Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Conamara. Cnuic agus Sléibhte
Title
Conamara. Cnuic agus Sléibhte
Author(s)
Ó Domhnalláin, Pádraig,
Composition Date
1915
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Conamara. le Pádraig Ó Domhnalláin. Cnuic agus Sléibhte. “Is mór an tír shliabh í seo,” ar tusa. D'fheudfá do rádh. Atáid annseo ar mhullach a chéile, sléibhte indiaidh sléibhte. Acht fan ort go mbuailimid siar Dúighche Sheoigheach thart leis an Líonán: go mbainimid na Beanna Beola amach! Chífear sléibhte agus gleannta agus easa ar an turas sin do chuirfeadh aoibhneas ar do chroidhe. Tig leat do bheith ag strapadóireacht go ceann coighcíse orra má's mian leat. Acht ní mór dhuit do bheith aireach nó bfhéidir dhuit tuitim de phlimp agus mion- sprúdáin do gheunamh as do chnámhaibh fá bhun na n-ailltreacha. Ní dheuna sé cúis duit miabhán do bheith i do cheann ar a mullaighibh. Cuireann sin i gcuimhne dúinn gur ab iongantach agus gur ab aisteach an ní an domhan seo againn-ne. Atá uisge go fairsing ann. Atá taltaí ann — más ceart dom taltaí do thabhairt orra, agus ní'l le fághail orra acht an leac-oidhre róighte. Atá taltaí ann abhfad níos teocha agus níos fuaire ná a chéile. Atá taltaí ann agus baintear trí bháirr ar a laghad 'sa mbliain dhíobh. Atá aghaidh gaoithe agus cúl le grian ag áiteachaibh seachas a chéile. Bíonn forbhais agus coillte agus rosa i rannaibh — ní bhíonn acht gaineamh shéidhte i gcodannaibh eile. Do gheobhfair sléibhte agus cnuic na mílte troigh ar aoirde i gceann- trachaibh — ní bhfuighfir acht mágha agus machairí i limistéaraibh eile. Bíonn ailltreacha móra doimhne ós cionn fairrge annseo. Sgeitheann an mhuir thar bhruach annsúd. Bíonn toir agus crith- talmhanna ar thíorthaibh thar a chéile. Bíonn díle i reugúnaibh eile — agus ríoghachta eile gan bhraon ar éigin; i gcruthamhnas dhuit go mbíonn an saoghal i gcomhnuidhe 'gomhnuidhe ag obair, ag casadh is ag síor-chasadh ag meilt is ag sír- mheilt; go mbíonn sé ag cur thar maol is ag súghadh is ag slugadh go mbíonn sé ag borradh is ag lobhadh; go mbíonn ríoghachta úra ag meudu. is seanríoghta ag meathadh is ag dul i léig. Nach iongantach agus nach aisteach é? Nach ann dó bhí an brúchtaighil tráth chaith an domhan na cnuic úd ós comhair amach as a bhruinn? Nach ann do bhí an dóghadh? Nach ann do bhí an torann is an gleo? Nach ann do bhí an reubadh agus an sgoilteadh? Acht mo chuimhne cá fhaid de ó shoin ó do bhí an ropadh is an ragarnaighil sin ann? Cé innseóchas seanchus na breithe sin dúinn? Cé arbh iad na cinidheacha do tháinig ar an saoghal ó shoin? Céard do chuireadar d'á lámhaibh. Sin chugat obair, a Cháimín, má' atá obair ag tasdáil uait. Ná h-abruigheadh duine ar bith go bhfuil ceal oibre air agus an méid sin le saothrú go fóill?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services