Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éire agus an Ghluaiseacht Impireamhail
Title
Éire agus an Ghluaiseacht Impireamhail
Author(s)
Maine,
Pen Name
Maine
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Éire agus an Ghluaiseacht Impireamhail. Tá gluaiseacht mhór impireamhail ar siubhal anois in gach ríoghacht dá bhfuil fá'n mbratach crosach, mar go bhfuil sean-Shasana i dteannta agus tá gach dream dá bhfuil dílis dí ag brostú chuice le cabhair. Ní baoghal do'n náisiúntacht an impireamhaileacht má tá an náisiúntacht láidir, ach deineann sí cos ar bolg ar náisiúntacht chomh luath is eéirigheann níos laidre ná í. An dian-ghluaiseacht impireamhail atá anois ar siubhal ní hiongnadh linn go bhfuil sí Gallda nó neamh-Ghaedhealach. Na daoine atá ag pléidhe léi muna Gaill iad féin, táid go léir Gallda. Tá a lan acu muintearach le náisiúntacht Ghaedheal, b'fhéidir, ach chomh luath is a thosuighid ar teagasg impireamhail a thabhairt uatha bíd chomh Gallda leis na Gaill féin: Béarla ghá labhairt aca; fuagráin is foilleáin is duilleóga Béarla gha sgapadh aca; leabhra Béarla agus páipéir Bhéarla ghá léigheadh aca; clú Shasan ghá chur i n-áirde aca sa tír seo; bréaga chomh maith le fírinne ghá chur i n-iúil aca; agus iad ar mhaithe le hÉirinn! Nílim ag iarraidh cur i gcéill nár cheart dúinn i nÉirinn cuidiú le Sasana 'sa gcogadh so, ná a mhalairt. Is cuma nó duine easlán ag éirthe as mór-thinneas do Éire fá láthair. Ní sí ach ag teacht chuice féin, agus b'fhéidir go gcuirfeadh corrú mór as dí agus go ndéanfadh sé dochar mór di, go díreach mar a chuirfeadh biadh láidir nó dighe a bheadh ró-bhríoghmhar nó saothar dian an duine lag ar gcúl. Ní hionann ár gcás-na is cás na Frainnce; níl sé le léigheadh i bpáipéaraibh na Frainnce; ní teagasgthóirí Sasanach atá ag brostú muinntire na Fraingce chun troda; níl impireamhaileacht Shasana ghá moladh do mhuinntir na Fraingce. Tá Austria agus an Ungáir ag troid guala ar ghualainn ar an taobh eile. Má tá féin níl an Ghearmáinis i n-uachtar san Ungáir. Ní hionann sgéal dúinne, agus is baoghal dúinn an ghluaiseacht impireamhail atá anois ar siubhal. Caithfidh na Gaedhilgeoirí Éire do chosaint ar an mbaoghal soin. Caithfimid an neart do dhlúthú agus do chur le chéile agus saothar do dhéanamh ar son Éireann thar mar ba ghnáthach linn. Bíodh an ceart ag Sasana sa gcogadh so nó ná bíodh, bíodh sé de dhualgas orainn cuidiú le Sasana sa gcogadh seo nó ná bíodh, sé an Béarla an teanga atá ag marbhú na Gaedhilge, agus 'sé an Galldachas námha an Ghaedhealachais. Bhí daille míofhortúnach éigin orainn le céad bliain anuas a chuir amú sinn i gcúrsaíbh oideachais. Tá an daille céadna fós ar ár súilibh, agus taobh amuich de'n obair a rinne daoine a brostuigheadh ag an gConnradh níl pioc déanta ag lucht oideachais do'n Ghaedhilg. Sé an Connradh crann cosanta na Gaedhilge fós agus is baoghalach, de réir gach cosamhlachta, gur fada go mbídh aon chrann eile ann le n-a cosaint. Ní bhíonn meas ar rud muna rud mór é, ach is mó againn páiste atá ina Ghaedhilgeoir ná Béarlóir ina cheann ar an bpobul. Is mór an rud an tráth so de shaoghal Éireann rang Gaedhilge, dá laghad é. Is mór an rud teaghlach amháin a choinnigheann an Ghaedhilg i n-uachtar. Nílmid gan neart ar an sgéal. Is beag ball nach dtiocfadh linn rang beag Gaedhilge do chur ar bun, nó rang chun stair na hÉireann do theagasg. Is féidir linn má bhrostuighimid, an Ghaedhilg do choinneál beo agus dúthchas náisiúntach do choimeád os comhair na ndaoine. Ná bímís droch-mhisneamhail. Ná téighimís in éadóchas. Claodhamaois le n-ár n-oideachas dúthchais agus le n-ár nGaedhilg féin. Is mór an t-adhbhar misnigh dúinn í, muna mbeadh fágtha again di ach na sean-fhocla. “Níor chaill fear an mhisnigh ariamh é.” “Ní breagacht a ghníons brochán ach min.” “Níl gaoth nach séidean do dhuine éigin.” Tá gaoth bheag ag séideadh dúinne fá láthair. Tógamaois ár seolta, i n-ainm Dé, agus bímís ag gluaiseacht. Maine.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services