Saothar Fear nDomhain
Caibideal I - (ar leanamhaint)
Na neithe móra tháinig de bharr
inbheinsionacha iongantacha an chúig scór
bliadhan a bhí caithte, go mórmór i Sasana,
is amhlaidh a dhalladar lucht economice
agus lucht poilitidheachta i gcás nár
bhfoláir leo dul níba shia fós le roinnt
na hoibre, agus dá réir sin dfhógradar
don tsaoghal nár mhór obair éigin fé leith a
bheith ag gach náisiún fé leith. Dubhradar,
cuir i gcás, gurb é cheap Dia don Rúise
agus don Ungáir ná arbhar do shaothrú
i gcóir na náisiún a dheineann earraí
agus gurb é cheap Sé don Bhreatain ná
eudach cadáis agus earraí iarainn agus
gual a chur ar mhargadh an domhain, agus
gurb é cheap Sé don Bheilg ná eudach
olna dheunamh, agus mar sin sa timcheall.
Ní headh, acht níor mhór, dar leo, gnó
éigin fé leith a bheith ag gach roinn fé
leith de gach tír. Mar sin atá le tamall
agus ba cheart a bheith i gcomhnuidhe,
dar leo; táid daoine taréis cáirne
buidhe óir dheunamh ar an gcuma san
agus leanfar de bheith ag deunamh
amhlaidh ar an gcuma san. Taréis dóibh
a fhógairt don tsaoghal gur do réir
an airgid a dheineann beagán daoine
is ceart saidhbhreas náisiúin a mheas
agus gur tré roinnt na gceárd ina
gcodaibh a deuntar an t-airgead mór,
shíleadar ná feudfadh aoinne cuimhneamh
ar a fhiarfaighe a bhfuilingeoch daoine i
gcomhnuidhe le céarda roinnt mar sin,
nó ar bhéidir náisiún a choimeád i mbun
na haon chéirde amháin dálta an fhir
oibre. "Tá an tuairim seo againne
oireamhnach don lá indiu," adeurfaidís,
"cár chuma dhúinn an lá amárach?
Beurfaidh an lá amárach a thuairim féin
chughainn, béidir!"
Agus do dhein. Óir, an saobhmhachtnamh
cumhang úd i dtaobh an tsaoghail, .i.
gurb é an t-airgead an t-éinní amháin
ar a gcuimhnigheann an saoghal, agus an
tuairim cheanntreun úd, .i. go leanfadh
órdú an lae indé go bruinne an bhrátha
do ráinig go rabhadar araon bunoscionn
leis an imtheacht a bhí fén saoghal agus
gur ghaibh an saoghal a bhóthar féin gan
iad a bhac. Ní sheunfaidh éinne a
thapamhlacht is féidir earraidhe dheunamh
tré roinnt na hoibre.
Acht, san am gceudna dá mhéid, a
théidheann an obair i simplidheacht don
duine san aimsir seo agus dá usacht dó
í bhfoghluim iseadh is túisce thagann
sé cortha dhe agus is mó an gá bhíonn
aige le malairt oibre i gcóir gach
cumas aigne agus cuirp. Tuigeann
an chine daonna nach aon mhaith don
phoiblidheacht an duine choimeád ar an
aon áit amháin sa tsiopa oibre nó sa
mhianach go deireadh a shaoghail; tuigid
nách aon tairbhe don phoiblidheacht é
choimeád ón obair thabharfadh radharc
dó ar áilneacht a dhútha agus a chuirfadh
i dtuisgint dó go bhfuil an saoghal mór
dhá choimeád ar siubhal aige féin chomh
maith le cách agus do chuirfadh ar a chumas
aoibhneas a ghlacadh i léigheann agus in
ealadhnaibh agus san obair a bheadh aige
dhá dheunamh go fonnmhar lena dhá láimh
féin agus len' intleacht féin.
Liam Ó Rinn
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11