Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Conamara. Túir Mhic Éide
Title
Conamara. Túir Mhic Éide
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Conamara. le Pádraig Ó Domhnalláin. Túir Mhic Éide. — (Ar leanamhaint). Feilméaracht, nó ceardaidheacht, nó iasg- aireacht go deimhin! Ní fheilfidís sin fir óga an t-saoghail seo i n-aon chor. Ní mór an t-iarann do chur sa teine ath-uair agus gach ní do gheunamh as an nua. Caithfidhear an chloch-bhun do leagan agus caid ar chaid, agus caid os cionn dhá chaid do thógáil go cúramach agus go Gaedhealach. Má dheuntar amhlaidh b'fhéidir dúinn teach maith do bheith againn leis an aimsear. Ba gheal le do chroidhe do bheith annseo rith an t-samhraidh le linn na mac-léighinn do bheith ann. Cosamhail iad le saith beachan ag diúl ádhbhair na meala dóibh féin - duine agus leabhar fá'n a shúilibh aige, óig-bhean mhaiseach ag cur ceisteann ar a comhursa, fear óg ag sgríobhadh amhráin ar chlár dubh agus ag a mhúnadh do dhream eile, sagart ag baint chainnte as seanchaidhe de'n áit, bráthair ag innseacht sgéil fá Oisín, dochtúir ag iarraidh faisnéise i dtaobh iasgaireachta an locha, oide sgoile ag teagasg ceacht Céimseata, bean mheadhon-aosta agus a croidhe “Bhriste”, le gramadach, má's fíor di féin. Sin é an áit a bhfuil an choimhlinnt, - agus ní i gColáiste Chonnacht amháin do bhíos an choimhlinnt sin acht i ngach aon choláiste eile dá leithéid ar fud na h-Éireann. Agus cé'n dochar sin acht an caranas agus an gheanamhlacht do bhíos ag baint leo uile. Tabhair fá deara iad tráth bhíos cluiche ar bun, nó an nuair buailtear amach ar seilg, nó bádóireacht. Mar adúbhairt Gaedheal as Albain tráth, clann d'aon mháthar amháin iad. Agus nach shin é atá uainn? Caranas is grádh do bheith ag Gaedhealaibh dá chéile, agus a bheith dílis do gach aon tréith uasail do bhain le Caitlín Ní hUallacháin; ar máthair do tógáil as amar na h-aimiléise agus í do chur go gleoidhte in a grianán ríoghamhail fein arís. Do chuaidh an saoghal go cruaidh léi leis na cianta. Do bánuigheadh as teach agus as árus í. Do tugadh síneadh maith láimhe - agus tugtar fós - dóibh seo d'fheall uirri. Acht cheana do gheall Dia di do thidheacht i dtír. Atá sí ag glaodhach ort-sa agus orm-sa gach a bhfuil aici do thárrthú ó'n ngaduidhe, go bhfágha sí an bráicín in a bhfuil sí, agus go gcomhnuidhe sí in a cúirt bhreágh féin ath-uair. Breathnuigh timcheall ort annseo. Is tig leat Connacht do thabhairt fá deara. Feuch siar uait Dúithche Sheoigheach; tír sin na gcnoc is na bhfear mór. Soir uait an mhágh ar baineadh deatach as Gallaibh agus iad in a gcosaibh-an- áirde “ó Chaisleán a' Bharra go Tuaim.” Loch Measga, Mágh Tuireadh, Loch Coirb agus uait isteach go Gaillimh ar t-aghaidh. Sean-Olnecmhacht ársa: “Connacht aoibhinn gan aon Locht” mar adúbhairt an file. Dála muinntire na h-áite: is maith féin an greim do chongbhuidheadar an an nGaedhilg. Atá sí ar a gcomhairle féin aca. Atáid ar na cainnteoiribh is binne da bhfuil le fághail. Atá laoithe agus dánta ar mhullach a chéile aca. Cá bhfuighfear sárú “An Greusuidhe” - Mac Uí Dhonnchadha ag aithris laoi nó ag fuagairt cruaidh-cheisteanna ar lucht léighinn is taistil! Mór féin an méid d'fhulaingeadar tuilleadh agus leith-chéad bliain ó shoin. Tráth lobhadh an cur do tháinic lucht an an-bhruit in a ndo-chum ag iarraidh iad do mhealladh ón gcasán díreach. Acht sin a raibh