Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1 (ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal I - (ar leanamhaint) Na neithe móra tháinig de bharr inbheinsionacha iongantacha an chúig scór bliadhan a bhí caithte, go mórmór i Sasana, is amhlaidh a dhalladar lucht economice agus lucht poilitidheachta i gcás nár bhfoláir leo dul níba shia fós le roinnt na hoibre, agus dá réir sin dfhógradar don tsaoghal nár mhór obair éigin fé leith a bheith ag gach náisiún fé leith. Dubhradar, cuir i gcás, gurb é cheap Dia don Rúise agus don Ungáir ná arbhar do shaothrú i gcóir na náisiún a dheineann earraí agus gurb é cheap Sé don Bhreatain ná eudach cadáis agus earraí iarainn agus gual a chur ar mhargadh an domhain, agus gurb é cheap Sé don Bheilg ná eudach olna dheunamh, agus mar sin sa timcheall. Ní headh, acht níor mhór, dar leo, gnó éigin fé leith a bheith ag gach roinn fé leith de gach tír. Mar sin atá le tamall agus ba cheart a bheith i gcomhnuidhe, dar leo; táid daoine taréis cáirne buidhe óir dheunamh ar an gcuma san agus leanfar de bheith ag deunamh amhlaidh ar an gcuma san. Taréis dóibh a fhógairt don tsaoghal gur do réir an airgid a dheineann beagán daoine is ceart saidhbhreas náisiúin a mheas agus gur tré roinnt na gceárd ina gcodaibh a deuntar an t-airgead mór, shíleadar ná feudfadh aoinne cuimhneamh ar a fhiarfaighe a bhfuilingeoch daoine i gcomhnuidhe le céarda roinnt mar sin, nó ar bhéidir náisiún a choimeád i mbun na haon chéirde amháin dálta an fhir oibre. "Tá an tuairim seo againne oireamhnach don lá indiu," adeurfaidís, "cár chuma dhúinn an lá amárach? Beurfaidh an lá amárach a thuairim féin chughainn, béidir!" Agus do dhein. Óir, an saobhmhachtnamh cumhang úd i dtaobh an tsaoghail, .i. gurb é an t-airgead an t-éinní amháin ar a gcuimhnigheann an saoghal, agus an tuairim cheanntreun úd, .i. go leanfadh órdú an lae indé go bruinne an bhrátha do ráinig go rabhadar araon bunoscionn leis an imtheacht a bhí fén saoghal agus gur ghaibh an saoghal a bhóthar féin gan iad a bhac. Ní sheunfaidh éinne a thapamhlacht is féidir earraidhe dheunamh tré roinnt na hoibre. Acht, san am gceudna dá mhéid, a théidheann an obair i simplidheacht don duine san aimsir seo agus dá usacht dó í bhfoghluim iseadh is túisce thagann sé cortha dhe agus is mó an gá bhíonn aige le malairt oibre i gcóir gach cumas aigne agus cuirp. Tuigeann an chine daonna nach aon mhaith don phoiblidheacht an duine choimeád ar an aon áit amháin sa tsiopa oibre nó sa mhianach go deireadh a shaoghail; tuigid nách aon tairbhe don phoiblidheacht é choimeád ón obair thabharfadh radharc dó ar áilneacht a dhútha agus a chuirfadh i dtuisgint dó go bhfuil an saoghal mór dhá choimeád ar siubhal aige féin chomh maith le cách agus do chuirfadh ar a chumas aoibhneas a ghlacadh i léigheann agus in ealadhnaibh agus san obair a bheadh aige dhá dheunamh go fonnmhar lena dhá láimh féin agus len' intleacht féin. Liam Ó Rinn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services