Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1

Title
Saothar Fear nDomhain - Caibidil 1
Author(s)
Ó Rinn, Liam,
Composition Date
1917
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Saothar Fear nDomhain



Caibideal I



Scaoileadh na gCeárdaidheacht



Cé aca is fearr ceárda do roinnt nó céarda
do chur le chéile - Leathadh na hoilteachta
ar earraí dheunamh. - Gach náisiún ag
deunamh earraí dhi féin. - Na Trí Ríoghachta.
- An Fhrainc. - An Ghearmáin - An Rúise. -
"Comórtas na Gearmáine."



Is cuimhin le cách an cheud chaibideal
den leabhar a scríobh Adam Smith ar
nádúr ollamhaitheas na náisiún agus ar
na neithe fé ndéar é. Tá an chaibideal
san chomh hiongantach san agus do léigheadh
agus do haithscríobhadh chomh minic sin
í go bhfuil sí de ghlanmheabhair ag fiú
na ndaoine úd de lucht economiceachta
na haimsire seo gur annamh dóibh
leabhair príomhughdair na heconomice
do léigheamh agus gur minic dóibh gan
aon chuimhneamh a bheith aca ar na
smaointe nochtthar ins na leabhraibh sin.
Is geall le halt creidimh an chaibideal
san ag lucht economice um an dtaca
so agus is geall le gluais uirthi cúrsaí
economice an domhain i gcaitheamh an
chúig scór bliadhan d'imthigh thorainn ó
scríobhadh í.



Isé brígh na caibidile sin ná gur
cheart gan acht aon cheárd amháin nó cuid
de chéird a bheith ag gach duine fé leith
nó ag gach náisiún fé leith, agus go
deimhin toisc a mhéid a roinneadh gach
ceárd, ina codaibh agus ina mion-chodaibh
buana ó shoin, tá an chine daonna
rannta ina n-aicmíbh atá geall le bheith
chomh buan agus chomh deighilte ó chéile
agus bhídís aicmí na hIndia sa tsean-
aimsir. Sa cheud áit, tá an dá aicme
mhóra againn, .i. lucht saidhbhris a
sholáthar agus lucht saidhbhris a chaitheamh,
agus is beag a chaitheamh an cheud aicme
dhíobh, agus ní mór a sholáthraigheann an
dara haicme. Annsan, tá an lucht
soláthair rannta arís ina lucht obair
chuirp a dheunamh agus ina lucht obair
aigne dheunamh agus an dá aicme dhíobh
deighilte ó chéile i dtreo nach fearrde
aon taobh aca é. Agus na daoine
dheineann obair chuirp, tá siadsan ina
dhá n-aicme mhóra leis .i. an aicme
shaothraigheann an talamh agus an aicme
dheineann earraidhe. Agus tá an aicme
dheiridh sin ina bhfó-rannaibh dí-áirmhe
agus iadsan chomh mion san gur dhóigh
le duine gurbh é saghas oibridhe is mó
thaithneann le daoine san aimsir seo
ná an fear (nó an bhean), nó fiú amháin
an garsún (nó an cailín beag), ná
beadh eolas aige air chéird ná aon phioc
dá chuimhneamh aige ar cadé an saghas
an gnó go mbeadh baint aige leis agus
ná feudfadh, i rith an lae ná i gcaitheamh
a shaoghail, acht bheith i gcomhnuidhe ag
deunamh mionchoda áirithe d'earra éigin,
duine, cuir i gcás, a chaithfeadh a shaoghal,
óna thrí bliadhna deug go dtí n-a thrí
fichid, ag comáint charra guail roimis
ar an aon bhall amháin den mhianach, nó
ag deunamh springeanna i gcóir sceana
lúbtha, nó ag deunamh "an t-ochtmhadh
cuid deug de bhiorán", mar adeirtear.
Badh gheall is seirbhíseach do shaghas éigin
meaisín a leithéid nó, neachtair aca,
badh gheall le halt fola agus feola de
mheaisínteacht éigin ana-mhór é, gan
aon phioc dá fhios aige cionnus a bheadh
an mheaisínteacht ag deunamh na ngluais-
eacht go léir ná cad chuige na gluais-
eachtaí i n-aon chor.



