Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhain



Caibideal I
(ar leanmhaint)



Acht má bhreithnighmíd brainsí fé leith
go mórmór na gnóthaí teicstile agus
na hoibreacha measínteachta is mó fós
an dul ar aghaidh a samhlóchar dúinn a
bheith deunta ag an Rúise. Nuair a
bhreithnighmid, mar sin, cúrsaí na n-ocht
mbliain ndeug a chuaidh roimis an
mbliadhain 1879 (nuair a meudaigheadh
an cháin ar earraidhibh eachtrann deich
fichead fén gceud ag a ghaibh an
riaghaltas i gceart le polsaidhe na
gcánach gcosanta), gheibhmíd gur mheudaigh
fé thrí i gcaitheamh na haimsire sin ar
eudach cadáis a dheunamh, cé ná raibh
aon cháin ar chadás eachtrann, agus nár
mheudaigh líon an lucht oibre bhí sa
gnó san acht 25 fén gceud. Ba chuma
san nó luach a ndeineadh gach oibridhe do
mheudughadh ó £45 go dtí £117. I
gcaitheamh na naoi mbliadhan a tháinig
ina dhiaidh sin (1880-1889), do mheudaigh
fé dhó, agus ní ba mhó, ar an sochar
bliadhna, .i. 3,200,000 ceud meadhchaint
nó luach £49,000,000 méid nách beag
le rádh. I gcaitheamh na mbliadhan
1890-1900, go mheudaigh fé dhó arís ar
an sochar bliadhna, mar mheudaigh ar a
n-oibrighthí de chadás neamhoibrighthe i
bhfactairibh na Rúise ó 255,000 ceud-
meádhchaint sa mbliadhain de go dtí
320,000 ceud-meádhchaint, agus do
mheudaigh ar uimhir na bhfearsaidí ó
3,457,000 dhíobh go dtí 6,646,000 dhíobh
sa bhliadhain 1900 agus go dtí 8,306,000
sa bhliadhain 1900. Agus, dá eughmais
san, is beag ná go bhfuil margadh na
eudaigh cadáis gan teora sa Rúise mar
tá 165,000,000 de dhaoine inti agus
díolann sí roinnt eudaigh chadáis i
bPeirse agus i lár na hÁisia, leis. Is
fíor nach foláir don Rúise mín-abhrus
agus snáth fuaghála cheannach ón
gcoigríoch fós, acht ní fada go bhfeudfaid
deuntóirí ó Mhanchúin chuige sin, mar is
snáth leo san anois muilinn a chur ar
bun sa Rúise. Le congnamh airgid agus
innealtóirí ó Shasana do hosclodh dhá
mhuileann mhóra sa Rúise sa bhliadhain
1897 chum mín-abhrus cadáis a shníomh
ionnta, agus níl i bhfad ó d'oscail deun-
tóir ó Mhancúin (fear is aithnid dá lán
dhaoine) tigh céirde ag Moscó chun
caol-snáth miotáil a dheunamh ann i
gcóir cárdáil chadáis. Do tógadh
tuilleadh tighthe céirde ó shin ann ar an
gcuma san. Téidheann caipital thar
teorainn gach tíre, pé cháin a cuirtear
ar earraidhe iasachta ná ná cuirtar, mar
ní bhaineann caipital le haon tír
seachas a chéile.



Is fíor san go léir i dtaobh olna leis.
Ar feadh roinnt aimsire ní raibh an
Rúise chomh maith le náisiúnaibh eile chum
earraidhe olna dheunamh. Acht bhí muilinn
dhá dtógáil sa Rúise agus sa Pholainn
gach aon bhliadhain ag lucht muileann ó
Shasana, ón nGearmáin, agus ón mBeilg,
agus na córacha bhfearr ar bith dhá chur
isteach ionta, chum olna do chíoradh nó
do shníomh nó dfhighe, fé mar a ráinigheadh,
i gcás gur ghnáth cheithre chúigeadh cuid
d'olainn, choitcheannta na dútha agus
oiread ceudna d'olainn mhín na dútha
a chíoradh agus a shníomh sa bhaile agus
gan acht an cúigeadh cuid a chur thar
triúchaibh. Mar sin de, tá imtheacht gan
teacht ar aimsir na holna ón ndeimheas
do dhíol don Rúise.



Maidir le measínteacht a dheunamh,
níl aon chomórtas idir an aimsir seo
agus an bhliadhain 1861, nó an bhliadhain
1870, féin. A bhuidhe sin le hinnealtóirí
ó Shasana agus ón bhFrainc ar dtúis,
agus ina dhiaidh sin leis an ndul ar
aghaidh a deineadh sa teicniceacht sa
Rúise féin, ní gábhadh dhi aon chuid de
phlanda na mbóthar iarainn a cheannach
ón gcoigríoch feasta. Agus maidir le
measínteacht chum feirmeoireachta, is eol
dúinn, ó chuid de chuntaisibh consulachta
na Breataine Móire, gur maith a thagaid
measíní buana agus ceuchta na Rúise
as an gcomórtas ar an margadh lena
gcomhsamhail d'uirlisíbh ó Americá agus
ó Shasana. I gcaitheamh na mblian 1880-
1890, d'fhás gnó na measínteachta go mór
ins na hÚralaibh Theas (mar ghnó sráid-
bhaile, a cuireadh ar bun ag lucht Scoil
Theicniceáltha na Comhairle Ceanntair,
nó an zemstvo, atá ag Krasnoufimsk)
agus, go mórmór, ar na machairí atá le
fánaidh go muir Azov. Sa bhliadhain
1894, thug an leas-chonsul Green
cuntas air an áit deiridh sin mar seo:
"I bhfochair tuairim ocht, nó deich, de
mhóthíghthibh céirde tá iomláine an
cheanntair chonsulaigh breac le hoibreacha
beaga innealtóireachta gur measíní agus
uirlisí feirmeoireachta is mó deuntar
ionta agus tá fundraí in bhfurmhór.
... Tá le maoidheamh ag baile
Bherdyansk gur ann atá an tigh céirde
is mó san Eoraip chum measíní buana
dheunamh ann, tigh gur féidir trí mhíle
measín sa mbliadhain a dheunamh ann."

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services