Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal I (ar leanamhaint) Nuair iompaighmíd ó theagosc na leabhar ar an gcuma san agus a scrúdaighmíd an bheatha ina hiomláine ní fada go bhfeicimíd, bíodh nách féidir tairbhe na roinne diombhuaine sin thuas do sheunadh, gur mithid tairbhe comh- shnadhmadh na gceárd dfhógairt. Is ar an gceud ní dhíobh san is mó a luighidís lucht economice go dtí so. Acht isé an dara ní dhíobh fhógraimídne. Agus deirimíd gurb é saoghal a bfhearr (.i. an saoghal atá ag teacht cheana féin); ná an saoghal ina mbeadh obair aigne agus obair chuirp ar siubhal ag cách, an saoghal ina mbeadh gach duine infheadhma ina fhear oibre agus gach fear oibre le céird agus le feirmeoireacht, an saoghal ina mbeadh gach dream daoine, a bheadh líonmhar a ndóthain chum uimhir áirithe d'acfuinní nádúrtha chur chum críche - náisiún, béidir, nó i gceart, muintir réigiúin - agus iad ag saothrú ceárd is talmhan dóibh féin agus ag úsáid furmhór an tsochair a bheurfadh idir ceárd is talamh. Ní nach iongnadh ní féidir a leithéid sin d'athrú thabhairt chum críche i gceart faid a leigfidh an t-ordú atá ar an saoghal do thighearnaí talmhan agus do lucht caipitail farasbár toradh saothair na ndaoine chur in áirithe dhóibh féin ar scáth an Stáit agus ar scáth na gceart atá aca ón tseanaimsir. Tá órdú ceárdaidheacht na haimsire seo, órdú 'na bhfuil roinnt na hoibre mar bhun leis, tá sé ag iompar an tsíl a chuirfidh deire leis féin mar is cóir. Is deacra- de na t-ordú san do choimeád ar bith gach cor cruaidh dá mbeireann an cheár- daidheacht, agus is géire agus is buaine 'ná a chéile gach cor cruaidh dá dtagann, agus is géire de fós agus is measa de gach cor cruaidh aca na harmála agus na cogaidhe bhaineann leis an órdú san. Dá eughmais sin, tá an lucht oibre ghá rádh go neamhbalbh ná fhuilingeochaidh le foidhne feasta an t-anró bhaineann leis na coraibh cruadha san. Agus dá mhéid cor cruaidh aca thiocfaidh iseadh is giorra dhúinn an lá a bheidh an saoghal so an tsealbhais phríobháidigh agus an tsoláthair phríobháidigh dá shuathadh ó bhun go bharr le bruighean agus le hachrann idir dhaoine agus dá mhéid ciall a bheidh ag na daoine 'na bhfuil na príbhléidí anois aca iseadh is lugha bheidh an t-achrann san ar ball. Acht deirimíd leis, go dteipfidh ar aon iarracht dá ndeunfaidh sóisialaigh ar aithearrach crota chur ar an órdú atá idir lucht caipitail agus lucht oibre muna dtugaidh aire san am gceudna don chlaonadh úd chum ceárda do chomhsnadhmadh. Ní thug na scoileanna sóisialacha oiread aire don chlaonadh san agus is dóigh linne badh chóir dóibh a thabhairt dó, acht caithfidh é dheunamh. Nuair a deunfar an saoghal d'athórdú caithfear an fallás úd do thréigean, .i. gur fearrde don domhan gach náisiún fé leith do bheith taobh le haon obair amháin, .i. obair chéirde nó obair thalmhan. Mar chaithfidh gach náisiún biadh do sholáthar di féin ina dúthaigh féin mar aon le furmhór an adhbhair neamhoibhrighthe bheidh uaithe (nó cuid mhór de ar aon chuma). Beidh uirri feirmeoireacht agus ceárdaidheacht do chur le chéile, .i. obair thalmhan do chomshnadhmadh le gnó céirde "scaoilte" agus chum go mbeidh na daoine inneamhail dó san caithfear "scolaigheacht iomlán- uighthe" do thabhairt dóibh le linn a n-óige, .i. scolaigheacht do bheurfadh dóibh taithighe ar obair láimhe agus eolas ar léigheann do bheith aca in éineacht.
