Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhain



Caibideal I



(ar leanamhaint)



Ní gheobhaid náisiúin leis an sonn-
radhacht úd na gceárd leis. Óir ní
hionann mian is meón, ná maoin is
riachtanas, ná acfuinn is cumas aigne
agus cuirp, ná cumas ceapadóireachta,
do gach duine ná do gach treibh den
náisiún, agus an tír is leis an náisiún
is 'mó saghas tailimh agus aeir agus
gleanna agus cnuic agus réidh sléibhe
inti i dtreó gur móide fós an
deifrigheacht idir gach triúcha agus idir
gach treibh inti é agus isé an deifrigheacht
san idir dhaoine agus idir thriúchaibh
an ní is so-aitheanta inti agus, as san,
ní mór gairm beathadh in aghaidh gach
deifrigheachta. Leanann an cheár-
daidheacht an fheirmeoireacht agus cabh-
raigheann léi. Ní féidir a scarmhaint
le chéile agus is breagh go léir an toradh
bhíonn orra araon nuair a fightear ar
a chéile in aon ghnó amháin iad. Dá
mhéid a leathann eolas teicniceáltha
imeasc daoine agus náisiún, i dtreo
nách féidir a choimeád fé cheilt a thuille,
iseadh is mó thagann cumas ag
gach náisiún ar gach neart aici do chur
i bhfeidhm ar an uile shórt ceárdaidheachta
agus feirmeoireachta. Gabhann an
t-eolas thar teorannaibh poiliticeacha
nách nádúrtham agus ní taise don
cheárdaidheacht é agus isé claonadh atá
sa chine daoinne fé láthair ná claonadh
chum oiread saighseann gnóthaí céirde a's
is féidir do chruinniú i ngach tír agus
i ngach taobh tíre taobh le taobh leis an
bhfeirmeoireacht. Bíonn práinn an
duine agus práinn na treibhe do réir
a chéile mar sin, agus cé gurb é slighe
is fearr chum gach gnó fé leith do chur
ar aghaidh ná roinnt diombuan do
dheunamh ar an obair a bhaineann leis,
níl amhras ar bith ná go raghaidh an
bhuan-roinnt ar ceal agus go dtiocfaidh
ina hionad an duine agus an náisiún
do ghabháil le gach saghas oibre bheidh
oireamhnach dóibh .i. obair aigne agus
obair chéirde agus obair thalmhan.



D'eagarthóir an "Chlaidhimh"



A Chara,



Fuaras Leitir ón nDr. Mac Éinrí ar
maidin agus ó thárla gur féidir go bhfuighinn
tuille leitreacha den tsort cheudna ó dhaoinibh
eile measaim gur fearr mo fhreagra ar
leitir an Dochtúra chur sa "Chlaidheamh"
i dtreo go bhfeicfidh na daoine eile sin é
agus nár ghá dhóibhsean na leitreacha scríobhadh
ná dhomhsa iad dfhreagairt ina gceann 's 'na
gceann (agus gan uain agam air).



Molann an Dochtúir dom "saidhbhreachas"
nó "saidhbhreolas" nó "fearachas tíre"
in ionad "economiceacht" (economics). 'Sé
brigh bhainfinn a' "saidhbhreachas" ná "saidh-
bhreas" (béidir), nó an dúil mhór atá ag
daoine san aimsir seo i saidhbhreas (in
Americá an "almighty dollar" go háirithe).
Dheunfadh "fearachas" (nó "bainistighe"
nó "baileachas" agus rl.) an gnó go háluinn
mar Ghaedhilg ar an "political economy"
féin acht "tíre" (mar a mholann an Dochtúir)
nó "stáit" nó "poilitice" do chur ina
dhiaidh, acht ní dheunfadh sé an gnó in aon chor
mar Ghaedhilg ar "political economics", mar
isé rud é "economics" na an léigheann a
bhaineann le "economy." Dá bhrigh sin
coimeádfad "economiceacht" mar Ghaedhilg
ar "economics." Tá sé chomh maith dfhocal
le "poilitidheacht", a cheap Eoin Mac Néill
agus atá in úsáid go coitcheannta anois.



