Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal I (ar leanmhaint) Acht má bhreithnighmíd brainsí fé leith go mórmór na gnóthaí teicstile agus na hoibreacha measínteachta is mó fós an dul ar aghaidh a samhlóchar dúinn a bheith deunta ag an Rúise. Nuair a bhreithnighmid, mar sin, cúrsaí na n-ocht mbliain ndeug a chuaidh roimis an mbliadhain 1879 (nuair a meudaigheadh an cháin ar earraidhibh eachtrann deich fichead fén gceud ag a ghaibh an riaghaltas i gceart le polsaidhe na gcánach gcosanta), gheibhmíd gur mheudaigh fé thrí i gcaitheamh na haimsire sin ar eudach cadáis a dheunamh, cé ná raibh aon cháin ar chadás eachtrann, agus nár mheudaigh líon an lucht oibre bhí sa gnó san acht 25 fén gceud. Ba chuma san nó luach a ndeineadh gach oibridhe do mheudughadh ó £45 go dtí £117. I gcaitheamh na naoi mbliadhan a tháinig ina dhiaidh sin (1880-1889), do mheudaigh fé dhó, agus ní ba mhó, ar an sochar bliadhna, .i. 3,200,000 ceud meadhchaint nó luach £49,000,000 méid nách beag le rádh. I gcaitheamh na mbliadhan 1890-1900, go mheudaigh fé dhó arís ar an sochar bliadhna, mar mheudaigh ar a n-oibrighthí de chadás neamhoibrighthe i bhfactairibh na Rúise ó 255,000 ceud- meádhchaint sa mbliadhain de go dtí 320,000 ceud-meádhchaint, agus do mheudaigh ar uimhir na bhfearsaidí ó 3,457,000 dhíobh go dtí 6,646,000 dhíobh sa bhliadhain 1900 agus go dtí 8,306,000 sa bhliadhain 1900. Agus, dá eughmais san, is beag ná go bhfuil margadh na eudaigh cadáis gan teora sa Rúise mar tá 165,000,000 de dhaoine inti agus díolann sí roinnt eudaigh chadáis i bPeirse agus i lár na hÁisia, leis. Is fíor nach foláir don Rúise mín-abhrus agus snáth fuaghála cheannach ón gcoigríoch fós, acht ní fada go bhfeudfaid deuntóirí ó Mhanchúin chuige sin, mar is snáth leo san anois muilinn a chur ar bun sa Rúise. Le congnamh airgid agus innealtóirí ó Shasana do hosclodh dhá mhuileann mhóra sa Rúise sa bhliadhain 1897 chum mín-abhrus cadáis a shníomh ionnta, agus níl i bhfad ó d'oscail deun- tóir ó Mhancúin (fear is aithnid dá lán dhaoine) tigh céirde ag Moscó chun caol-snáth miotáil a dheunamh ann i gcóir cárdáil chadáis. Do tógadh tuilleadh tighthe céirde ó shin ann ar an gcuma san. Téidheann caipital thar teorainn gach tíre, pé cháin a cuirtear ar earraidhe iasachta ná ná cuirtar, mar ní bhaineann caipital le haon tír seachas a chéile. Is fíor san go léir i dtaobh olna leis. Ar feadh roinnt aimsire ní raibh an Rúise chomh maith le náisiúnaibh eile chum earraidhe olna dheunamh. Acht bhí muilinn dhá dtógáil sa Rúise agus sa Pholainn gach aon bhliadhain ag lucht muileann ó Shasana, ón nGearmáin, agus ón mBeilg, agus na córacha bhfearr ar bith dhá chur isteach ionta, chum olna do chíoradh nó do shníomh nó dfhighe, fé mar a ráinigheadh, i gcás gur ghnáth cheithre chúigeadh cuid d'olainn, choitcheannta na dútha agus oiread ceudna d'olainn mhín na dútha a chíoradh agus a shníomh sa bhaile agus gan acht an cúigeadh cuid a chur thar triúchaibh. Mar sin de, tá imtheacht gan teacht ar aimsir na holna ón ndeimheas do dhíol don Rúise. Maidir le measínteacht a dheunamh, níl aon chomórtas idir an aimsir seo agus an bhliadhain 1861, nó an bhliadhain 1870, féin. A bhuidhe sin le hinnealtóirí ó Shasana agus ón bhFrainc ar dtúis, agus ina dhiaidh sin leis an ndul ar aghaidh a deineadh sa teicniceacht sa Rúise féin, ní gábhadh dhi aon chuid de phlanda na mbóthar iarainn a cheannach ón gcoigríoch feasta. Agus maidir le measínteacht chum feirmeoireachta, is eol dúinn, ó chuid de chuntaisibh consulachta na Breataine Móire, gur maith a thagaid measíní buana agus ceuchta na Rúise as an gcomórtas ar an margadh lena gcomhsamhail d'uirlisíbh ó Americá agus ó Shasana. I gcaitheamh na mblian 1880- 1890, d'fhás gnó na measínteachta go mór ins na hÚralaibh Theas (mar ghnó sráid- bhaile, a cuireadh ar bun ag lucht Scoil Theicniceáltha na Comhairle Ceanntair, nó an zemstvo, atá ag Krasnoufimsk) agus, go mórmór, ar na machairí atá le fánaidh go muir Azov. Sa bhliadhain 1894, thug an leas-chonsul Green cuntas air an áit deiridh sin mar seo: "I bhfochair tuairim ocht, nó deich, de mhóthíghthibh céirde tá iomláine an cheanntair chonsulaigh breac le hoibreacha beaga innealtóireachta gur measíní agus uirlisí feirmeoireachta is mó deuntar ionta agus tá fundraí in bhfurmhór. ... Tá le maoidheamh ag baile Bherdyansk gur ann atá an tigh céirde is mó san Eoraip chum measíní buana dheunamh ann, tigh gur féidir trí mhíle measín sa mbliadhain a dheunamh ann."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services