Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1
Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saothar Fear nDomhain Caibideal I Scaoileadh na gCeárdaidheacht Cé aca is fearr ceárda do roinnt nó céarda do chur le chéile - Leathadh na hoilteachta ar earraí dheunamh. - Gach náisiún ag deunamh earraí dhi féin. - Na Trí Ríoghachta. - An Fhrainc. - An Ghearmáin - An Rúise. - "Comórtas na Gearmáine." Is cuimhin le cách an cheud chaibideal den leabhar a scríobh Adam Smith ar nádúr ollamhaitheas na náisiún agus ar na neithe fé ndéar é. Tá an chaibideal san chomh hiongantach san agus do léigheadh agus do haithscríobhadh chomh minic sin í go bhfuil sí de ghlanmheabhair ag fiú na ndaoine úd de lucht economiceachta na haimsire seo gur annamh dóibh leabhair príomhughdair na heconomice do léigheamh agus gur minic dóibh gan aon chuimhneamh a bheith aca ar na smaointe nochtthar ins na leabhraibh sin. Is geall le halt creidimh an chaibideal san ag lucht economice um an dtaca so agus is geall le gluais uirthi cúrsaí economice an domhain i gcaitheamh an chúig scór bliadhan d'imthigh thorainn ó scríobhadh í. Isé brígh na caibidile sin ná gur cheart gan acht aon cheárd amháin nó cuid de chéird a bheith ag gach duine fé leith nó ag gach náisiún fé leith, agus go deimhin toisc a mhéid a roinneadh gach ceárd, ina codaibh agus ina mion-chodaibh buana ó shoin, tá an chine daonna rannta ina n-aicmíbh atá geall le bheith chomh buan agus chomh deighilte ó chéile agus bhídís aicmí na hIndia sa tsean- aimsir. Sa cheud áit, tá an dá aicme mhóra againn, .i. lucht saidhbhris a sholáthar agus lucht saidhbhris a chaitheamh, agus is beag a chaitheamh an cheud aicme dhíobh, agus ní mór a sholáthraigheann an dara haicme. Annsan, tá an lucht soláthair rannta arís ina lucht obair chuirp a dheunamh agus ina lucht obair aigne dheunamh agus an dá aicme dhíobh deighilte ó chéile i dtreo nach fearrde aon taobh aca é. Agus na daoine dheineann obair chuirp, tá siadsan ina dhá n-aicme mhóra leis .i. an aicme shaothraigheann an talamh agus an aicme dheineann earraidhe. Agus tá an aicme dheiridh sin ina bhfó-rannaibh dí-áirmhe agus iadsan chomh mion san gur dhóigh le duine gurbh é saghas oibridhe is mó thaithneann le daoine san aimsir seo ná an fear (nó an bhean), nó fiú amháin an garsún (nó an cailín beag), ná beadh eolas aige air chéird ná aon phioc dá chuimhneamh aige ar cadé an saghas an gnó go mbeadh baint aige leis agus ná feudfadh, i rith an lae ná i gcaitheamh a shaoghail, acht bheith i gcomhnuidhe ag deunamh mionchoda áirithe d'earra éigin, duine, cuir i gcás, a chaithfeadh a shaoghal, óna thrí bliadhna deug go dtí n-a thrí fichid, ag comáint charra guail roimis ar an aon bhall amháin den mhianach, nó ag deunamh springeanna i gcóir sceana lúbtha, nó ag deunamh "an t-ochtmhadh cuid deug de bhiorán", mar adeirtear. Badh gheall is seirbhíseach do shaghas éigin meaisín a leithéid nó, neachtair aca, badh gheall le halt fola agus feola de mheaisínteacht éigin ana-mhór é, gan aon phioc dá fhios aige cionnus a bheadh an mheaisínteacht ag deunamh na ngluais- eacht go léir ná cad chuige na gluais- eachtaí i n-aon chor. Tá gach cineál oilteacht láimhe dhá chaitheamh i leathtaoibh mar iarsma ón tseanaimsir a bheadh daor chum dul i ndearmhad. In ionad an cheárdaidhe chliste go mbíodh taithneamh aige d'obair a dhá lámh féin isé rud atá anois againn ná fear ar slabhradh agus an slabhradh daingnighthe. Agus dá mb'é an sclábhuidhe bocht féin é, a bhíodh ag