Éire agus an Ghluaiseacht Impireamhail.
Tá gluaiseacht mhór impireamhail ar siubhal anois in gach ríoghacht dá bhfuil
fá'n mbratach crosach, mar go bhfuil sean-Shasana i dteannta agus tá gach
dream dá bhfuil dílis dí ag brostú chuice le cabhair. Ní baoghal do'n náisiúntacht
an impireamhaileacht má tá an náisiúntacht láidir, ach deineann sí cos ar bolg
ar náisiúntacht chomh luath is eéirigheann níos laidre ná í. An dian-ghluaiseacht
impireamhail atá anois ar siubhal ní hiongnadh linn go bhfuil sí Gallda nó
neamh-Ghaedhealach. Na daoine atá ag pléidhe léi muna Gaill iad féin, táid
go léir Gallda. Tá a lan acu muintearach le náisiúntacht Ghaedheal, b'fhéidir,
ach chomh luath is a thosuighid ar teagasg impireamhail a thabhairt uatha bíd chomh
Gallda leis na Gaill féin: Béarla ghá labhairt aca; fuagráin is foilleáin
is duilleóga Béarla gha sgapadh aca; leabhra Béarla agus páipéir Bhéarla ghá
léigheadh aca; clú Shasan ghá chur i n-áirde aca sa tír seo; bréaga chomh maith
le fírinne ghá chur i n-iúil aca; agus iad ar mhaithe le hÉirinn! Nílim ag
iarraidh cur i gcéill nár cheart dúinn i nÉirinn cuidiú le Sasana 'sa gcogadh so,
ná a mhalairt. Is cuma nó duine easlán ag éirthe as mór-thinneas do Éire fá
láthair. Ní sí ach ag teacht chuice féin, agus b'fhéidir go gcuirfeadh corrú
mór as dí agus go ndéanfadh sé dochar mór di, go díreach mar a chuirfeadh biadh
láidir nó dighe a bheadh ró-bhríoghmhar nó saothar dian an duine lag ar gcúl. Ní
hionann ár gcás-na is cás na Frainnce; níl sé le léigheadh i bpáipéaraibh na Frainnce; ní
teagasgthóirí Sasanach atá ag brostú muinntire na Fraingce chun troda; níl
impireamhaileacht Shasana ghá moladh do mhuinntir na Fraingce. Tá Austria agus
an Ungáir ag troid guala ar ghualainn ar an taobh eile. Má tá féin níl an
Ghearmáinis i n-uachtar san Ungáir. Ní hionann sgéal dúinne, agus
is baoghal dúinn an ghluaiseacht impireamhail atá anois ar siubhal. Caithfidh na
Gaedhilgeoirí Éire do chosaint ar an mbaoghal soin. Caithfimid an neart do
dhlúthú agus do chur le chéile agus saothar do dhéanamh ar son Éireann thar mar
ba ghnáthach linn. Bíodh an ceart ag Sasana sa gcogadh so nó ná bíodh, bíodh sé
de dhualgas orainn cuidiú le Sasana sa gcogadh seo nó ná bíodh, sé an Béarla
an teanga atá ag marbhú na Gaedhilge, agus 'sé an Galldachas námha an
Ghaedhealachais. Bhí daille míofhortúnach éigin orainn le céad bliain anuas a chuir
amú sinn i gcúrsaíbh oideachais. Tá an daille céadna fós ar ár súilibh, agus
taobh amuich de'n obair a rinne daoine a brostuigheadh ag an gConnradh níl pioc
déanta ag lucht oideachais do'n Ghaedhilg. Sé an Connradh crann cosanta na
Gaedhilge fós agus is baoghalach, de réir gach cosamhlachta, gur fada go mbídh
aon chrann eile ann le n-a cosaint.
Ní bhíonn meas ar rud muna rud mór é, ach is mó againn páiste atá ina
Ghaedhilgeoir ná Béarlóir ina cheann ar an bpobul. Is mór an rud an tráth so
de shaoghal Éireann rang Gaedhilge, dá laghad é. Is mór an rud teaghlach amháin
a choinnigheann an Ghaedhilg i n-uachtar. Nílmid gan neart ar an sgéal. Is beag
ball nach dtiocfadh linn rang beag Gaedhilge do chur ar bun, nó rang chun stair
na hÉireann do theagasg. Is féidir linn má bhrostuighimid, an Ghaedhilg do
choinneál beo agus dúthchas náisiúntach do choimeád os comhair na ndaoine.
Ná bímís droch-mhisneamhail. Ná téighimís in éadóchas. Claodhamaois le n-ár
n-oideachas dúthchais agus le n-ár nGaedhilg féin. Is mór an t-adhbhar misnigh
dúinn í, muna mbeadh fágtha again di ach na sean-fhocla. “Níor chaill fear
an mhisnigh ariamh é.” “Ní breagacht a ghníons brochán ach min.” “Níl gaoth nach
séidean do dhuine éigin.” Tá gaoth bheag ag séideadh dúinne fá láthair.
Tógamaois ár seolta, i n-ainm Dé, agus bímís ag gluaiseacht.
Maine.