Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal I (ar leanamhaint) Ní gheobhaid náisiúin leis an sonn- radhacht úd na gceárd leis. Óir ní hionann mian is meón, ná maoin is riachtanas, ná acfuinn is cumas aigne agus cuirp, ná cumas ceapadóireachta, do gach duine ná do gach treibh den náisiún, agus an tír is leis an náisiún is 'mó saghas tailimh agus aeir agus gleanna agus cnuic agus réidh sléibhe inti i dtreó gur móide fós an deifrigheacht idir gach triúcha agus idir gach treibh inti é agus isé an deifrigheacht san idir dhaoine agus idir thriúchaibh an ní is so-aitheanta inti agus, as san, ní mór gairm beathadh in aghaidh gach deifrigheachta. Leanann an cheár- daidheacht an fheirmeoireacht agus cabh- raigheann léi. Ní féidir a scarmhaint le chéile agus is breagh go léir an toradh bhíonn orra araon nuair a fightear ar a chéile in aon ghnó amháin iad. Dá mhéid a leathann eolas teicniceáltha imeasc daoine agus náisiún, i dtreo nách féidir a choimeád fé cheilt a thuille, iseadh is mó thagann cumas ag gach náisiún ar gach neart aici do chur i bhfeidhm ar an uile shórt ceárdaidheachta agus feirmeoireachta. Gabhann an t-eolas thar teorannaibh poiliticeacha nách nádúrtham agus ní taise don cheárdaidheacht é agus isé claonadh atá sa chine daoinne fé láthair ná claonadh chum oiread saighseann gnóthaí céirde a's is féidir do chruinniú i ngach tír agus i ngach taobh tíre taobh le taobh leis an bhfeirmeoireacht. Bíonn práinn an duine agus práinn na treibhe do réir a chéile mar sin, agus cé gurb é slighe is fearr chum gach gnó fé leith do chur ar aghaidh ná roinnt diombuan do dheunamh ar an obair a bhaineann leis, níl amhras ar bith ná go raghaidh an bhuan-roinnt ar ceal agus go dtiocfaidh ina hionad an duine agus an náisiún do ghabháil le gach saghas oibre bheidh oireamhnach dóibh .i. obair aigne agus obair chéirde agus obair thalmhan. D'eagarthóir an "Chlaidhimh" A Chara, Fuaras Leitir ón nDr. Mac Éinrí ar maidin agus ó thárla gur féidir go bhfuighinn tuille leitreacha den tsort cheudna ó dhaoinibh eile measaim gur fearr mo fhreagra ar leitir an Dochtúra chur sa "Chlaidheamh" i dtreo go bhfeicfidh na daoine eile sin é agus nár ghá dhóibhsean na leitreacha scríobhadh ná dhomhsa iad dfhreagairt ina gceann 's 'na gceann (agus gan uain agam air). Molann an Dochtúir dom "saidhbhreachas" nó "saidhbhreolas" nó "fearachas tíre" in ionad "economiceacht" (economics). 'Sé brigh bhainfinn a' "saidhbhreachas" ná "saidh- bhreas" (béidir), nó an dúil mhór atá ag daoine san aimsir seo i saidhbhreas (in Americá an "almighty dollar" go háirithe). Dheunfadh "fearachas" (nó "bainistighe" nó "baileachas" agus rl.) an gnó go háluinn mar Ghaedhilg ar an "political economy" féin acht "tíre" (mar a mholann an Dochtúir) nó "stáit" nó "poilitice" do chur ina dhiaidh, acht ní dheunfadh sé an gnó in aon chor mar Ghaedhilg ar "political economics", mar isé rud é "economics" na an léigheann a bhaineann le "economy." Dá bhrigh sin coimeádfad "economiceacht" mar Ghaedhilg ar "economics." Tá sé chomh maith dfhocal le "poilitidheacht", a cheap Eoin Mac Néill agus atá in úsáid go coitcheannta anois. Molann sé "gléasrach" nó "gléaslach" nó "innealach" nó "sáslach" dom in ionad "meaisínteacht." Tá "meaisín" sa Ghaedhilg le tamall maith. Chuireas "-teacht" leis chun go mbeadh Gaedhilg agam ar "machinery." 'Sé locht a gheibhim ar na focail sin adeir an Dochtúir ná mórán brigheanna bheith leo. Feic "gléas", "sás", agus "inneal" i bhfoclóir an Athar Ó Duinnín. Tá dosaen bhrigh, an chuid is lugha dhe, le gach focal díobh san agus bheadh oiread cheudna brigheanna le gach focal díobh san a mholann an Dochtúir. Más gléas nó sás nó inneal gach meaisín, ní meaisín gach gléas ná gach sás ná gach inneall. Bheadh sé chomh maith aige "deaghrud" do mholadh mar Ghaedhilge ar "machine", mar, ar ndóigh nach "deaghrud" gach "machine"! I dtaobh "léigheann" deir sé: "Is féidir le "mac léighinn" a bheith n-a "arts student" nó i n-a "divinity student."" Tá "arts" dhá úsáid annsan sa chéill tseanaimseardha. Tá's agam go bhfuil "arts students" ann acht ní fhoghlumaighid "art" ar bith. Nó béidir gur bhfearr a rádh go bhfoghlumaighid neithe atá ina "n-arts" agus ina "sciences" in éinfheacht, gramadach, cuir i gcás, acht pé rud adeurfaidhe i dtaobh "mac léighinn" is "scientist" (sa chéill chóir leathan den fhocal) gach fear léighinn, mar isé rud é léighinn ná "organised knowledge" agus sin é díreach an brigh atá le "science" acht ina dhiaidh san béidir go bhfuil an ceart ag an nDochtúir, mar, siúd is gur ionann "léigh- eann" agus "science", béidir nách ionann "fear léighinn" agus "scientist" - má chialluigheann "scientist" fear a chruinnigh- eann eolas agus a chuireann an t-eolas san
