Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Conamara. Túir Mhic Éide

Title
Conamara. Túir Mhic Éide
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Conamara.



le Pádraig Ó Domhnalláin.



Túir Mhic Éide. — (Ar leanamhaint).



Feilméaracht, nó ceardaidheacht, nó iasg-
aireacht go deimhin! Ní fheilfidís sin fir
óga an t-saoghail seo i n-aon chor. Ní mór an
t-iarann do chur sa teine ath-uair agus gach ní
do gheunamh as an nua. Caithfidhear an chloch-bhun
do leagan agus caid ar chaid, agus caid os cionn
dhá chaid do thógáil go cúramach agus go
Gaedhealach. Má dheuntar amhlaidh b'fhéidir dúinn
teach maith do bheith againn leis an aimsear.
Ba gheal le do chroidhe do bheith annseo rith an
t-samhraidh le linn na mac-léighinn do bheith
ann. Cosamhail iad le saith beachan ag diúl ádhbhair
na meala dóibh féin - duine agus leabhar fá'n
a shúilibh aige, óig-bhean mhaiseach ag cur ceisteann
ar a comhursa, fear óg ag sgríobhadh amhráin ar
chlár dubh agus ag a mhúnadh do dhream eile,
sagart ag baint chainnte as seanchaidhe de'n áit,
bráthair ag innseacht sgéil fá Oisín, dochtúir
ag iarraidh faisnéise i dtaobh iasgaireachta an
locha, oide sgoile ag teagasg ceacht Céimseata,
bean mheadhon-aosta agus a croidhe “Bhriste”,
le gramadach, má's fíor di féin. Sin é an áit
a bhfuil an choimhlinnt, - agus ní i gColáiste
Chonnacht amháin do bhíos an choimhlinnt sin acht i
ngach aon choláiste eile dá leithéid ar fud na
h-Éireann. Agus cé'n dochar sin acht an caranas
agus an gheanamhlacht do bhíos ag baint leo uile.
Tabhair fá deara iad tráth bhíos cluiche ar bun,
nó an nuair buailtear amach ar seilg, nó
bádóireacht. Mar adúbhairt Gaedheal as Albain
tráth, clann d'aon mháthar amháin iad. Agus
nach shin é atá uainn? Caranas is grádh do bheith
ag Gaedhealaibh dá chéile, agus a bheith dílis do
gach aon tréith uasail do bhain le Caitlín Ní
hUallacháin; ar máthair do tógáil as amar na
h-aimiléise agus í do chur go gleoidhte in a
grianán ríoghamhail fein arís. Do chuaidh an saoghal
go cruaidh léi leis na cianta. Do bánuigheadh
as teach agus as árus í. Do tugadh síneadh maith
láimhe - agus tugtar fós - dóibh seo d'fheall
uirri. Acht cheana do gheall Dia di do thidheacht
i dtír. Atá sí ag glaodhach ort-sa agus orm-sa
gach a bhfuil aici do thárrthú ó'n ngaduidhe, go
bhfágha sí an bráicín in a bhfuil sí, agus go
gcomhnuidhe sí in a cúirt bhreágh féin ath-uair.



Breathnuigh timcheall ort annseo. Is tig
leat Connacht do thabhairt fá deara. Feuch
siar uait Dúithche Sheoigheach; tír sin na gcnoc
is na bhfear mór. Soir uait an mhágh ar baineadh
deatach as Gallaibh agus iad in a gcosaibh-an-
áirde “ó Chaisleán a' Bharra go Tuaim.” Loch
Measga, Mágh Tuireadh, Loch Coirb agus uait
isteach go Gaillimh ar t-aghaidh. Sean-Olnecmhacht
ársa: “Connacht aoibhinn gan aon Locht” mar
adúbhairt an file.



Dála muinntire na h-áite: is maith féin an
greim do chongbhuidheadar an an nGaedhilg.
Atá sí ar a gcomhairle féin aca. Atáid ar
na cainnteoiribh is binne da bhfuil le fághail.
Atá laoithe agus dánta ar mhullach a chéile aca.
Cá bhfuighfear sárú “An Greusuidhe” - Mac
Uí Dhonnchadha ag aithris laoi nó ag fuagairt
cruaidh-cheisteanna ar lucht léighinn is taistil!