dá bharr aca. D'oibrigh an t-eud annsin ionnta agus do mhionnuigheadar agus do mhór-mhóidigheadar go mbainfí sásamh de lucht an chasáin dírigh. Do ba é an Pluincéadach, árd-easbog gallda Thuama, tighearna talmhan an cheanntair. Níor fhág sé muirighin ar éigin gan caitheamh leath-taobh an bhóthair, do baineadh a gcuid isa maoin díobh. Níor fagadh sgiolltar aca, do bhí troid, is bruighean, is clampar ann. Bristí cloigne agus dhóirtí fuil. Ach do bhuaidh ceart ar neat fá dheireadh thall. Do tháinic leághadh, lobhadh agus caonach liath ar na tíoránaghaibh. D'imthigh lucht riartha an t-súgha le sruth - imtheacht gan teacht ar ais orra, agus atá an sean-bhunadh go daingean sa limistéar dá n-aimhdheoin. A bhuidhe sin le Dia, agus leis na treoraidhthe maithe do bhí aca. Ceann an bhuird agus tús onóra do'n Athair Pádraic Ó Maolfhabhail, an tAthair Pádraig ceudna do bheannaigh uaigh Toirdhealbhaigh Bh. Mhic Mhághnusa, “méirleacht,” má's in-chreidte an breugadóir is mó sa domhan .i. Seán Beadauidhe Buidhe! Níor cheart do Ghaedhealaibh dearmad de gheunamh ar na taoisighibh do threasgair is do throid ar a son lá a' lagair. Tugadh togha conganta do'n Athair Pádraig. Do bhí fir mhaithe le'n a chúl, fir mar Proinsias Mór bráthair de ord Naoimh Proinsias, Mac Uí Mhaoill Ala, agus daoine nach n-iad. Atá corr-dhuine aca beo fos, acht atá a rí-bhfurmhór in a gcodladh suain go h-eiseirghe dóibh. Agus anois tar éis gach ní atá muinntir Shléibhe Partaigh ar an dream is teolaidhe i nÉirinn. Atá tighthe teocha ceann-slinne go fairsin Ann. Atá cur is treabhadh ann. Atá eallach ar shliabh agus bonn sa sparán aca; agus aghaidh na h-Éireann orra gach samhradh in a cheann sin. Acht cébí cé'n socamhail atá aca, agus cé bí cé'n teugar atá ionnta, níor chóir gan a chothrom féin do'n bhuidheachas do thabairt do'n Athair Seumas Ó Corbháin, an sagart paráiste atá aca le fiche bliain nó níos mó. Níorbh leas-ainm sliabh do thabhairt air an áit, acht atá bóithre is comhngar ann anois rud nach raibh nuair tháinic seisean ann, gan trácht ar bhóthar tugadh do'n druing do chongbhuigh na Gaedhil fá chois ann. Fágfaimuid slán aca uile an turas seo agus má's maith atáid indiu go mba seacht fearra a bhéas siad ar theacht dúinn arís. An Líonán. Siar linn ag casadh, is ag strapadh, is ag baint as i mbarr na bhfásgaí. D'fheudfá “cnuic” do rádh leis na máma seo. Feuch uait na caoirigh bheaga - cosamhail iad le blátha bána, ag fás annseo is annsúd ar leicnibh na gcnoc. Sa ngeimhreadh, nuair bhíos an t-síor-bháisteach ag clagairt gan aiteall bíonn na ceudta eas ar feadh do shean radhairc. A chruthú sin ar na domhan-chlaisreachaibh sin atá le feiceál ag an té do théidheas an bealach. Garg, taghdach a radas siad iad féin anuas le fánaidh. Ní monabhar bog, binn a bhí aca, ná crónán ceolmhar, nó suantraighe, acht torann millteach, dána, chomh fíochmhar, fraochmhar le aon fhathach thrí-cheann, thrí-mhuineál do fuair Éireannaigh riamh. Gluaisimid tar ghleann in ar deineadh dúnmharbhadh uathbhasach trath, .i. gleann fá bhun Mhám Treasna, amach linn thríd an thas, agus an uaigneas agus síos le fán go gcasamuid ar an mbealach do'n … Tír Sheogheach, mar oiltí, agus mar oiltear. mhóra chnámhacha, agus sgoláirí sár-chliste eolasacha i n-ilbheurlaibh. Atá féith an fhile an sgeulaidhe, is an teang-eolaidhe 'san duine dobhrónach, do chaoin an bhean-sidhe, “Diarmuidh Donn” ag