Molann sé "gléasrach" nó "gléaslach"
nó "innealach" nó "sáslach" dom in
ionad "meaisínteacht." Tá "meaisín"
sa Ghaedhilg le tamall maith. Chuireas
"-teacht" leis chun go mbeadh Gaedhilg
agam ar "machinery." 'Sé locht a gheibhim
ar na focail sin adeir an Dochtúir ná mórán
brigheanna bheith leo. Feic "gléas", "sás",
agus "inneal" i bhfoclóir an Athar Ó
Duinnín. Tá dosaen bhrigh, an chuid is lugha
dhe, le gach focal díobh san agus bheadh oiread
cheudna brigheanna le gach focal díobh san a
mholann an Dochtúir. Más gléas nó sás nó
inneal gach meaisín, ní meaisín gach gléas
ná gach sás ná gach inneall. Bheadh sé chomh
maith aige "deaghrud" do mholadh mar
Ghaedhilge ar "machine", mar, ar ndóigh
nach "deaghrud" gach "machine"!



I dtaobh "léigheann" deir sé: "Is féidir
le "mac léighinn" a bheith n-a "arts student"
nó i n-a "divinity student."" Tá "arts"
dhá úsáid annsan sa chéill tseanaimseardha.
Tá's agam go bhfuil "arts students" ann acht
ní fhoghlumaighid "art" ar bith. Nó béidir
gur bhfearr a rádh go bhfoghlumaighid neithe
atá ina "n-arts" agus ina "sciences" in
éinfheacht, gramadach, cuir i gcás, acht
pé rud adeurfaidhe i dtaobh "mac léighinn"
is "scientist" (sa chéill chóir leathan den
fhocal) gach fear léighinn, mar isé rud é
léighinn ná "organised knowledge" agus
sin é díreach an brigh atá le "science" acht
ina dhiaidh san béidir go bhfuil an ceart ag an
nDochtúir, mar, siúd is gur ionann "léigh-
eann" agus "science", béidir nách ionann
"fear léighinn" agus "scientist" - má
chialluigheann "scientist" fear a chruinnigh-
eann eolas agus a chuireann an t-eolas san


L. 5


leis an eolas atá againn cheana. Béidir
go bhfeudfadh duine bheith ina fhear léighinn
acht eolas do chur ar thoradh saothair na
"scientists." Béidir sin, acht ó thárla go
bhfuil ainm eile ina chóir sin againn .i. fear
foghlumanta .i. "a learned man" (foghluim,
learning), 'sé mo thuairim láidir gur cheart
dúinn "fear léighinn" agus "léigheann"
a bheith againn mar Ghaedhilg ar "scientist"
agus "science" agus "fear foghluma"
nó "foghlumanta") agus "foghluim" mar
Ghaedhilg ar "learned man" agus "learning."



Deir an Dochtúir: "ealadh = a science."
Deir an tÁthair Peadar liom (i leitir a
fuaras uaidh) gur ionann "ealadha" agus
"an art" agus isé mo thuairim gurb é sin
brigh is minicí bhíonn leis ag muintir na
Gaedhltachta. Tugtí "ealadha" ar arts
agus ar science (mar a chéile) ins na sean-
leabhraibh. Deir an Dochtúir: "dán = an
art." Deir an tAthair Ó Duinnín gur ionann
san is "a song, a poem; art, science, trade,
calling, profession; a treasure." Ní dheunfadh
sé an gnó dhom in aon chor. Caithfead, ar
fuaid mo leabhair, deifríocht a choimeád idir
na trí nithe "trade" (nó "mechanical art")
agus "art" (nó "fine art") agus "science",
agus an dá bhrigh sin chuireas mar Ghaedhilg orra
"ceárd" agus "ealadha" agus "léigheann."
Má leanann daoine eile mo shompla ní fada
go mbeidh teora curtha againn le brigheanna
an bfocal san, chomh maith is tá sé deunta i
gcóir a gcomhfhocal san i dteangthachaibh eile.
Níl aon tslighe eile chun stop a chur leis na
foclaibh sin do dhul in aimhréidh ina chéile ag
lucht labhartha na Gaedhilge. Muna ndeuntar
é truailleochar cuid desna focail fé mar
truailligheadh "fios", a chiallaigheadh "science"
mallód agus ná ciallaigheann anois acht
pisreogacht nó, an chuid is mó dhe, "occult
knowledge."



