliain 1910, bliain neamhghnáth, agus
measínteacht agus gual a bhfurmhór.
Go deimhin, bhí laghduighthe ar an
gceannach ón mBreatain i gceann deich
mblian ó £8,800,000 go dtí £5,000,000
i gcás go raibh ceannach na ndeuntúisí
ón mBreatain laghduighthe go dtí an
méid seo sa bhliain 1910; measínteacht
£1,320,000; eudach cadáis agus abhrus
cadáis, £360,000,000; eudach olna agus
abhrus olna, £480,000; sochar ceimice,
£176,000; agus mar sin. Acht is
iongantaighe fós an laghdughadh a chuaidh
ar fhiacaibh earraidhe na Breataine. Sa
bhliain 1876 cuir i gcás, thug an Rúise
£6,000,000 ar 8,000,0000 ceud-meádh-
chaint de mhitealacha ón mBreatain, acht
sa bhliain 1884 níor thug sí acht
£3,400,000 ar oiread ceudna san ar
fhiachaibh an uile ní a cheannuigheann an
Rúise ón gcoigríoch, cé nach é cothrom
an laghduighthe sin thuas i gcomhnuidhe é.



Badh mhór an dearmhad a shamhlughadh gur
cánacha móra cosanta is mó fé ndeár
an laghdughadh san ar earraidhe iasachta
do cheannach. Bfhearr a rádh gurb é fás
na ceárdaidheachta sa Rúise féin fé
ndeár é. Gan amhrus do chabhruigh cánacha
cosanta, chomh maith le neithibh eile, chun
deuntóirí mhealladh go dtí an Pholainn
agus an Rúise ón nGearmáin agus
ó Shasana. Cathair Ghearmáineach nách
mór iseadh Lodz na Polainne, atá ina
macshamhail do Mhanchúin Shasana, agus
tá treo-leabhair thrádála na Rúise lán
d'ainmneacha Sasanach is Gearmáineach.
Tá lucht caipitail ó Shasana agus ón
nGearmáin agus innealtóirí agus lucht
tosaigh oibre ó Shasana taréis gnóthaí
cadáis a chur ar bun sa Rúise ar an
gcuma is féarr ina mbíd ina ndúithchibh
féin; agus is dícheallach anois iad ag


L. 5


cur feabhais ar ghnóthaí olna agus ar
ghnóthaí measínteachta; agus tá
Beilgeacha taréis ceárdaidheacht mhór
iarainn a chruthughadh sa Rúise Theas agus
ba ghairid an mhoill orra é. Níl amhrus
ar bith anois go gcuirfeadh sé cosc le
fás ceárdaidheachta na Rúise gabháil le
polasaidhe saorcheannaidheachta agus ní
hag lucht economice amháin atá an
tuairim sin acht ag roinnt deuntóirí
Rúisíneach leis. Ní dheunfadh sé acht
baint ó phrófíd mhór na ndaoine úd ná
cuireann feabhas ar a gcuid fachtairí
agus gur ar phágh bheag agus ar shaothar
fhada dá lucht oibre is mó bhíonn a
seasamh.



Foclóirín



Gnóthaí teaghlaigh (nó, tighe, domestic)
industries.
Muc-iarann, pig-iron.
Treo-leabhair thrádála, trade director es.
Lucht tosaigh oibre, foremen.
Polasaidhe saor-cheannuaidheachta, free-trade
policy.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services