Tá gach cineál oilteacht láimhe dhá
chaitheamh i leathtaoibh mar iarsma ón
tseanaimsir a bheadh daor chum dul i
ndearmhad. In ionad an cheárdaidhe
chliste go mbíodh taithneamh aige d'obair
a dhá lámh féin isé rud atá anois againn
ná fear ar slabhradh agus an slabhradh
daingnighthe. Agus dá mb'é an
sclábhuidhe bocht féin é, a bhíodh ag obair
ar an dtuaith, ní fada go mbeidh seisean
imthighthe uainn, leis, de dheascaibh na
foghluma bréige seo. Dá chrudhaas é an
saoghal a bhíodh ag an sclábhuidhe feir-
meora roimhe seo, bhíodh saordháil éigin
aige; bhíodh a thigh féin aige, an áit
'nar tógadh é féin agus a dtáinig roimis
agus a shíl sé bheith agá shliocht ina dhiaidh;
agus nuair a théigheadh sé amach ar an
bhfeirm ba dheas leis bheith ag feuchaint
ar na páirceanna agus ar an dtalamh
dhá shaothrú agus níor dhóigh leat ná go
raibh a chroidhe i ngach fód de. Deirtear
ná oireamhnaigheann sé an saoghal atá
indiu ann agus go gcaithfear a chur
ina ionad, ar fheirm i mBonánsa cuir
i gcás, spáilpín a tógfaí i n-aimsir i
gcóir an tsamhraidh agus a scaoiltfí
chun siubhail arís ar theacht an fhoghmhair;
fánuidhe bóthair ná fillfeadh go deo
arís ar an áit ina mbeadh sé taréis
barra bhaint aon uair amháin. "Níl
ann acht beagán bliadhain," arsa lucht
na hecononimice, "go mbeidh an talamh
dhá shaothrú do réir na bhfíor-phrínsiobal
a bhaineann le hobair do roinnt agus
le gleusadh ceárdaidheachta na haimsire
seo."



Foclóirín



Economiceacht nó economic .i. economics
.i. an léigheann a bhaineann le cor gach tíre,
nó gach cuid de thír, i dtaobh sochar talmhan
agus sochar céirde, do scrúdughadh. Lucht
economice (nó, -eachta), nó lucht economice
politice (nó stáit) .i. political economists
.i. lucht an léighinn sin adubhart. Economiceach
(nó, -idhe) .i. duine dhíobh san. Economiceach .i.
economic nó economical: reusúin economice
= economic (or economical) reasons, cuir
i gcás. Ní dheunfadh reusúin bhainistighe (nó,
baileachais, agus c.) an gnó sa chás san mar ní
fios ná gur drochbhainistighe a bheadh ann go
minic. Duine baileach = an economical
person. 'Sé sin, duine dheineann dheaghbhainis-
tighe a chuid.



Meaisínteacht .i. machinery.



Léigheann .i. a science .i. eolas cruinnighthe
le chéile agus curtha in eagar. Léigheann
ceudfadhach, .i. natural science .i. an léigheann
a fuaradh tri na ceudfadhaibh, .i. radharc,
éistacht, blas, agus c. Léigheann absolóideach,
.i. absolute science, .i. eolas a fuaradh ar
nithe mar atáid ionta féin agus a cruinnigheadh
le chéile agus a cuireadh in eagar. Léigheann
liberálta (tá "liberálta", sa chéill seo,
sa Ghaedhilg cheana) .i. liberal science, aon tsórt
léighinn a saothruightear tré ghrádh don eolas
gan aon tsúil le profíd as. (Níl slighe dá
thuille aca agam). Nuair adeir lucht Beurla:
"Science says so and so," is léigheann
ceudfadhach an science sin, mar tá cúmhangú
deunta aca ar bhrigh an fhocail. Léigheann
fisige, nó fisigeacht, agam ar "physics"
nó "physica" science." Tá deifrigheacht
bheag idir sin agus léigheann ceudfadhach
(feic foclóir maith Beurla). Ní dheunfadh
"ealadha" an gnó. "An art" a bhrigh sin
ar fuaid na hÉireann. Cúpla ceud blian ó
shin ní bhíodh aon difridheacht sa Bheurla agus i
dteangthachaibh eile idir "science" agus
"art". Dá bhrigh sin tugtí "ealadha" ar
an dá ní sa Ghaedhilg. Acht nuair a tosnaigheadh
ar gach léigheann ceudfadhach do shaothrú go
dian dob éigean teora chur le brigh gach
focail díobh. Chím "ealadha" ag scríbhneoirí
ar "science" agus "ealadha" ag scríbh-
neoirí eile ar "art". Níl annsan acht
leanbaidheacht. Caithfimíd gan na deacrachtaí
sheachaint agus gan bheith ag imirt "hide and
go seek" ar an gcuma san.



Springeanna .i. springs. B'fhuil éinne a
thabharfadh a mhalairt bhfocal dom, focal ná
beadh leath dosaon brigh leis.



Liam Ó Rinn

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services