tuar a imtheacht uainn. Shoran- ó'n mbás ceudna, sé an sladaidhe é! Atámuid ag imtheacht linn le cóir agus ní fada go sroichimid Líonan Chinn Mhara. Cheana atá an cuan go soileur os ár gcomhair. Ag atá an cuan ceudna ar chuantaibh aoibhne, áilne na h-Éireann. Atá fosgadh aige ó na cnocaibh maordha, maiseacha agus ní cháithtear le sioc nó cuaibhthigh é. Ba tig le cabhlach mór snámh ann gan baoghal, cuma ce'n gála do shéidfeadh, bíonn tarraignt ag coigcríochaibh ann. Mór a meas air. Iongantach leo a áilneacht. Acht mo chreach níl long na árthrach Gaedhealach le feiceál ann. Is iomdha cor do tháinic sa saoghal ó'n mbliain úd (1,235) a raibh Aodh Ó Flaithbheartaigh agus Eoghan Ó hÉidín, ag seoladh ar a chrioslach ghorm Fairíor! má sheol féin ní ar mhaith le'n gcáirdibh do chrochadar a gcuid shár-bhréid. Ach cé'n maith do bheith ag á eugcaoineadh sin anois. Ní aon uair amháin do righne Gaedheal feall ar a ghaol agus gar-charaid acht go mion agus go minic. Atámuid ag íoc go daor as an feill-bheartaibh i gcomhnuidhe! B'ait linn bualadh isteach i gceann de na tighthibh agus seanchus do bheith againn le seanchaidhe éigin, fa chúrsaibh an t-saoghail, nó caideis chur air fá'n mbualadh do bhíodh idir clannaibh annseo tráth. Ní fios dúinn an cuimhneach le muinntir na h-áite .i. Ruaidhrí Ó Cath… treun-fhear a chinidh. File darbh ainm Seán Mac Conamara as an gcomhursanacht annseo do ag a mholadh uair, agus adubhairt. “Thógfá bratach Éireann, 'Gus le feidhm do chaithfeá í Is dá gcuirtí c'róin ríogh Sheumas ort Cia d'éileochadh do bhaint díot.” File eile den cheantar adubhairt “go mbfearr aon t-sliogán amháin, ná an méid cainnte sgaoil Domhnall Ó Conaill riamh.” Caislean Bhun Abhann. Ní aithriseochthar ár n-imtheachta ó do fhágaimid Iomaire an Líonáin go ráiniceamar an Cloch Baile deas is eadh an Clochán, mar a gcomhnuidheadar daoine a bhfuil a ndóthain de mhaoin agus de shocamhail an t-saoghail ag a rí-bhfurmhór. … a cheann sin atá cáil air de bhrígh go bhfuil suidheachán aer-theachta 'sa gcomhursanacht. Ach ní indiu nó indé do cuireadh tús ar chlú an cheantair seo. Do thráchtamar cheana ar Dhomhnall an Chogaidh. Do chuireamar i n-iúil nach raibh a shárú ar a shloinneadh. Is ins an áit seo do bhíodh in a chomhnuidhe. Iomdha sin uair dó féin agus d'á cheithearnaighibh ar sluaigheac ar mhuir is ar thír. Calma, cúmhachtach dóibh i ngach gábhadh. Buadhach dóibh go h-iondual. Cá h-iongna dá bhrígh sin óg-mhná ag coimhlinnt i n-a a thaoibh. Leis an aimsear do thug a chroidhe do óg-mhnaoi ba oirdhearca dá raibh ar Ghaedhealaibh le'n a linn. Dá mba beo dúinn an tráth úd do ba tig linn í d'fheiceál ar bhord luinge a bratach ag follamhain le gaoth, longa as a chéile ar gach taobh di, agus í ag á dtreorú anaghaidh na nGall. Nárbh áluinn an radharc béal taoiseach na mara, ar urlár a soithigh ag deunamh clasach thríd na tonntrachaibh, agus í ag ionnsuighe, ag briseadh, agus ag ruagadh allmhurach ó imeall bhórdaibh a cine is a gaoil. Nach ní fein bainríoghan áluinn do chíos sinn 'sna h-aislingibh do bhíos againn, agus sinn ag brionnglóidigh fá ár máthair Éire. Óir is ionann Éire ann le fada an lá agus Gráinne Ní Mháille, an bhean atá i gceist; an bhean do bhí in a céile ag Domhnall an Chogaidh .i. Domhnall Ua Flaithbheartaigh. Beirt mhac .i. Eoghan agus Murchadh do bhí ar a sliocht.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services