Mór féin an méid d'fhulaingeadar tuilleadh
agus leith-chéad bliain ó shoin. Tráth lobhadh
an cur do tháinic lucht an an-bhruit in a ndo-chum
ag iarraidh iad do mhealladh ón gcasán díreach.
Acht sin a raibh dá bharr aca. D'oibrigh an t-eud
annsin ionnta agus do mhionnuigheadar agus
do mhór-mhóidigheadar go mbainfí sásamh de
lucht an chasáin dírigh. Do ba é an Pluincéadach,
árd-easbog gallda Thuama, tighearna talmhan
an cheanntair. Níor fhág sé muirighin ar éigin gan
caitheamh leath-taobh an bhóthair, do baineadh a gcuid
isa maoin díobh. Níor fagadh sgiolltar aca, do
bhí troid, is bruighean, is clampar ann. Bristí
cloigne agus dhóirtí fuil. Ach do bhuaidh ceart
ar neat fá dheireadh thall. Do tháinic leághadh,
lobhadh agus caonach liath ar na tíoránaghaibh.
D'imthigh lucht riartha an t-súgha le sruth - imtheacht
gan teacht ar ais orra, agus atá an sean-bhunadh go
daingean sa limistéar dá n-aimhdheoin. A
bhuidhe sin le Dia, agus leis na treoraidhthe
maithe do bhí aca. Ceann an bhuird agus tús
onóra do'n Athair Pádraic Ó Maolfhabhail,
an tAthair Pádraig ceudna do bheannaigh uaigh
Toirdhealbhaigh Bh. Mhic Mhághnusa, “méirleacht,”
má's in-chreidte an breugadóir is mó sa domhan
.i. Seán Beadauidhe Buidhe! Níor cheart do
Ghaedhealaibh dearmad de gheunamh ar na taoisighibh
do threasgair is do throid ar a son lá a' lagair.
Tugadh togha conganta do'n Athair Pádraig.
Do bhí fir mhaithe le'n a chúl, fir mar Proinsias
Mór bráthair de ord Naoimh Proinsias, Mac
Uí Mhaoill Ala, agus daoine nach n-iad. Atá
corr-dhuine aca beo fos, acht atá a rí-bhfurmhór
in a gcodladh suain go h-eiseirghe dóibh.



Agus anois tar éis gach ní atá muinntir Shléibhe
Partaigh ar an dream is teolaidhe i nÉirinn.
Atá tighthe teocha ceann-slinne go fairsin
Ann. Atá cur is treabhadh ann. Atá eallach
ar shliabh agus bonn sa sparán aca; agus aghaidh
na h-Éireann orra gach samhradh in a cheann sin.
Acht cébí cé'n socamhail atá aca, agus cé bí
cé'n teugar atá ionnta, níor chóir gan a chothrom
féin do'n bhuidheachas do thabairt do'n Athair
Seumas Ó Corbháin, an sagart paráiste atá
aca le fiche bliain nó níos mó. Níorbh leas-ainm
sliabh do thabhairt air an áit, acht atá bóithre
is comhngar ann anois rud nach raibh nuair tháinic
seisean ann, gan trácht ar bhóthar tugadh do'n
druing do chongbhuigh na Gaedhil fá chois ann.
Fágfaimuid slán aca uile an turas seo agus
má's maith atáid indiu go mba seacht fearra a
bhéas siad ar theacht dúinn arís.



An Líonán.



Siar linn ag casadh, is ag strapadh, is ag
baint as i mbarr na bhfásgaí. D'fheudfá “cnuic”
do rádh leis na máma seo. Feuch uait na
caoirigh bheaga - cosamhail iad le blátha bána,
ag fás annseo is annsúd ar leicnibh na gcnoc.
Sa ngeimhreadh, nuair bhíos an t-síor-bháisteach
ag clagairt gan aiteall bíonn na ceudta eas
ar feadh do shean radhairc. A chruthú sin ar na
domhan-chlaisreachaibh sin atá le feiceál ag
an té do théidheas an bealach. Garg, taghdach
a radas siad iad féin anuas le fánaidh. Ní
monabhar bog, binn a bhí aca, ná crónán
ceolmhar, nó suantraighe, acht torann millteach,
dána, chomh fíochmhar, fraochmhar le aon fhathach
thrí-cheann, thrí-mhuineál do fuair
Éireannaigh riamh.



Gluaisimid tar ghleann in ar deineadh
dúnmharbhadh uathbhasach trath, .i. gleann
fá bhun Mhám Treasna, amach linn thríd an
thas, agus an uaigneas agus síos le fán
go gcasamuid ar an mbealach do'n …
Tír Sheogheach, mar oiltí, agus mar oiltear.
mhóra chnámhacha, agus sgoláirí sár-chliste
eolasacha i n-ilbheurlaibh. Atá féith an fhile
an sgeulaidhe, is an teang-eolaidhe 'san duine
dobhrónach, do chaoin an bhean-sidhe, “Diarmuidh
Donn” ag tuar a imtheacht uainn. Shoran-
ó'n mbás ceudna, sé an sladaidhe é!