Rud eile, chím "Lautlehre, Phonetik,
Sprachphysiolege" sa Ghearmáinis. "Teagasc
sa bhFoghar" a bhíodh ag an nDóchtúir de
Hindeberg. Tá "léigheann" chomh maith le
"lehre" nó le "teagasc." Ní thuigim
cadnathaobh ná beadh an dá fhocal san,
"teagasc" agus "léigheann", againn sa
chéill ina mbíonn "lehre" ag na Gearmáinigh.
D'fheudfaimís an focal iasachta bheith againn
leis i dtreo go bhfeudfaimís aideacht nó
dobhriathar nó briathar a dheunamh de (rudaí
ná feudfaimís a dheunamh de "theagasc na
bhfoghar," agus c.)



Níl maith leis an nDochtúir "léigheann
absolóideach." Deir sé go bhfuil "an fuirm
scartha" ("the absolute form"?) sa
ghramadaigh. Ní dheunfadh "léigheann scartha"
an gnó. Béidir go ndeunfadh "léigheann
na neamhchoingealltachta" an gnó, mar is
ionann "absolute" agus neamhchoingeallta
(unconditioned). Acht bheadh san ró-líobarnach.
Tá "absolóid" (absolution) againn sa
Ghaedhilg cheana. Cadnathaobh ná beadh "absol-
óideach" (absolute) againn - uaireanta ar
aon chuma, agus "an absolóid" (the
Absolute .i. an t-aonní amháin atá gan
coingeall .i. Dia)? Ní maith liom "eolas"
mar Ghaedhilg ar an eirbaillín Gréigise
"-ology" (comhrádh). Bfhearr go mór,
"teagosc" nó "léigheann", mar adubhart,
nó an t-eirbaillín -"acht" (bíólogacht,
fisigeacht, agus c.) B'áiféiseach an rud le rádh
"bhfuil eolas agat ar bheatha-eolas."



Maidir le fisiceacht, "medical science"
a chiallaigheadh sé fadó nuair a bhíodh an
"physician" ina "physicist" chomh maith.
Bhí "physics" agus "medical science"
meascaithe ar a chéile. Do scaradh le chéile
ó shoin iad. Rud eile, ní thugann aoinne
"fisicidhe" ar "doctor of medicine" anois.
Tá dhá fhocal in úsáid go coitcheannta againn
.i. "Dochtúir" agus "liaigh." Tá "liagair-
eacht" agam ar "science of medicine." Ó
thárla go bhfuil "fisiceacht" imighthe as úsáid,
ní miste dhúinn é aithbheochaint agus brigh
nua thabhairt dó .i. "physics" nó "physical
science."



Maidir le "luascáin" a mholann an
Dochtúir dom in ionad "springeanna,"
feic foclóir an athar Ó Duinnín (luascán,
swinging to and fro; a rocking; a swing,
a cradle).



Do chuirfinn síos a thuille acht nár mhaith
liom bheith "liosta don léightheoir", mar
adeurfadh Seathrún Céitinn.



Má bhíonn uain agam air béidir go
scríobhfad an tseachtmhain seo chughainn chum
a thespeáint cadé an gábhadh atá le focail
iasachta thabhairt isteach sa Ghaedhilg. Má
scríobhaim cuirfad sios ar a ngceist go léir.



Mise do chara,
Liam Ó Rinn

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services