Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal I (ar leanmhaint) Mar sin don Ghearmáin leis. I gcaitheamh an leathcheud blian so d'imthigh thorainn agus go mórmór ó aimsir an chogaidh deiridh, do cuireadh athórdughadh ar a cheárdaidheacht. Do mheudaigh ar líon na daoine ó dhachad milleon go dtí trí fichid milleon. Meudughadh ar líon lucht na gcathrach é sin gan baint ó líon aicme na feirmeoireachta, agus ins na cathracha ba mheudughadh ar líon aicme na ceárdaidheachta é. Do cuireadh feabhas mór ar mheaisínteacha na ceár- daidheachta agus i dtaobh furmhór meaisínteacht na nua-cheárdaidheachta níl a sárughadh le fágháil agus an domhan go léir do chuardach. Tá ana-chuid lucht oibre agus lucht teicneólogachta aici agus sárfhoghluim i dteicniceacht agus i léigheann orra, agus an sluagh mór foghlumanta de lucht céimidheachta agus de lucht fisiceacha agus de lucht innealtóireachta atá aici, is mór an chabhair don cheárdaidheacht iad, chum feabhais do chur ar an gceárdaidheacht agus chun eolas ar léigheannaibh agus eolas teicniceáltha do leathadh ar fuaid na tíre. Sidí aimsir an árdmhisnigh agus na hárdmheanmna aici, aimsir an obann-fháis agus na neart a thagann ó gach aon rud do thosnughadh as an nua. Ag ceannach ó Shasana a bhíodh sí leath- cheud bliain ó shoin, acht is ag iomaidh léi ar mhargaidhibh na hEorpa agus na hÁisia a bhíonn sí anois agus lena luas atá an cheárdaidheacht ag fás aici ní fada go mbrathfar an iomaidh sin níos mó ná mar a braithtear anois é. San am gceudna, taréis don cheárd- aidheacht éirghe mar bheadh tuile sa taobh thiar thuaidh den Eoraip, do leath sí soir agus soir ó dheas agus tá sí ag leathadh fós agus, ag leathadh soir di, beireann sí léi go tíorthaibh iargcúltha gach feabhsughadh atá againn de bhárr inbhein- seanacha mecanice agus inbheinseanacha ceimice an chúig scór bliadhan so caithte againn. Geibheann sí ón léigheann gach cabhair is féidir don léigheann a thabhairt di agus, gach dream dá sroiseann sí, bíonn sainnt aorra chun na dtortha is deunaighe thagann ar an eolas. An t-eolas do ráinig Manchúin taréis ceud blian do thabhairt dá chuardach agus dá thriail, bhí a thoradh san ag an nGearmáin i gcóir a nua-cheárdaidheachta; agus an t-eolas atá ag Manchúin agus ag an Saxóin fé láthair taréis a saothair go léir, fuair an Rúise uatha in aisce é le deunaighe agus, ó 'sé a huain-se anois é, tá sí a d'iarraidh bheith neamhspleádhach leis an Eoraip Thiar agus, in ionad bheith ag ceannach ón mBreatain nó ón nGear- máin mar a bhíodh, tá sí ag cur chun earraidhe dheunamh di féin agus ní go righin é. Foclóirín Iasachtaí iasachta, .i. foreign loans. Aon-tseilbh na ceárdaidheachta, .i. the monopoly of industry. Meadhon-aicme, .i. middle class Tigheasaigh thuatha, .i. peasant householders Earraidhe teicstile (nó teistile) .i. textile goods. Ó textels na Laidne, a thagann ó texo, pighinn. Ionann earraí teistile agus earraí fighte nó earraí is féidir 'fhighe. Abhrus, .i. snáth .i. yarn Claonadh, .i. tendency Coilíneacht, colony Innealtóireacht .i. engineering Aimsir an árdmhisnigh agus na hárd- mheanman .i. period of Aufschwung
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services