Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Conamara. Caisleán Bhun Abhann. (Ar leanamhaint)

Title
Conamara. Caisleán Bhun Abhann. (Ar leanamhaint)
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Conamara.



le Pádraig Ó Domhnalláin.



Caisleán Bhun Abhann. (Ar leanamhaint).



Le linn Eilís do bheith i réim i Sasanaibh,
righneadh, mar dhóigh de, ceangal síothchána idir
thaoisighibh Chonamara agus í féin. Adubhairt
gur Ghéill Eoghan agus Murchadh di. Níor
bhfíor! baint nó páirt ní raibh aca leis an
margadh, agus do thugadar sin le tuigsint don
domhan bráth. Do bhí a shliocht orra. D'fhuagar
Biongam bradach sluaigheadh go Conamara.
Marbhú agus fuadach do bhí ó'n sluigheadh sin.
Agus do righneadar amhlaidh. Fear, bean,
páiste níor fhágadar gan mharbhú an uair fuaireadar
an deis. Do chreachadar is do losgadar rompa
is in a ndiaidh. Ins an ráig sin is eadh do cuireadh
Eoghan mac Dhomhnaill an Chugaidh chun báis go
fealltach is go mío-thrócaireach. Amhail so
do thárla. Do bhí Eoghan a lucht leanmhana agus
a mhaoin ar oileán. Do tháinig an Caiptín S.
Biongam, agus do iarr sé biadh dhó féin agus
dá chúig cheud creachadóir. Do thug Eoghan
fré chéile iad do chum an oileán, agus do
fhreastail dóibh chomh maith is do bhí ar chumas
dó. An oidhche sin do ghabhadh Eoghan agus aon
nduine deug dá lucht leanamhna. Do tugadh
go baile na hInse iad. Do tiomáineadh creach
in a cheann, .i. ceithre mhíle bó, cúig cheud larach
agus míle caorach. Marbhuigheadh Eoghan an
oidhce d'ár gcionn. Do tugadh an-bhás dó.
Goineadh dhá uair deug é, agus milleadh agus
aithmhilleadh a chorp uasal.



Tar éis dún-mharbhtha a dhearbhráthar, do bhí
seilbh an chaisleáin agus na dtaltaí do bhain
le'n athair ag Murchadh. Do bheirtí “Murchadh
na Maor” airsean. Ar feadh abhfad chomh
fada is bhí buille ann do threascair is do
mhill Gaill. Do thug lámh conganta sa
mbliain 1599 do Aodh Rua Ó Domhnaill
agus Aodh ag ionnsuighe na mBúrcach. Agus sa
mbliain d'ár gcionn do ghleus a chabhlach agus do
threoruigh sé ceud fear d'á threibh go Ciarraighe.
Do ghluais leis le cabhrú le Ó Néill, agus le
Ó Domhnaill i gcath Chinn tSáile. Mo chreach!
níor éirigh le Gaedheala an lá úd. Dá n-éirigheadh
go cé'n sgeul do bheadh le n-aithris ag Éireann-
achaibh indiu. Saor-thír Ghaedhealach. Riaghaltas
Gaedhealach. Oideachas Gaedhealach. An
talamh ag a shaothrú mar ba chóir. Mianaigh
ag a dtochailt. Díogaí ag a ndeunamh. Coillte
ag a gcur. Rois ag fas. Tarraingt
trachtáil ar loch is fairrge. Leabhra ag a
gclóbhualadh. Dealbha ag a gcumadh. Pictiúirí
ag a ndathú. Ceol is dán ag a sgrudú. Aghaidh
an domhain orainn. Sinn-ne múinte, tógtha
deághbheusach. Meas againn orainn féin agus
ómós agus urraim dúinn dá réir. Monuar!
Ní mar ba mhian linn atá. Atá adhbhar caointe
ag Gaedhealaibh de bharr an lae sin. Briseadh
chinn tSáile d'fhág sinn mar atámuid. Ní
iongna gur dúbhach, dobhrónach sinn uaireannta
an uair do gheibheas an chuimhne an ceann is
fearr orainn.



Acht i dtaoibh “Murchadh an Maoir” arsa
tusa! do chinn Dia dhó do thidheacht slán ón
gcath. Do fhill ar Bhun Abhann. Siuncaighthe
sáruighthe do bhí. Brónach, lagmhisneamhail.
“Ní gnáth cath iar dtuitim triath.” agus
uair imthigheas neart amach an doras
tagann laigeacht isteach in a ionad. Ní …
dúinn-ne go dtug sé dhubhshlán Gall uaidh
amach. Do leig air féin go dtobhóchaidh …
Ní chreidimid go ndubhairt sin ó'n a chroidhe.
Do mhair go ceann sé is fiche bliain in …
sin. Do eug ins an gcasleán seo, agus do
le'n udhacht a adhlacadh i Mainistir Naomh
Proinsias i nGaillimh. Do bhí seisear mac
beirt inghean ar a shliocht. Do throid …
aca .i. Murchadha agus Eamonn i n-aghaidh na
nGall sna bliantaibh 1611 agus 1612.
Dícheanadh Éamonn suim bliain in a dhiaidh.
Tráth chuir lucht leanamhna Chromaill Gaedhil
fá smacht do baineadh seilbh agus forlámhas
Bhun Abhann de na Flaithbheartaighibh.



(Leanfar de seo.)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services