Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhain



Caibideal I (ar leanamhaint)



Nuair iompaighmíd ó theagosc na
leabhar ar an gcuma san agus a
scrúdaighmíd an bheatha ina hiomláine
ní fada go bhfeicimíd, bíodh nách féidir
tairbhe na roinne diombhuaine sin thuas
do sheunadh, gur mithid tairbhe comh-
shnadhmadh na gceárd dfhógairt. Is ar
an gceud ní dhíobh san is mó a luighidís
lucht economice go dtí so. Acht isé
an dara ní dhíobh fhógraimídne. Agus
deirimíd gurb é saoghal a bfhearr (.i.
an saoghal atá ag teacht cheana féin);
ná an saoghal ina mbeadh obair aigne
agus obair chuirp ar siubhal ag cách,
an saoghal ina mbeadh gach duine infheadhma
ina fhear oibre agus gach fear oibre
le céird agus le feirmeoireacht, an
saoghal ina mbeadh gach dream daoine, a
bheadh líonmhar a ndóthain chum uimhir
áirithe d'acfuinní nádúrtha chur chum
críche - náisiún, béidir, nó i gceart,
muintir réigiúin - agus iad ag saothrú
ceárd is talmhan dóibh féin agus ag
úsáid furmhór an tsochair a bheurfadh
idir ceárd is talamh.



Ní nach iongnadh ní féidir a leithéid
sin d'athrú thabhairt chum críche i gceart
faid a leigfidh an t-ordú atá ar an
saoghal do thighearnaí talmhan agus do
lucht caipitail farasbár toradh saothair
na ndaoine chur in áirithe dhóibh féin ar
scáth an Stáit agus ar scáth na gceart
atá aca ón tseanaimsir. Tá órdú
ceárdaidheacht na haimsire seo, órdú
'na bhfuil roinnt na hoibre mar bhun
leis, tá sé ag iompar an tsíl a chuirfidh
deire leis féin mar is cóir. Is deacra-
de na t-ordú san do choimeád ar bith
gach cor cruaidh dá mbeireann an cheár-
daidheacht, agus is géire agus is buaine
'ná a chéile gach cor cruaidh dá dtagann,
agus is géire de fós agus is measa de
gach cor cruaidh aca na harmála agus
na cogaidhe bhaineann leis an órdú san.
Dá eughmais sin, tá an lucht oibre ghá
rádh go neamhbalbh ná fhuilingeochaidh le
foidhne feasta an t-anró bhaineann leis
na coraibh cruadha san. Agus dá mhéid
cor cruaidh aca thiocfaidh iseadh is giorra
dhúinn an lá a bheidh an saoghal so an
tsealbhais phríobháidigh agus an tsoláthair
phríobháidigh dá shuathadh ó bhun go bharr
le bruighean agus le hachrann idir
dhaoine agus dá mhéid ciall a bheidh ag
na daoine 'na bhfuil na príbhléidí anois
aca iseadh is lugha bheidh an t-achrann
san ar ball.



Acht deirimíd leis, go dteipfidh ar
aon iarracht dá ndeunfaidh sóisialaigh
ar aithearrach crota chur ar an órdú atá
idir lucht caipitail agus lucht oibre
muna dtugaidh aire san am gceudna don
chlaonadh úd chum ceárda do chomhsnadhmadh.
Ní thug na scoileanna sóisialacha oiread
aire don chlaonadh san agus is dóigh
linne badh chóir dóibh a thabhairt dó, acht
caithfidh é dheunamh. Nuair a deunfar
an saoghal d'athórdú caithfear an fallás
úd do thréigean, .i. gur fearrde don
domhan gach náisiún fé leith do bheith taobh
le haon obair amháin, .i. obair chéirde
nó obair thalmhan. Mar chaithfidh gach
náisiún biadh do sholáthar di féin ina
dúthaigh féin mar aon le furmhór an
adhbhair neamhoibhrighthe bheidh uaithe (nó
cuid mhór de ar aon chuma). Beidh uirri
feirmeoireacht agus ceárdaidheacht do
chur le chéile, .i. obair thalmhan do
chomshnadhmadh le gnó céirde "scaoilte"
agus chum go mbeidh na daoine inneamhail
dó san caithfear "scolaigheacht iomlán-
uighthe" do thabhairt dóibh le linn a
n-óige, .i. scolaigheacht do bheurfadh dóibh
taithighe ar obair láimhe agus eolas ar
léigheann do bheith aca in éineacht.