leis an eolas atá againn cheana. Béidir go bhfeudfadh duine bheith ina fhear léighinn acht eolas do chur ar thoradh saothair na "scientists." Béidir sin, acht ó thárla go bhfuil ainm eile ina chóir sin againn .i. fear foghlumanta .i. "a learned man" (foghluim, learning), 'sé mo thuairim láidir gur cheart dúinn "fear léighinn" agus "léigheann" a bheith againn mar Ghaedhilg ar "scientist" agus "science" agus "fear foghluma" nó "foghlumanta") agus "foghluim" mar Ghaedhilg ar "learned man" agus "learning." Deir an Dochtúir: "ealadh = a science." Deir an tÁthair Peadar liom (i leitir a fuaras uaidh) gur ionann "ealadha" agus "an art" agus isé mo thuairim gurb é sin brigh is minicí bhíonn leis ag muintir na Gaedhltachta. Tugtí "ealadha" ar arts agus ar science (mar a chéile) ins na sean- leabhraibh. Deir an Dochtúir: "dán = an art." Deir an tAthair Ó Duinnín gur ionann san is "a song, a poem; art, science, trade, calling, profession; a treasure." Ní dheunfadh sé an gnó dhom in aon chor. Caithfead, ar fuaid mo leabhair, deifríocht a choimeád idir na trí nithe "trade" (nó "mechanical art") agus "art" (nó "fine art") agus "science", agus an dá bhrigh sin chuireas mar Ghaedhilg orra "ceárd" agus "ealadha" agus "léigheann." Má leanann daoine eile mo shompla ní fada go mbeidh teora curtha againn le brigheanna an bfocal san, chomh maith is tá sé deunta i gcóir a gcomhfhocal san i dteangthachaibh eile. Níl aon tslighe eile chun stop a chur leis na foclaibh sin do dhul in aimhréidh ina chéile ag lucht labhartha na Gaedhilge. Muna ndeuntar é truailleochar cuid desna focail fé mar truailligheadh "fios", a chiallaigheadh "science" mallód agus ná ciallaigheann anois acht pisreogacht nó, an chuid is mó dhe, "occult knowledge." Rud eile, chím "Lautlehre, Phonetik, Sprachphysiolege" sa Ghearmáinis. "Teagasc sa bhFoghar" a bhíodh ag an nDóchtúir de Hindeberg. Tá "léigheann" chomh maith le "lehre" nó le "teagasc." Ní thuigim cadnathaobh ná beadh an dá fhocal san, "teagasc" agus "léigheann", againn sa chéill ina mbíonn "lehre" ag na Gearmáinigh. D'fheudfaimís an focal iasachta bheith againn leis i dtreo go bhfeudfaimís aideacht nó dobhriathar nó briathar a dheunamh de (rudaí ná feudfaimís a dheunamh de "theagasc na bhfoghar," agus c.) Níl maith leis an nDochtúir "léigheann absolóideach." Deir sé go bhfuil "an fuirm scartha" ("the absolute form"?) sa ghramadaigh. Ní dheunfadh "léigheann scartha" an gnó. Béidir go ndeunfadh "léigheann na neamhchoingealltachta" an gnó, mar is ionann "absolute" agus neamhchoingeallta (unconditioned). Acht bheadh san ró-líobarnach. Tá "absolóid" (absolution) againn sa Ghaedhilg cheana. Cadnathaobh ná beadh "absol- óideach" (absolute) againn - uaireanta ar aon chuma, agus "an absolóid" (the Absolute .i. an t-aonní amháin atá gan coingeall .i. Dia)? Ní maith liom "eolas" mar Ghaedhilg ar an eirbaillín Gréigise "-ology" (comhrádh). Bfhearr go mór, "teagosc" nó "léigheann", mar adubhart, nó an t-eirbaillín -"acht" (bíólogacht, fisigeacht, agus c.) B'áiféiseach an rud le rádh "bhfuil eolas agat ar bheatha-eolas." Maidir le fisiceacht, "medical science" a chiallaigheadh sé fadó nuair a bhíodh an "physician" ina "physicist" chomh maith. Bhí "physics" agus "medical science" meascaithe ar a chéile. Do scaradh le chéile ó shoin iad. Rud eile, ní thugann aoinne "fisicidhe" ar "doctor of medicine" anois. Tá dhá fhocal in úsáid go coitcheannta againn .i. "Dochtúir" agus "liaigh." Tá "liagair- eacht" agam ar "science of medicine." Ó thárla go bhfuil "fisiceacht" imighthe as úsáid, ní miste dhúinn é aithbheochaint agus brigh nua thabhairt dó .i. "physics" nó "physical science." Maidir le "luascáin" a mholann an Dochtúir dom in ionad "springeanna," feic foclóir an athar Ó Duinnín (luascán, swinging to and fro; a rocking; a swing, a cradle). Do chuirfinn síos a thuille acht nár mhaith liom bheith "liosta don léightheoir", mar adeurfadh Seathrún Céitinn. Má bhíonn uain agam air béidir go scríobhfad an tseachtmhain seo chughainn chum a thespeáint cadé an gábhadh atá le focail iasachta thabhairt isteach sa Ghaedhilg. Má scríobhaim cuirfad sios ar a ngceist go léir. Mise do chara, Liam Ó Rinn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services