Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eagar na Foghluma

Title
Eagar na Foghluma
Author(s)
Ó Neachtain, Eoghan,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Eagar na Foghluma.



Áiste é seo a sgríobh Eoghan Ó Neachtin cúpla bliain ó shoin nuair
moladh eagar níos fearr do chur ar an bhfoghluim. Níor cuireadh aon eagar
fós uirthi.



Sin rud atá a teastail go géar a dhéanamh obair foghluma na Gaedhilge
a leagan amach agus a chur i n-eagar cheart. Tá na Gaedhilgeoirí agus lucht
a foghluma ar fud na tíre anois agus gan treoruidhe ná taoiseach aca — ní ceart
dom sin a rádh, is treorughadh atá uatha agus eagar ar a gcuid oibre. Foghluimeochaidh
siad beagán Gaedhilge nó dá madh é an mórán é agus annsin níl fhios aca cá
conair a rachaidh siad ag foghluim a thuilleadh. Nil fhios aca cé mhéad di atá
foghlumtha aca, ná níl fhios aca an fada eile rachaidís go mbeidís na nGaedhil-
geoiribh maithe, níl fhios aca amháin cad is Gaedhilgeoir maith ann, ná an
Gaedhilgeoir maith an té a raibh an teanga ó thús aige. Tá Fear an Chlaidhimh
Soluis ag caint ar an gceist sin le seachtmhain nó dhó, tá Cú Uladh ag caint
air an tseachmhain seo, agus sin é an rud is géire aca ó lucht foghluma na
Gaedhilge faoi láthair. Ní headh ach is ní hé atá ag teastáil le bliadhantaibh.



Ba chóir lucht na foghluma a roinnt do réir a n-eoluis ar an nGaedhilg agus
do réir a n-oideachais innti, agus céimeanna agus buidheanta a chur ar bun,
agus comhartha éigin a thabhairt don mhac léighinn do réir na céime ina mbeadh
sé. Is cuma liom cé an comhartha tiurthar dó: is beag nach cuma liom cén
cúrsa cuirfear air idir dhá chéim; is cuma leis féin é acht fios a bheith aige go
bhfuil sé ag dul ar aghaidh agus go ndearna sé a chuid oibre go maith i rith an
chúrsa.



Dhéanfainn trí roinn go leith de lucht na foghluma sin é le rádh trí mhór-
roinn go leith: mar atá roinn don aos óg atá ag foghluim is na sgolaibh náisiúnta
agus a gcothrom sin, sé sin daoine ata ag foghluim na leabhra beaga atá dhá
bhfoghluim ag lucht sgol náisiúnt, bíodh na daoine sin ag dul ar sgoil nó
ná bíodh. An dara mór-roinn chuirfinn daoine a bhfuil an oiread so Gaedhilge
foghlumtha aca: daoine mar an dream atá isna sgoltaibh idirmheadhonacha. Is
fearr iad-san ná na daoine atá sa mhór-roinn thosaigh. An treas mhór-roinn
bíodh daoine ann atá níos fearr ná sin arís, daoine mar atá ar an Ollsgoil
agus bíodh lucht na hOllsgoile féin ann más breagh leo é. Agus an leath-roinn
chuirfinn na hollamhain annsin ar lucht dóibh féin, na hollamhain agus na
hughdair agus na máighistrí re léigheann.



Tá trí mhór-roinn agat annsin, ná bac leis an leath-roinn, agus mion-
roinn iad sin go ndéana tú céim nó trí chéim nó ceithre chéim de gach mór-roinn
leag amach an obair a thiubhrthá don mhac léighinn le déanamh idir dhá chéim agus
cuir ainm ar an gcéim. Déan cheithre chúrsa cur i gcás den chéad mhór-roinn,
trí chúrsa den dara roinn agus trí ná ceathair de chúrsaibh den roinn is áirde,
agu bíodh an chéim i ndeireadh gach cúrsa.



Feilfe an t-eagar sin don tír ar fad, acht leag amach an obair i gceart
an dtús agus má fheiceann na daoine atá ag foghluim go mbeidh onáir na céime
ag dul dóibh as a gcuid oibre glacfa siad misneach athuair agus is mó an tairbhe
thiocfas don Ghaedhilge as ná tháinig as ceist na Gaedhilge san Ollsgoil.



Eoghan Ó Neachtain.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services