Atámuid ag imtheacht linn le cóir agus ní
fada go sroichimid Líonan Chinn Mhara. Cheana
atá an cuan go soileur os ár gcomhair. Ag
atá an cuan ceudna ar chuantaibh aoibhne, áilne
na h-Éireann. Atá fosgadh aige ó na cnocaibh
maordha, maiseacha agus ní cháithtear le sioc
nó cuaibhthigh é. Ba tig le cabhlach mór snámh ann
gan baoghal, cuma ce'n gála do shéidfeadh, bíonn
tarraignt ag coigcríochaibh ann. Mór a meas
air. Iongantach leo a áilneacht. Acht mo chreach
níl long na árthrach Gaedhealach le feiceál ann.
Is iomdha cor do tháinic sa saoghal ó'n mbliain
úd (1,235) a raibh Aodh Ó Flaithbheartaigh agus
Eoghan Ó hÉidín, ag seoladh ar a chrioslach ghorm
Fairíor! má sheol féin ní ar mhaith le'n
gcáirdibh do chrochadar a gcuid shár-bhréid. Ach
cé'n maith do bheith ag á eugcaoineadh sin anois.
Ní aon uair amháin do righne Gaedheal feall
ar a ghaol agus gar-charaid acht go mion agus go minic.
Atámuid ag íoc go daor as an feill-bheartaibh
i gcomhnuidhe!



B'ait linn bualadh isteach i gceann de na
tighthibh agus seanchus do bheith againn le seanchaidhe
éigin, fa chúrsaibh an t-saoghail, nó caideis
chur air fá'n mbualadh do bhíodh idir clannaibh
annseo tráth. Ní fios dúinn an cuimhneach le
muinntir na h-áite .i. Ruaidhrí Ó Cath…
treun-fhear a chinidh. File darbh ainm Seán Mac
Conamara as an gcomhursanacht annseo do
ag a mholadh uair, agus adubhairt.



“Thógfá bratach Éireann,
'Gus le feidhm do chaithfeá í
Is dá gcuirtí c'róin ríogh Sheumas ort
Cia d'éileochadh do bhaint díot.”



File eile den cheantar adubhairt “go mbfearr
aon t-sliogán amháin, ná an méid cainnte
sgaoil Domhnall Ó Conaill riamh.”



Caislean Bhun Abhann.



Ní aithriseochthar ár n-imtheachta ó do fhágaimid
Iomaire an Líonáin go ráiniceamar an Cloch
Baile deas is eadh an Clochán, mar a gcomhnuidheadar
daoine a bhfuil a ndóthain de mhaoin agus de
shocamhail an t-saoghail ag a rí-bhfurmhór. …
a cheann sin atá cáil air de bhrígh go bhfuil
suidheachán aer-theachta 'sa gcomhursanacht. Ach
ní indiu nó indé do cuireadh tús ar chlú an
cheantair seo. Do thráchtamar cheana ar
Dhomhnall an Chogaidh. Do chuireamar i n-iúil
nach raibh a shárú ar a shloinneadh. Is ins an áit
seo do bhíodh in a chomhnuidhe. Iomdha sin uair
dó féin agus d'á cheithearnaighibh ar sluaigheac
ar mhuir is ar thír. Calma, cúmhachtach dóibh i
ngach gábhadh. Buadhach dóibh go h-iondual. Cá
h-iongna dá bhrígh sin óg-mhná ag coimhlinnt i n-a
a thaoibh. Leis an aimsear do thug a chroidhe do
óg-mhnaoi ba oirdhearca dá raibh ar Ghaedhealaibh
le'n a linn. Dá mba beo dúinn an tráth úd
do ba tig linn í d'fheiceál ar bhord luinge
a bratach ag follamhain le gaoth, longa as a
chéile ar gach taobh di, agus í ag á dtreorú anaghaidh
na nGall. Nárbh áluinn an radharc béal
taoiseach na mara, ar urlár a soithigh ag deunamh
clasach thríd na tonntrachaibh, agus í ag ionnsuighe,
ag briseadh, agus ag ruagadh allmhurach ó imeall
bhórdaibh a cine is a gaoil. Nach ní fein
bainríoghan áluinn do chíos sinn 'sna h-aislingibh
do bhíos againn, agus sinn ag brionnglóidigh
fá ár máthair Éire. Óir is ionann Éire ann
le fada an lá agus Gráinne Ní Mháille, an
bhean atá i gceist; an bhean do bhí in a céile
ag Domhnall an Chogaidh .i. Domhnall Ua
Flaithbheartaigh. Beirt mhac .i. Eoghan agus
Murchadh do bhí ar a sliocht.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services