Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eagar na Foghluma
Title
Eagar na Foghluma
Author(s)
Ó Neachtain, Eoghan,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Eagar na Foghluma. Áiste é seo a sgríobh Eoghan Ó Neachtin cúpla bliain ó shoin nuair moladh eagar níos fearr do chur ar an bhfoghluim. Níor cuireadh aon eagar fós uirthi. Sin rud atá a teastail go géar a dhéanamh obair foghluma na Gaedhilge a leagan amach agus a chur i n-eagar cheart. Tá na Gaedhilgeoirí agus lucht a foghluma ar fud na tíre anois agus gan treoruidhe ná taoiseach aca — ní ceart dom sin a rádh, is treorughadh atá uatha agus eagar ar a gcuid oibre. Foghluimeochaidh siad beagán Gaedhilge nó dá madh é an mórán é agus annsin níl fhios aca cá conair a rachaidh siad ag foghluim a thuilleadh. Nil fhios aca cé mhéad di atá foghlumtha aca, ná níl fhios aca an fada eile rachaidís go mbeidís na nGaedhil- geoiribh maithe, níl fhios aca amháin cad is Gaedhilgeoir maith ann, ná an Gaedhilgeoir maith an té a raibh an teanga ó thús aige. Tá Fear an Chlaidhimh Soluis ag caint ar an gceist sin le seachtmhain nó dhó, tá Cú Uladh ag caint air an tseachmhain seo, agus sin é an rud is géire aca ó lucht foghluma na Gaedhilge faoi láthair. Ní headh ach is ní hé atá ag teastáil le bliadhantaibh. Ba chóir lucht na foghluma a roinnt do réir a n-eoluis ar an nGaedhilg agus do réir a n-oideachais innti, agus céimeanna agus buidheanta a chur ar bun, agus comhartha éigin a thabhairt don mhac léighinn do réir na céime ina mbeadh sé. Is cuma liom cé an comhartha tiurthar dó: is beag nach cuma liom cén cúrsa cuirfear air idir dhá chéim; is cuma leis féin é acht fios a bheith aige go bhfuil sé ag dul ar aghaidh agus go ndearna sé a chuid oibre go maith i rith an chúrsa. Dhéanfainn trí roinn go leith de lucht na foghluma sin é le rádh trí mhór- roinn go leith: mar atá roinn don aos óg atá ag foghluim is na sgolaibh náisiúnta agus a gcothrom sin, sé sin daoine ata ag foghluim na leabhra beaga atá dhá bhfoghluim ag lucht sgol náisiúnt, bíodh na daoine sin ag dul ar sgoil nó ná bíodh. An dara mór-roinn chuirfinn daoine a bhfuil an oiread so Gaedhilge foghlumtha aca: daoine mar an dream atá isna sgoltaibh idirmheadhonacha. Is fearr iad-san ná na daoine atá sa mhór-roinn thosaigh. An treas mhór-roinn bíodh daoine ann atá níos fearr ná sin arís, daoine mar atá ar an Ollsgoil agus bíodh lucht na hOllsgoile féin ann más breagh leo é. Agus an leath-roinn chuirfinn na hollamhain annsin ar lucht dóibh féin, na hollamhain agus na hughdair agus na máighistrí re léigheann. Tá trí mhór-roinn agat annsin, ná bac leis an leath-roinn, agus mion- roinn iad sin go ndéana tú céim nó trí chéim nó ceithre chéim de gach mór-roinn leag amach an obair a thiubhrthá don mhac léighinn le déanamh idir dhá chéim agus cuir ainm ar an gcéim. Déan cheithre chúrsa cur i gcás den chéad mhór-roinn, trí chúrsa den dara roinn agus trí ná ceathair de chúrsaibh den roinn is áirde, agu bíodh an chéim i ndeireadh gach cúrsa. Feilfe an t-eagar sin don tír ar fad, acht leag amach an obair i gceart an dtús agus má fheiceann na daoine atá ag foghluim go mbeidh onáir na céime ag dul dóibh as a gcuid oibre glacfa siad misneach athuair agus is mó an tairbhe thiocfas don Ghaedhilge as ná tháinig as ceist na Gaedhilge san Ollsgoil. Eoghan Ó Neachtain.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services