obair ar an dtuaith, ní fada go mbeidh seisean imthighthe uainn, leis, de dheascaibh na foghluma bréige seo. Dá chrudhaas é an saoghal a bhíodh ag an sclábhuidhe feir- meora roimhe seo, bhíodh saordháil éigin aige; bhíodh a thigh féin aige, an áit 'nar tógadh é féin agus a dtáinig roimis agus a shíl sé bheith agá shliocht ina dhiaidh; agus nuair a théigheadh sé amach ar an bhfeirm ba dheas leis bheith ag feuchaint ar na páirceanna agus ar an dtalamh dhá shaothrú agus níor dhóigh leat ná go raibh a chroidhe i ngach fód de. Deirtear ná oireamhnaigheann sé an saoghal atá indiu ann agus go gcaithfear a chur ina ionad, ar fheirm i mBonánsa cuir i gcás, spáilpín a tógfaí i n-aimsir i gcóir an tsamhraidh agus a scaoiltfí chun siubhail arís ar theacht an fhoghmhair; fánuidhe bóthair ná fillfeadh go deo arís ar an áit ina mbeadh sé taréis barra bhaint aon uair amháin. "Níl ann acht beagán bliadhain," arsa lucht na hecononimice, "go mbeidh an talamh dhá shaothrú do réir na bhfíor-phrínsiobal a bhaineann le hobair do roinnt agus le gleusadh ceárdaidheachta na haimsire seo." Foclóirín Economiceacht nó economic .i. economics .i. an léigheann a bhaineann le cor gach tíre, nó gach cuid de thír, i dtaobh sochar talmhan agus sochar céirde, do scrúdughadh. Lucht economice (nó, -eachta), nó lucht economice politice (nó stáit) .i. political economists .i. lucht an léighinn sin adubhart. Economiceach (nó, -idhe) .i. duine dhíobh san. Economiceach .i. economic nó economical: reusúin economice = economic (or economical) reasons, cuir i gcás. Ní dheunfadh reusúin bhainistighe (nó, baileachais, agus c.) an gnó sa chás san mar ní fios ná gur drochbhainistighe a bheadh ann go minic. Duine baileach = an economical person. 'Sé sin, duine dheineann dheaghbhainis- tighe a chuid. Meaisínteacht .i. machinery. Léigheann .i. a science .i. eolas cruinnighthe le chéile agus curtha in eagar. Léigheann ceudfadhach, .i. natural science .i. an léigheann a fuaradh tri na ceudfadhaibh, .i. radharc, éistacht, blas, agus c. Léigheann absolóideach, .i. absolute science, .i. eolas a fuaradh ar nithe mar atáid ionta féin agus a cruinnigheadh le chéile agus a cuireadh in eagar. Léigheann liberálta (tá "liberálta", sa chéill seo, sa Ghaedhilg cheana) .i. liberal science, aon tsórt léighinn a saothruightear tré ghrádh don eolas gan aon tsúil le profíd as. (Níl slighe dá thuille aca agam). Nuair adeir lucht Beurla: "Science says so and so," is léigheann ceudfadhach an science sin, mar tá cúmhangú deunta aca ar bhrigh an fhocail. Léigheann fisige, nó fisigeacht, agam ar "physics" nó "physica" science." Tá deifrigheacht bheag idir sin agus léigheann ceudfadhach (feic foclóir maith Beurla). Ní dheunfadh "ealadha" an gnó. "An art" a bhrigh sin ar fuaid na hÉireann. Cúpla ceud blian ó shin ní bhíodh aon difridheacht sa Bheurla agus i dteangthachaibh eile idir "science" agus "art". Dá bhrigh sin tugtí "ealadha" ar an dá ní sa Ghaedhilg. Acht nuair a tosnaigheadh ar gach léigheann ceudfadhach do shaothrú go dian dob éigean teora chur le brigh gach focail díobh. Chím "ealadha" ag scríbhneoirí ar "science" agus "ealadha" ag scríbh- neoirí eile ar "art". Níl annsan acht leanbaidheacht. Caithfimíd gan na deacrachtaí sheachaint agus gan bheith ag imirt "hide and go seek" ar an gcuma san. Springeanna .i. springs. B'fhuil éinne a thabharfadh a mhalairt bhfocal dom, focal ná beadh leath dosaon brigh leis. Liam Ó Rinn
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services