L. 11


Foclóirín



Sonnradhacht, specialization
Ceárdaidheacht, .i. industry, .i. obair chéirde.
Gnó céirde, .i. an industry nó an industrial
concern or establishment. Uaireanta isé
brigh bhíonn agam leis ná mar seo, cuir i gcás,
gnó an chadáis .i. the cotton industry.
Dheunfadh "ceárdaidheacht an chadáis" an
gnó leis. Nuair ná tiocfadh an focal industry
isteach in aiste nó i leabhar acht uair nó dhó,
go haonaránach, badh cheart "-céirde" do
scrí' indiaidh "gnó" mar is mó saghas
gnótha atá ann seochas gnó céirde. Nuair
a thiocfadh sé isteach go minic níor mhiste
"céirde" a leigint ar lár, mar a dheinimse
go gnáth sa leabhar seo.



Teicniceálta (nó teicniceach) .i. technical.
Ní maith liom "ceárdamhail" .i. curious,
cunning, well-wrought, tradesman-like
(Foclóir Uí Dhuinnín). B'fhearr liom (agus
is fhearrde an Ghaedhilg é) fiche focal iasachta
do ghlacadh isteach sa Ghaedhilg ná éigean do
dheunamh ar oiread is aon fhocal amháin
Ghaedhilge dfhonn bhrigh nách dúthchas dó do
thabhairt do. An mhuintir go mbíonn an rud
"technical" so agus an rud "technical"
úd aca dhá rádh i gcomhnuidhe, do mholfainn
dóibh "teicnicealtha" nó "teicniceach" do
chur in úsáid feasta.



Teicneólogacht, nó léigheann (nó teagasc)
sa gceárd, nó léigheann céirde .i. technology,
teicneolagach, technological, teicneolagaidhe,
technologist. Níl "léigheann na gceárd"
ró-chruinn, béidir. Dheunfadh sé an gnó mar
bhrigh ar "industrial science", leis má tá a
leithéid ann.



Luighdís .i. they used to emphasize. Fuaras
an focal san, agus an brígh sin leis i
"Seanmóin agus trí fichid."



Sochar .i. produce. Sochar talmhan, agri-
cultural produce. Sochar céirde, industrial
produce. Sochar airgid, gross money or
financial returns. Profid (atá ag muintir
Chiarraighe), net money or financial, returns
or profit.



Faid a leigfidh an t-órdú atá ar an saoghal,
.i. so long as the present organisation of
* allows. Tá "gleusadh" agam ar
"organisation" leis.



"Caipital, .i. capital. San economiceacht
(agus go mórmór ag na Soisialaigh) isé brigh
bhíonn le "capital" ná rud ar bith a théidheann
chun saidhbhreas (.i. biadh agus earraí) do
dheunamh. Ní hairgead é. Níl san airgead
acht meadhon malairte. Ní fíorshaidhbhreas
airgead acht is fíorshaidhbhreas ráinn nó
snatha nó casúr nó píosa tailimh nó adhmad.
Capitalach, capitalist (mar aideacht nó mar
ainmfhocal). Capitalacht (nó -achas),
capitalism. Bun-airgead, the money capital
for starting a business, etc.



Farasbár toradh saothair na ndaoine, .i.
the surplus of human production.



Ar scáth an Stáit, agus c. .i. under the protection
of the State and historical rights.



Ordú ceárdaíocht na haimsire seo, .i.
the present industrial system.



Cor cruaidh, .i. crisis. Tá "meath" agus
"meathlú" agam, leis.



Sealbhas príobháideach, agus c. .i. individual (or
private) property and production (or supply).



Sóisialach, .i. socialist (mar ainm nó mar
aideacht). Sóisialta, .i. social, socialistic,
socialist (mar aideacht). Sóisialacht nó
sóisialachas nó sóisialtas, .i. socialism.
Sóisiólogacht, .i. sociology. Sóisiólogaidhe,
sociologist.



Órdú atá idir lucht caipital agus lucht
oibre .i. the present relations between
Capital and Labour.



An saoghal d'athórdú .i. to re-organise
society.



Fallás, .i. fallacy. Tá an focal so sa
Ghaedhilg cheana acht tá mórán crot air .i.
plás, agus c. Isé brigh bhíodh leis ná "deception,
falsehood." (Feic Gadelica, leath. 273)
Ní miste é aithbheochaint agus brigh an fhocail
"fallacy" do thabhairt dó .i. argóint gan
mhaith a fheuchann go maith nó éitheach i riocht
fírinne.



Gnó céirde "scaoilte" .i. a decentralized
industry. Gnó céirde "cruinnighthe",
centralized industry, .i. cruinnighthe in aon
tír amháin nó in aon fhachtaire (nó tighcéirde)
mór amháin. Chuirfinn "innighthe" (inne,
centre) mar Gh. ar "centralized" agus "di-
innighthe" ar "decentralized," acht nár
bhfuiriste na focail sin a thuiscint. - L.Ó R.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services