Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhain



Caibideal I
(ar leanmhaint)



Mar sin don Ghearmáin leis. I
gcaitheamh an leathcheud blian so d'imthigh
thorainn agus go mórmór ó aimsir an
chogaidh deiridh, do cuireadh athórdughadh
ar a cheárdaidheacht. Do mheudaigh ar
líon na daoine ó dhachad milleon go dtí
trí fichid milleon. Meudughadh ar
líon lucht na gcathrach é sin gan baint
ó líon aicme na feirmeoireachta, agus
ins na cathracha ba mheudughadh ar líon
aicme na ceárdaidheachta é. Do cuireadh
feabhas mór ar mheaisínteacha na ceár-
daidheachta agus i dtaobh furmhór
meaisínteacht na nua-cheárdaidheachta níl
a sárughadh le fágháil agus an domhan go
léir do chuardach. Tá ana-chuid lucht
oibre agus lucht teicneólogachta aici
agus sárfhoghluim i dteicniceacht agus
i léigheann orra, agus an sluagh
mór foghlumanta de lucht céimidheachta
agus de lucht fisiceacha agus de lucht
innealtóireachta atá aici, is mór an
chabhair don cheárdaidheacht iad, chum
feabhais do chur ar an gceárdaidheacht
agus chun eolas ar léigheannaibh agus
eolas teicniceáltha do leathadh ar fuaid
na tíre. Sidí aimsir an árdmhisnigh
agus na hárdmheanmna aici, aimsir an
obann-fháis agus na neart a thagann ó
gach aon rud do thosnughadh as an nua.
Ag ceannach ó Shasana a bhíodh sí leath-
cheud bliain ó shoin, acht is ag iomaidh léi
ar mhargaidhibh na hEorpa agus na
hÁisia a bhíonn sí anois agus lena luas
atá an cheárdaidheacht ag fás aici ní
fada go mbrathfar an iomaidh sin níos
mó ná mar a braithtear anois é.



San am gceudna, taréis don cheárd-
aidheacht éirghe mar bheadh tuile sa taobh
thiar thuaidh den Eoraip, do leath sí soir
agus soir ó dheas agus tá sí ag leathadh
fós agus, ag leathadh soir di, beireann
sí léi go tíorthaibh iargcúltha gach
feabhsughadh atá againn de bhárr inbhein-
seanacha mecanice agus inbheinseanacha
ceimice an chúig scór bliadhan so caithte
againn. Geibheann sí ón léigheann gach
cabhair is féidir don léigheann a thabhairt
di agus, gach dream dá sroiseann sí,
bíonn sainnt aorra chun na dtortha is
deunaighe thagann ar an eolas. An
t-eolas do ráinig Manchúin taréis ceud
blian do thabhairt dá chuardach agus dá
thriail, bhí a thoradh san ag an nGearmáin
i gcóir a nua-cheárdaidheachta; agus an
t-eolas atá ag Manchúin agus ag an
Saxóin fé láthair taréis a saothair go
léir, fuair an Rúise uatha in aisce é le
deunaighe agus, ó 'sé a huain-se anois
é, tá sí a d'iarraidh bheith neamhspleádhach
leis an Eoraip Thiar agus, in ionad bheith
ag ceannach ón mBreatain nó ón nGear-
máin mar a bhíodh, tá sí ag cur chun
earraidhe dheunamh di féin agus ní go
righin é.



Foclóirín



Iasachtaí iasachta, .i. foreign loans.



Aon-tseilbh na ceárdaidheachta, .i. the
monopoly of industry.



Meadhon-aicme, .i. middle class



Tigheasaigh thuatha, .i. peasant householders



Earraidhe teicstile (nó teistile) .i. textile
goods. Ó textels na Laidne, a thagann ó
texo, pighinn. Ionann earraí teistile agus
earraí fighte nó earraí is féidir 'fhighe.



Abhrus, .i. snáth .i. yarn



Claonadh, .i. tendency



Coilíneacht, colony



Innealtóireacht .i. engineering



Aimsir an árdmhisnigh agus na hárd-
mheanman .i. period of Aufschwung

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services