Foclóirín Sonnradhacht, specialization Ceárdaidheacht, .i. industry, .i. obair chéirde. Gnó céirde, .i. an industry nó an industrial concern or establishment. Uaireanta isé brigh bhíonn agam leis ná mar seo, cuir i gcás, gnó an chadáis .i. the cotton industry. Dheunfadh "ceárdaidheacht an chadáis" an gnó leis. Nuair ná tiocfadh an focal industry isteach in aiste nó i leabhar acht uair nó dhó, go haonaránach, badh cheart "-céirde" do scrí' indiaidh "gnó" mar is mó saghas gnótha atá ann seochas gnó céirde. Nuair a thiocfadh sé isteach go minic níor mhiste "céirde" a leigint ar lár, mar a dheinimse go gnáth sa leabhar seo. Teicniceálta (nó teicniceach) .i. technical. Ní maith liom "ceárdamhail" .i. curious, cunning, well-wrought, tradesman-like (Foclóir Uí Dhuinnín). B'fhearr liom (agus is fhearrde an Ghaedhilg é) fiche focal iasachta do ghlacadh isteach sa Ghaedhilg ná éigean do dheunamh ar oiread is aon fhocal amháin Ghaedhilge dfhonn bhrigh nách dúthchas dó do thabhairt do. An mhuintir go mbíonn an rud "technical" so agus an rud "technical" úd aca dhá rádh i gcomhnuidhe, do mholfainn dóibh "teicnicealtha" nó "teicniceach" do chur in úsáid feasta. Teicneólogacht, nó léigheann (nó teagasc) sa gceárd, nó léigheann céirde .i. technology, teicneolagach, technological, teicneolagaidhe, technologist. Níl "léigheann na gceárd" ró-chruinn, béidir. Dheunfadh sé an gnó mar bhrigh ar "industrial science", leis má tá a leithéid ann. Luighdís .i. they used to emphasize. Fuaras an focal san, agus an brígh sin leis i "Seanmóin agus trí fichid." Sochar .i. produce. Sochar talmhan, agri- cultural produce. Sochar céirde, industrial produce. Sochar airgid, gross money or financial returns. Profid (atá ag muintir Chiarraighe), net money or financial, returns or profit. Faid a leigfidh an t-órdú atá ar an saoghal, .i. so long as the present organisation of * allows. Tá "gleusadh" agam ar "organisation" leis. "Caipital, .i. capital. San economiceacht (agus go mórmór ag na Soisialaigh) isé brigh bhíonn le "capital" ná rud ar bith a théidheann chun saidhbhreas (.i. biadh agus earraí) do dheunamh. Ní hairgead é. Níl san airgead acht meadhon malairte. Ní fíorshaidhbhreas airgead acht is fíorshaidhbhreas ráinn nó snatha nó casúr nó píosa tailimh nó adhmad. Capitalach, capitalist (mar aideacht nó mar ainmfhocal). Capitalacht (nó -achas), capitalism. Bun-airgead, the money capital for starting a business, etc. Farasbár toradh saothair na ndaoine, .i. the surplus of human production. Ar scáth an Stáit, agus c. .i. under the protection of the State and historical rights. Ordú ceárdaíocht na haimsire seo, .i. the present industrial system. Cor cruaidh, .i. crisis. Tá "meath" agus "meathlú" agam, leis. Sealbhas príobháideach, agus c. .i. individual (or private) property and production (or supply). Sóisialach, .i. socialist (mar ainm nó mar aideacht). Sóisialta, .i. social, socialistic, socialist (mar aideacht). Sóisialacht nó sóisialachas nó sóisialtas, .i. socialism. Sóisiólogacht, .i. sociology. Sóisiólogaidhe, sociologist. Órdú atá idir lucht caipital agus lucht oibre .i. the present relations between Capital and Labour. An saoghal d'athórdú .i. to re-organise society. Fallás, .i. fallacy. Tá an focal so sa Ghaedhilg cheana acht tá mórán crot air .i. plás, agus c. Isé brigh bhíodh leis ná "deception, falsehood." (Feic Gadelica, leath. 273) Ní miste é aithbheochaint agus brigh an fhocail "fallacy" do thabhairt dó .i. argóint gan mhaith a fheuchann go maith nó éitheach i riocht fírinne. Gnó céirde "scaoilte" .i. a decentralized industry. Gnó céirde "cruinnighthe", centralized industry, .i. cruinnighthe in aon tír amháin nó in aon fhachtaire (nó tighcéirde) mór amháin. Chuirfinn "innighthe" (inne, centre) mar Gh. ar "centralized" agus "di- innighthe" ar "decentralized," acht nár bhfuiriste na focail sin a thuiscint. - L.Ó R.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services