Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Conamara. Caisleán Bhun Abhann. (Ar leanamhaint)
Title
Conamara. Caisleán Bhun Abhann. (Ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Conamara. le Pádraig Ó Domhnalláin. Caisleán Bhun Abhann. (Ar leanamhaint). Le linn Eilís do bheith i réim i Sasanaibh, righneadh, mar dhóigh de, ceangal síothchána idir thaoisighibh Chonamara agus í féin. Adubhairt gur Ghéill Eoghan agus Murchadh di. Níor bhfíor! baint nó páirt ní raibh aca leis an margadh, agus do thugadar sin le tuigsint don domhan bráth. Do bhí a shliocht orra. D'fhuagar Biongam bradach sluaigheadh go Conamara. Marbhú agus fuadach do bhí ó'n sluigheadh sin. Agus do righneadar amhlaidh. Fear, bean, páiste níor fhágadar gan mharbhú an uair fuaireadar an deis. Do chreachadar is do losgadar rompa is in a ndiaidh. Ins an ráig sin is eadh do cuireadh Eoghan mac Dhomhnaill an Chugaidh chun báis go fealltach is go mío-thrócaireach. Amhail so do thárla. Do bhí Eoghan a lucht leanmhana agus a mhaoin ar oileán. Do tháinig an Caiptín S. Biongam, agus do iarr sé biadh dhó féin agus dá chúig cheud creachadóir. Do thug Eoghan fré chéile iad do chum an oileán, agus do fhreastail dóibh chomh maith is do bhí ar chumas dó. An oidhche sin do ghabhadh Eoghan agus aon nduine deug dá lucht leanamhna. Do tugadh go baile na hInse iad. Do tiomáineadh creach in a cheann, .i. ceithre mhíle bó, cúig cheud larach agus míle caorach. Marbhuigheadh Eoghan an oidhce d'ár gcionn. Do tugadh an-bhás dó. Goineadh dhá uair deug é, agus milleadh agus aithmhilleadh a chorp uasal. Tar éis dún-mharbhtha a dhearbhráthar, do bhí seilbh an chaisleáin agus na dtaltaí do bhain le'n athair ag Murchadh. Do bheirtí “Murchadh na Maor” airsean. Ar feadh abhfad chomh fada is bhí buille ann do threascair is do mhill Gaill. Do thug lámh conganta sa mbliain 1599 do Aodh Rua Ó Domhnaill agus Aodh ag ionnsuighe na mBúrcach. Agus sa mbliain d'ár gcionn do ghleus a chabhlach agus do threoruigh sé ceud fear d'á threibh go Ciarraighe. Do ghluais leis le cabhrú le Ó Néill, agus le Ó Domhnaill i gcath Chinn tSáile. Mo chreach! níor éirigh le Gaedheala an lá úd. Dá n-éirigheadh go cé'n sgeul do bheadh le n-aithris ag Éireann- achaibh indiu. Saor-thír Ghaedhealach. Riaghaltas Gaedhealach. Oideachas Gaedhealach. An talamh ag a shaothrú mar ba chóir. Mianaigh ag a dtochailt. Díogaí ag a ndeunamh. Coillte ag a gcur. Rois ag fas. Tarraingt trachtáil ar loch is fairrge. Leabhra ag a gclóbhualadh. Dealbha ag a gcumadh. Pictiúirí ag a ndathú. Ceol is dán ag a sgrudú. Aghaidh an domhain orainn. Sinn-ne múinte, tógtha deághbheusach. Meas againn orainn féin agus ómós agus urraim dúinn dá réir. Monuar! Ní mar ba mhian linn atá. Atá adhbhar caointe ag Gaedhealaibh de bharr an lae sin. Briseadh chinn tSáile d'fhág sinn mar atámuid. Ní iongna gur dúbhach, dobhrónach sinn uaireannta an uair do gheibheas an chuimhne an ceann is fearr orainn. Acht i dtaoibh “Murchadh an Maoir” arsa tusa! do chinn Dia dhó do thidheacht slán ón gcath. Do fhill ar Bhun Abhann. Siuncaighthe sáruighthe do bhí. Brónach, lagmhisneamhail. “Ní gnáth cath iar dtuitim triath.” agus uair imthigheas neart amach an doras tagann laigeacht isteach in a ionad. Ní … dúinn-ne go dtug sé dhubhshlán Gall uaidh amach. Do leig air féin go dtobhóchaidh … Ní chreidimid go ndubhairt sin ó'n a chroidhe. Do mhair go ceann sé is fiche bliain in … sin. Do eug ins an gcasleán seo, agus do le'n udhacht a adhlacadh i Mainistir Naomh Proinsias i nGaillimh. Do bhí seisear mac beirt inghean ar a shliocht. Do throid … aca .i. Murchadha agus Eamonn i n-aghaidh na nGall sna bliantaibh 1611 agus 1612. Dícheanadh Éamonn suim bliain in a dhiaidh. Tráth chuir lucht leanamhna Chromaill Gaedhil fá smacht do baineadh seilbh agus forlámhas Bhun Abhann de na Flaithbheartaighibh. (Leanfar de seo.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services